Clár LIFE+

Maoiníonn an clár LIFE+ tionscadail ar son fhorbairt agus chur i bhfeidhm beartais agus dlíthe a bhaineann leis an chomhshaol. Éascaíonn an clár seo go háirithe le saincheisteanna an chomhshaoil a chomhtháthú i mbeartais eile agus cuireann sé go ginearálta leis an fhorbairt inbhuanaithe. Cuireadh an clár LIFE+ in ionad roinnt ionstraimí airgeadais ar son an chomhshaoil agus an chláir LIFE a tháinig roimhe.

ACHT

Rialachán (CE) Uimh. 614/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Bealtaine 2007 maidir leis an Ionstraim Airgeadais don Chomhshaol (LIFE+)

ACHOIMRE

Mar is léir óna ainm, tá an clár LIFE+ ag leanúint ar an chlár LIFE a seoladh sa bhliain 1992. Díreach mar a réamhtheachtach, cómhaoiníonn LIFE+ tionscadail ar son an chomhshaoil san Aontas Eorpach (AE) agus i dtíortha áirithe eile (tíortha is iarrthóirí le haontachas san AE iad, tíortha an CSTE atá ina mball den Ghníomhaireacht Eorpach um an Chomhshaol, tíortha na mBalcán Thiar atá sa Phróiseas Cobhsaíochta agus Comhlachais). Féadann eagraíochtaí nó institiúidí idir phoiblí agus phríobháideacha tionscadail a chur isteach ar mhaoiniú.

Na trí chomhpháirt théamacha

Tá trí chomhpháirt sa chlár LIFE+:

In Iarscríbhinn II den Rialachán seo tá clár straitéiseach ilbhliantúil a léiríonn na réimsí a bhfuil tosaíocht gníomhaíochta acu.

Fad ama agus buiséad

Tá buiséad EUR 2 143.409 milliún ag LIFE+ don tréimhse ó 1 Eanáir 2007 go 31 Nollaig 2013.

Roghnú na dtionscadal

Cuireann an Coimisiún gairm tograí amach gach bliain a chuireann san áireamh an clár straitéiseach ilbhliantúil leagtha amach in Iarscríbhinn II agus tosaíochtaí náisiúnta ar bith a cuireadh chuige. Cinneann an Coimisiún cé hiad na tionscadail, i measc iad siúd a cuireadh isteach dó, a mbeidh tacaíocht airgeadais LIFE+ acu agus foilsíonn sé liosta na dtionscadal seo go rialta.

Critéir na hintofachta

Caithfidh gach tionscadal a mhaoineofar na critéir seo a leanas a chomhlíonadh:

Cineálacha idirghabhála

Tá cineálacha éagsúla maoiniú ar fáil ón Chomhphobal:

Clárú

Úsáidtear 78 % ar a laghad d’acmhainní LIFE+ le deontais gníomhaíochta a dheonú ar na tionscadail. Déanann cómhaoiniú na ndeontas gníomhaíochta 50 % ar a mhéad de chostas inúsáidte; mar sin féin, maidir le tionscadail ar son cosaint na ngnáthóg nó na speiceas ar tosaíocht iad, féadann LIFE+ suas le 75 % den chostas a mhaoiniú. 50 % ar a laghad den mhaoin le haghaidh deontas gníomhaíochta do na tionscadail, tá sé in áirithe do chaomhnú an dúlra agus na bithéagsúlachta. Ina theannta sin, tá 15 % ar a laghad den mhaoin le haghaidh deontas gníomhaíochta in áirithe do thionscadail thrasnáisiúnta.

Caithfidh an Coimisiún na tionscadail chómhaoinithe a roinnt i gcomhréir. Cinneann sé ar na gar-rannta bliantúla do na tréimhsí 2007–2010 agus 2010–2013, bunaithe ar líon iomlán agus tiús an daonra i ngach Ballstát agus ar fhairsinge na gceantar i ngach Ballstát a bhfuil tábhacht iontu don Chomhphobal agus méid an limistéir i ngach Ballstát atá faoi cheantar tábhachtach don Chomhphobal. D’fheadfaí maoin bhreise a dheonú do Bhallstáit thalamhiata.

An chomhlántacht idir ionstraimí airgeadais

Ní mhaoiníonn LIFE+ na bearta a chomhlíonann critéir de chuid ionstraimí airgeadais eile an Chomhphobail nó a bhfuil tacaíocht acu uathu, bíodh ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, ó Chiste Sóisialta na hEorpa, ón Chiste Comhtháthaithe, ó Chiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe, ón Chreatchlár um Nuálaíocht agus Iomaíocht, ón Chiste Eorpach Iascaigh nó ón seachtú creatchlár um thaighde, um fhorbairt theicneolaíoch agus taispeántas.

Monatóireacht agus seiceáil

Seiceálann an Coimisiún na maoinithe, déanann sé monatóireacht ar chur i bhfeidhm na dtionscadal agus, más gá, baineann se ar ais airgead ar bith a fuarthas go mícheart, agus cuireann sé i bhfeidhm na gníomhaíochtaí maoinithe.

Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú leath-thréimhseach ar LIFE+ an 30 Meán Fómhair 2010 an seal is moille.

Comhthéacs

Tá LIFE+ ann in ionad roinnt clár airgeadais atá ann cheana (an clár LIFE, an clár comhair ar son forbairt inbhuanaithe i dtimpeallachtaí uirbeacha, an clár a chuireann chun cinn na heagraíochtaí neamhrialtasacha agus Forest Focus ) chun iad a chur le chéile faoi fhoireann amháin rialacha agus nósanna imeachta cinnte agus chun iad a dhíriú ar mhodh níos comhsheasmhaí agus mar sin chun gníomhaíocht an Chomhphobail a dhéanamh níos éifeachtaí. Na maoinithe a tiomnaíodh faoi na cláir seo sular tháinig LIFE+ i bhfeidhm, leanfaidh siad ar aghaidh faoi na rialacha céanna go dtí go mbeidh siad críochnaithe.

Tagairtí

Acht

Teacht i bhfeidhm — dáta éaga

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil

Rialachán (CE) Uimh. 614/2007

12.6.2007–31.12.2013

IO L 149, 9.6.2007

ACHTANNA GAOLMHARA

Communication from the Commission to the European Parliament and the Council of 30 September 2010 — Mid-term review of the LIFE+ Regulation [COM(2010) 516 final — Not published in the Official Journal] (Teachtaireacht ón Choimisiún do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle an 30 Meán Fómhair 2010, dar teideal “Athbhreithniú leath-thréimhseach ar an Rialachán LIFE+” [COM(2010) 516 críochnaitheach — Neamhfhoilsithe san Iris Oifigiúil])

See also

Nuashonrú is déanaí: 07.12.2010