Cosaint do sheirbhísí íocaíochta leictreonaí i gcoinne píoráideachta

ACHOIMRE AR:

Cosaint dhlíthiúil do sheirbhísí bunaithe ar rochtain choinníollach, nó ina gcuimsítear, rochtain choinníollach – Treoir 98/84/CE

ACHOIMRE

CAD A DHÉANTAR SA TREOIR?

Is é is cuspóir leis an treoir seo cosaint dhlíthiúil a thabhairt do sheirbhísí bunaithe ar rochtain choinníollach (i.e. rochtain i gcomaoin síntiúis)

Féachtar inti le seirbhísí íocaíochta leictreonaí a chosaint i gcoinne píoráideachta.

Cuirtear cosc léi ar gach gníomhaíocht tráchtála lena mbaineann monarú, dáileadh nó margú cártaí cliste (cártaí plaisteacha le micreaphróiseálaithe nó micrishliseanna ionsuite) agus gléasanna eile trínar féidir dul thar rochtain chosanta ar an teilifís, raidió agus ar sheirbhísí íocaíochta ar an Idirlíon.

PRÍOMHPHOINTÍ

Raon

Cumhdaítear sa treoir gach seirbhís a sholáthraítear ar bhonn rochtain choinníollach, amhail seirbhísí íocaíochta-teilifíse agus íocaíochta-raidió, seirbhísí físe agus closamhairc ar éileamh, foilsitheoireacht leictreonach agus raon mór seirbhísí ar líne atá ar fáil don phobal ar bhonn síntiúis nó íoc-de-réir-amhairc.

Gníomhaíochtaí aindleathacha

Ní mór do gach tír AE dlíthe a thabhairt isteach chun cosc a chur ar na nithe seo a leanas:

táirgeadh, allmhairiú, díol, cíos nó seilbh ar mhaithe le brabús tráchtála trealamh neamhdhleathach nó bogearraí neamhdhleathacha lena mbítear in ann rochtain neamhúdaraithe a fháil ar sheirbhís chosanta;

trealamh neamhdhleathach a shuiteáil, a sheirbhísiú nó a athsholáthar ar mhaithe le brabús tráchtála a dhéanamh;

fógraíocht a dhéanann poiblíocht ar threalaimh nó ar bhogearraí neamhdhleathacha.

Pionóis agus bearta ceartaitheacha

Ní mór do gach tír AE a áirithiú go ndéanann sé bearta a achtú:

chun smachtbhannaí a thabhairt isteach atá éifeachtach, athchomhairleach agus comhréireach le tionchar féideartha an iompair neamhdhleathaigh;

lena áirithiú gur féidir le soláthraithe seirbhísí a raibh tionchar díobhálach ag iompar neamhdhleathach orthu dul chun cúirte chun damáistí agus urghaire a lorg agus, nuair is iomchuí, iarratas a dhéanamh chun gléasanna neamhdhleathacha a urghabháil.

Prionsabail a bhaineann leis an margadh inmheánach

Ní shrianfaidh tíortha AE iad seo a leanas:

soláthar seirbhísí cosanta, nó seirbhísí gaolmhara, a bhfuil a mbunús i dtíortha eile san AE;

saorghluaiseacht gléasanna um rochtain choinníollach, cé is moite de na gléasanna sin atá ainmnithe mar chinn aindleathacha leis an treoir (i.e. aon trealamh nó bogearraí atá deartha nó curtha in oiriúint chun rochtain a thabhairt ar sheirbhís chosanta i bhfoirm intuigthe gan údarú an tsoláthraí seirbhíse).

Coinbhinsiún Chomhairle na hEorpa

In 2015, d'fhaomh Comhairle an Aontais Eorpaigh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, Coinbhinsiún Chomhairle na hEorpa maidir le cosaint dhlíthiúil seirbhísí bunaithe ar, nó ina gcuimsítear, rochtain choinníollach, a tháinig i bhfeidhm in 2003. Toisc gur shínigh AE an Coinbhinsiún gach seans go spreagfaidh sé sin comhaltaí eile de Chomhairle na hEorpa é a dhaingniú. Leathnódh sé sin feidhmiú na rialacha cosúil leo siúd i dTreoir 98/84/CE níos faide ná teorainneacha an AE, agus ar an gcaoi sin chruthófaí dlí maidir le seirbhísí bunaithe ar rochtain choinníollach a bheadh infheidhme ar fud mhór-roinn na hEorpa ar fad.

CÚLRA

Cosaint Dhlíthiúil do sheirbhísí rochtana coinníollaí

GNÍOMH

Treoir 98/84/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Samhain 1998 maidir le cosaint dhlíthiúil do sheirbhísí bunaithe ar, nó ina gcuimsítear, rochtain choinníollach. (IO L 320, 28.11.1998, lgh. 54–57)

GNÍOMHARTHA GAOLMHARA

Cinneadh 2014/243/AE ón gComhairle an 14 Aibreán 2014 maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an Choinbhinsiúin Eorpaigh maidir le cosaint dhlíthiúil seirbhísí bunaithe ar, nó ina gcuimsítear, rochtain choinníollach. (IO L 128, an 30 Aibreán 2014, lch. 61)

Cinneadh (AE) 2015/1293 ón gComhairle an 20 Iúil 2015 maidir le cur i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an Choinbhinsiúin Eorpaigh maidir le cosaint dhlíthiúil do sheirbhísí bunaithe ar rochtain choinníollach, nó ina gcuimsítear, rochtain choinníollach (IO L 199, 29.7.2015, lgh. 3–5)

Tuarascáil ón gCoimisiún chuig an gComhairle, Parlaimint na hEorpa, Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Coiste na Réigiún - An Dara Tuarascáil maidir le cur chun feidhme Threoir 98/84/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Samhain 1998 maidir le cosaint dhlíthiúil seirbhísí bunaithe ar, agus ina gcuimsítear, rochtain choinníollach (COM(2008) 593 deiridh an 30 Meán Fómhair 2008)

Maidir le cosaint dlíthiúil seirbhísí íocaíochta leictreonaí - Tuarascáil ón gCoimisiún chuig an gComhairle, Parlaimint na hEorpa agus Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le cur chun feidhme Threoir 98/84/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Samhain 1998 maidir le cosaint dhlíthiúil seirbhísí bunaithe ar, agus ina gcuimsítear, rochtain choinníollach (COM(2003) 198 deiridh an 24 Aibreán 2003)

Nuashonraithe 26.10.2015