Rialú státchabhrach san Aontas Eorpach (AE): saincheist thábhachtach iomaíochais

ACHOIMRE AR:

Rialachán (CE) Uimh 659/1999 ón gComhairle - rialacha sonracha maidir le cur chun feidhme Airteagal 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (státchabhair)

ACHOIMRE

Faoin gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) toirmisctear státchabhair ach amháin sa chás go mbíonn údar maith léi ar chúiseanna forbartha eacnamaíche ginearálta. Tá an Coimisiún Eorpach freagrach as a chinntiú go gcloíonn státchabhair le rialacha AE

Chun a chinntiú nach mbíonn gnóthais sa mhargadh inmheánach AE in ann leas a bhaint as buntáistí roghnacha a shaobhann iomaíochas, cuirtear cosc, mar riail ghinearálta, ar an státchabhair. I gcásanna áirithe, áfach, bíonn an idirghabháil stáit riachtanach chun cliseadh margaidh a chúiteamh. Cinntíonn an Coimisiún go gcloítear leis na rialacha sin agus go gcuirtear díolúintí i bhfeidhm go cothrom ar fud AE. Tá na nósanna imeachta leagtha síos i Rialachán (CE) Uimh. 659/1999 ón gComhairle agus i ngníomhartha leasaitheacha agus i mbearta cur chun feidhme an rialacháin.

Na scéimeanna éagsúla cabhrach ar a ndéanann an Coimisiún scrúdú

Mar riail ghinearálta, bíonn ar na Ballstáit AE an Coimisiún a chur ar an eolas faoibhearta cabhrach nua sula gcuirtear i bhfeidhm iad. Bíonn orthu an fhaisnéis ar fad a chur ar fáil i bhfoirm fógra a theastódh ón gCoimisiún chun cinneadh a dhéanamh.

Bíonn ar an gCoimisiún scrúdú a dhéanamh freisin ar an bhfaisnéis a sheoltar chuige faoi chabhair neamhdhleathach líomhnaithe, .i. cabhair a chuirtear ar fáil gan údarú a fháil roimh ré. Má bhíonn bunús maith leis an líomhain, cuireann an Coimisiún tús le réamhimscrúdú, mar a dhéantar i gcás cabhrach arna cur in iúl.

Déanann an Coimisiún athbhreithniú freisin ar scéimeanna cabhrach reatha lena chinntiú go bhfuil siad comhoiriúnach go fóill leis an margadh inmheánach.

Réamhscrúdú

Nuair a sheoltar fógra chuig an Choimisiún, spreagtar réamhimscrúdú. Bíonn dhá mhí ag an gCoimisiún, ón uair a ghlactar le fógra comhlánaithe, chun cinneadh a dhéanamh faoi na nithe seo a leanas:

nach cabhair í de réir bhrí na rialacha AE; nó

go bhfuil an chabhair comhoiriúnach le rialacha AE, toisc go mbaineann níos mó tionchar dearfach léi ná saobhtaí ar an iomaíochas; nó

go bhfuil amhras tromchúiseach ann faoi chomhoiriúnacht an bhirt le rialacha státchabhrach.

Is féidir an beart a chur i bhfeidhm láithreach san dá chéad chás, ach bíonn ar an gCoimisiún tús a chur le nós imeachta mionsonraithe imscrúdaithe sa chás eile.

Nós imeachta imscrúdaithe foirmiúil

Seoltar an cinneadh chun tús a chur leis an nós imeachta seo chuig an mBallstát AE ábhartha. Cuirtear bunús fíorasach agus dlíthiúil an imscrúdaithe ar fáil ann, réamh-mheasúnú an Choimisiúin san áireamh. Bíonn mí amháin ag Ballstáit AE agus ag tríú páirtithe a bhfuil suim acu ann chun a gcuid barúlacha a chur isteach. Tugtar cuireadh freisin don Bhallstát AE lena mbaineann barúil a thabhairt i dtaobh thuairimí na bpáirtithe leasmhara.

Cinneadh deiridh

Glacann an Coimisiún le cinneadh deiridh ag deireadh an imscrúdaithe fhoirmiúil. Trí thoradh a d’fhéadfadh a bheith i gceist:

cinneadh dearfach (.i. ní státchabhair an beart nó tá an státchabhair comhoiriúnach leis an margadh inmheánach);

cinneadh coinníollach (is beart comhoiriúnach é, ach cuirtear i bhfeidhm é de réir coinníollacha áirithe);

cinneadh diúltach (is beart neamhchomhoiriúnach é nach féidir a chur i bhfeidhm).

Is féidir an cás a dhúnadh freisin má tharraingíonn an Ballstát AE an fógra siar.

Cabhair a aisghabháil

Má dhéanann an Coimisiún cinneadh diúltach maidir le cabhair a íocadh amach cheana féin, bíonn ar an mBallstát AE an chabhair (móide ús) a aisghabháil ón tairbhí de ghnáth. Mura gcloíonn an Ballstát AE leis an gcinneadh in am trátha, féadfaidh an Coimisiún an cás a chur ar aghaidh chuig an gCúirt Bhreithiúnais Eorpach (CBE).

Is í an uasteorainn ama chun cabhair a aisghabháil ná deich mbliana.

GNÍOMH

Rialachán (CE) Uimh. 659/1999 ón gComhairle an 22 Márta 1999 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le hAirteagal 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm

REFERENCES

Gníomh

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Ofigiúil an Aontais Eorpaigh

Rialachán (EC) No 659/1999

16.4.1999

-

IO L 83, 27.3.1999, lgh. 1-9

Gníomh leasaitheach/gníomhartha leasaitheacha

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Ofigiúil an Aontais Eorpaigh

Rialachán (AE) No 734/2013

20.8.2013

-

IO L 204, 31.7.2013, lgh. 15-22

Ionchorpraíodh leasuithe agus ceartúcháin ina dhiaidh sin ar Rialachán (CE) Uimh. 659/1999 sa bhuntéacs. Is chun críocha faisnéise atá an leagan comhdhlúite seo amháin.

GNÍOMHARTHA GAOLMHARA

Gníomhartha cur chun feidhme

Rialachán (CE) Uimh. 794/2004 ón gCoimisiún an 21 Aibreán 2004 lena gcuirtear i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 659/1999 ón gComhairle lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le hAirteagal 93 de Chonradh AE a chur i bhfeidhm (IO L 140, 30.4.2004, lgh. 1-134)

Rialachán (AE) Uimh. 372/2014 ón gCoimisiún an 9 Aibreán 2014 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 794/2004 maidir le teorainneacha ama áirithe a ríomh, le láimhseáil gearán, agus le faisnéis rúnda a aithint agus a chosaint (IO L 109, 12.4.2014, lgh. 14-22)

Fógra ón gCoimisiún

Fógra ón gCoimisiún maidir le nós imeachta simplithe chun déileáil le cineálacha áirithe státchabhrach (IO C 136, 16.6.2009, lgh. 3-12)

Nuashonraithe 21.09.2015