Cumaisc thrasteorann ar chuideachtaí faoi dhliteanas teoranta

ACHOIMRE AR:

Treoir 2005/56/CE – cumaisc thrasteorann ar chuideachtaí faoi dhliteanas teoranta

ACHOIMRE

CAD A DHÉANTAR SA TREOIR?

Éascaítear inti cumaisc thrasteorann ar chuideachtaí faoi dhliteanas teoranta* in AE.

PRÍOMHPHOINTÍ

Maidir le raon feidhme, cumhdaítear sa treoir gach cuideachta faoi dhliteanas teoranta a fhoirmítear faoi dhlí tír AE agus a bhfuil a n-oifig chláraithe nó a bpríomháit ghnó in AE, ar an gcoinníoll go bhfuil dhá cheann díobh ar a laghad á rialú ag dlí tíortha AE éagsúla. Tá cineálacha áirithe cuideachtaí eisiata amhail gnóthais le haghaidh comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe (UCITS), nó cistí frithpháirteacha.

Leagtar síos sa treoir na nósanna imeachta maidir le cumaisc thrasteorann, lena n-áirítear:

Ní mór do gach tír AE údarás a ainmniú atá inniúil chun deimhniú réamh-chumaisc a eisiúint ina ndeimhnítear gur cuireadh na foirmiúlachtaí réamh-chumaisc i gcrích i gceart agus chun dlíthiúlacht an chumaisc a tharlóidh dá bharr a sheiceáil.

Cinnfidh dlí thír AE lena rialaítear an chuideachta chumaiscthe dá bharr sin dáta theacht i bhfeidhm an chumaisc. Ní mór do chlárlann* na cuideachta cumaiscthe dá bharr sin fógra a thabhairt gan mhoill do chlárlanna na gcuideachtaí eile lena mbaineann go bhfuil an cumasc trasteorann i bhfeidhm.

Áirítear i measc iarmhairtí an chumaisc thrasteorann:

Maidir le cearta rannpháirtíochta fostaithe, is é an prionsabal ginearálta go mbeidh feidhm leis an dlí náisiúnta lena rialaítear an chuideachta a bheidh ann ón gcumasc trasteorann.

Mar eisceacht ar an bprionsabal ginearálta sin, beidh feidhm leis na prionsabail agus leis na nósanna imeachta atá an-ghar dóibh sin a bhaineann le rannpháirtíocht fostaithe leagtha síos sa Reacht um Chuideachta Eorpach ar an gcoinníoll go gcomhlíontar coinníollacha sonraithe. Áirítear leis na coinníollacha sin, mar shampla, go mbeidh meánlíon fostaithe ag ceann de na cuideachtaí cumaisc ar a laghad níos mó ná 500 agus í ag feidhmiú faoi chóras rannpháirtíochta fostaithe.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

Tháinig sí i bhfeidhm an 15 Nollaig 2005. B’éigean do thíortha AE é a ionchorprú sa dlí náisiúnta faoin 15 Nollaig 2007.

CÚLRA

Dlí cuideachtaí AE

PRÍOMHTHÉARMAÍ

* Is é Cuideachta faoi dhliteanas teoranta ceann nach féidir le comhaltaí na cuideachta a bheith faoi dhliteanas pearsanta maidir le fiachais nó dliteanais na cuideachta.

* Clár a thagraíonn don chomhlacht náisiúnta, e.g. clár na gcuideachtaí, áit a n-iarrtar ar gach ceann de na cuideachtaí cumaiscthe doiciméid a chomhdú.

GNÍOMH

Treoir 2005/56/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2005 maidir le cumaisc thrasteorann ar chuideachtaí faoi dhliteanas teoranta (IO L 310, 25.11.2005, lgh. 1-9)

Ionchorpraíodh na leasuithe comhleanúnacha ar Threoir (CE) Uimh. 2005/56/CE sa bhuntéacs. Úsáidtear an leagan comhdhlúite seo le haghaidh doiciméadúcháin amháin.

Nuashonraithe 26.01.2016