Cearta cíosa, cearta iasachta agus cearta áirithe eile a bhaineann le cóipcheart sa réimse maoine intleachtúla

Comhchuibhítear faoin rialachán seo an staid dhlíthiúil maidir leis an cheart cíosa agus an cheart iasachta, agus maidir le cearta gaolmhara eile, chun leibhéal cosanta níos fearr a sholáthar do mhaoin litearthachta agus do mhaoin ealaíne. Éilítear ar Bhallstáit an Aontais Eorpaigh (AE) dlíthe a bheith curtha i bhfeidhm acu maidir leis an cheart chun cíos agus iasachtú bunchóipeanna agus cóipeanna d’oibreacha cóipchirt a údarú nó a thoirmeasc. Leagtar amach sa rialachán cé ag a bhfuil na cearta sin mar aon le nósanna imeachta áirithe maidir le forfheidhmiú na gceart.

ACHT

Treoir 2006/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 maidir leis an gceart cíosa agus an gceart iasachta agus maidir le cearta áirithe a bhaineann le cóipcheart sa réimse maoine intleachtúla (leagan códaithe).

ACHOIMRE

Ní mór go gcuirfí dlíthe i bhfeidhm i mBallstáit AE lena dtugtar an ceart chun cíos agus iasachtú bunchóipeanna agus cóipeanna d’oibreacha cóipchirt a údarú nó a thoirmeasc.

Úinéirí na gceart

Is iad sealbhóirí na gceart cíosa agus iasachta ná na húdair, lena n-áirítear príomhstiúrthóirí scannán, taibheoirí, léiritheoirí fónagram nó léiritheoirí scannán. Rialaítear aistriú chearta na dtaibheoirí scannán le rialacha speisialta.

Deireadh a chur le cearta nó cearta a aistriú

Nuair a dhéanann údar nó taibheoir a cheart cíosa a aistriú nó a shannadh a bhaineann le fónagram, le bunchóip scannáin nó le cóip scannáin, forchoimeádann an t-údar nó an taibheoir an ceart chun íocaíocht chothrom a fháil le haghaidh cíosa. Ní féidir an ceart seo a tharscaoileadh. Is féidir riaradh an chirt a tharmligean do chumainn bhailithe dleachtanna, áfach, a dhéanann ionadaíocht d’údair nó d’ealaíontóirí taibhiúcháin.

Maolú ar an cheart iasachta

Féadfaidh Ballstáit AE maolú ar an cheart eisiach iasachta, ar an choinníoll go bhfaigheann údair íocaíocht as iasacht dá leithéid. Is féidir le gach Ballstát AE a íocaíocht féin a leagadh amach, agus a chuspóirí um chur chun cinn an chultúir á gcur san áireamh.

Cearta tadhlacha cóipchirt

Maidir le cearta a bhaineann le cóipcheart, ní mór go gcinnteodh Ballstáit AE go dtabharfaí cearta eisiacha fosaithe do thaibheoirí agus d’eagraíochtaí craoltóireachta. Ní mór go gcinnteodh Ballstáit AE go mbeadh ceart eisiach craoltóireachta agus taispeána don phobal ag taibheoirí i leith a gcuid léirithe beo. Bíonn taibheoirí agus léiritheoirí fónagraim i dteideal íocaíocht a fháil má chraoltar fónagram arna fhoilsiú chun críocha tráchtála, nó ma thaispeántar don phobal é. Tá an ceart eisiach ag eagraíochtaí craoltóireachta athchraolachán a gcraoltaí a údarú nó a chosc, mar aon le craoltaí a thaispeáint don phobal in áiteanna poiblí má íoctar as táille iontrála.

Ní mór go gcinnteodh Ballstáit AE go mbeadh ceart eisiach ag taibheoirí, ag léiritheoirí fónagram, ag léiritheoirí chéad fhosuithe na scannán agus ag eagraíochtaí craoltóireachta a chur ar fáil don phobal, le díol nó ar bhealach eile, fosuithe a gcuid léirithe, a gcuid fónagram, bunchóipeanna scannán agus cóipeanna scannán agus fosuithe a gcuid craoltaí. Tagann deireadh leis an cheart dáileacháin seo laistigh den AE nuair a dhíolann an sealbhóir cirt na hoibiachtaí seo den chéad uair nó nuair a dhíoltar iad le toiliú an tsealbhóra.

Féadfaidh Ballstáit AE foráil a dhéanamh do theorainneacha ar chearta gaolmhara a bhaineann le húsáid phríobháideach, le húsáid sleachta gearra nó le húsáidí áirithe eile.

Níor cheart go gcuirfí isteach ar chosaint cóipchirt mar gheall ar chearta a bhaineann le cóipcheart a chosaint faoin rialachán.

TAGAIRTÍ

Acht

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil

Treoir 2006/115/CE

16.1.2007

1.7.1994 le haghaidh forálacha 92/100/CEE (aisghairthe) 30.6.1995 le haghaidh forálacha na Treorach 93/98/CEE (aisghairthe) 21.12.2002 le haghaidh forálacha na Treorach 2001/29/CE (aisghairthe)

IO L 376, 27.12.2006, lgh. 28-35

ACHTANNA GAOLMHARA

Treoir 2014/26/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le comhbhainistiú cóipchirt agus ceart gaolmhar agus ceadúnú ilchríochach ceart i saothair cheoil le haghaidh úsáidí ar líne sa mhargadh inmheánach [IO L 84, 20.3.2014, lgh. 72-98].

Féachtar leis an treoir seo a chur ar chumas soláthraithe seirbhíse ar líne ceadúnais a fháil le haghaidh seirbhísí ceoil trasteorann ó chumainn bhailithe dleachtanna a fheidhmíonn ar fud an AE. Chomh maith leis sin, ba cheart go gcuirfeadh an treoir le trédhearcacht agus le héifeachtúlacht níos fearr maidir le feidhmiú eagraíochtaí um chomhbhainistiú cóipcheart.

Nuashonrú is déanaí: 16.06.2014