Aireagáin Bhiteicneolaíocha: cosaint dlí
ACHOIMRE AR:
Threoir 98/44/CE — cosaint dlí aireagán biteicneolaíoch
ACHOIMRE
CAD A DHÉANTAR SA TREOIR?
Déantar dlíthe náisiúnta na bpaitinní maidir le haireagáin bhiteicneolaíocha a chomhchuibhiú léi.
Sonraítear na haireagáin sin inti is féidir a phaitinniú ar fhorais eiticiúla agus iad siúd nach féidir.
PRÍOMHPHOINTÍ
-
Is féidir na haireagáin a bhaineann le táirge ina gcuimsítear, nó ina bhfuil, ábhar bitheolaíoch* nó próiseas do tháirgeadh ábhair bhitheolaíoch dá leithéid a phaitinniú má tá siad úr, má bhaineann siad le céim airgtheach agus más féidir iad a chur i bhfeidhm go tionsclaíoch.
-
Ní féidir iad seo a leanas a phaitinniú:
-
cineálacha plandaí agus ainmhithe;
-
próisis bhitheolaíocha* go bunúsach chun plandaí agus ainmhithe a tháirgeadh;
-
corp an duine ag na céimeanna éagsúla a chruthaithe agus a fhorbartha.
-
D’fhéadfadh gné atá aonraithe ó chorp an duine nó a táirgeadh trí phróiseas teicniúil a bheith ina haireagán inphaitinnithe, áfach.
-
Ní féidir aireagáin a phaitinniú sa chás go mbeadh a dtráchtálú mímhorálta nó i gcoinne an oird phoiblí. Go sonrach, ní féidir iad seo a leanas a phaitinniú:
-
próisis chun daoine a chlónáil;
-
próisis lena ndéantar céannacht ghéiniteach gheirmlíne an duine a mhodhnú;
-
úsáid suthanna daonna chun críocha tionsclaíocha nó tráchtála;
-
próisis a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le hangar d’ainmhithe agus a gcéannacht ghéiniteach á mhodhnú.
-
Síneann an chosaint a thugtar le paitinn freisin go dtí ábhar bitheolaíoch ar bith a thagann as an mbunábhar bitheolaíoch.
-
Sa chás nach féidir le póraitheoir plandaí cineál planda a úsáid gan paitinn a shárú, féadfaidh siad iarratas a dhéanamh ar cheadúnas éigeantach d’úsáid neamheisiach an aireagáin, faoi réir ríchíos iomchuí a íoc.
-
Déanann an Grúpa Eorpach um Eitic san Eolaíocht agus sna Nuatheicneolaíochtaí measúnú ar ghnéithe eiticiúla uile na biteicneolaíochta.
In 2012, bhunaigh an Coimisiún Eorpach grúpa saineolaithe chun imscrúdú a dhéanamh ar fhorbairt theicniúil agus impleachtaí dhlí na bpaitinní sa réimse biteicneolaíochta agus innealtóireachta géinití. Cuidíonn an grúpa leis an gCoimisiún lena oibleagáidí tuairiscithe faoi Threoir 98/44/CE.
CATHAIN A BHEIDH FEIDHM AG AN TREOIR?
Cuireadh an treoir i bhfeidhm an 30 Iúil 1998. Bhí sí le corprú ag tíortha AE sa dlí náisiúnta faoin 30 Iúil 2000. Sa lá atá inniu ann, tá na rialacha curtha i bhfeidhm sa reachtaíocht i ngach tír AE.
CÚLRA
Cosaint aireagán biteicneolaíoch
PRÍOMHTHÉARMAÍ
* Ábhar bitheolaíoch: ábhar ar bith ina bhfuil faisnéis ghéiniteach agus atá ábalta é féin a atáirgeadh nó is féidir a atáirgeadh i gcóras bitheolaíoch.
* Próiseas bitheolaíoch: tá próiseas le haghaidh plandaí agus ainmhithe a tháirgeadh ina phróiseas bitheolaíoch go bunúsach má tá sé cuimsithe go hiomlán d’fheiniméain nádúrtha amhail crosáil nó roghnú.
GNÍOMH
Treoir 98/44/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Iúil 1998 maidir le cosaint dlí aireagán biteicneolaíocha (IO L 213, 30.7.1998, lgh. 13-21)
Nuashonraithe 21.03.2016