Cuideachtaí poiblí teoranta ón tír AE chéanna a dheighilt
ACHOIMRE AR:
Treoir 82/891/CEE – cuideachtaí poiblí faoi dhliteanas teoranta sa tír AE chéanna a dheighilt
ACHOIMRE
CÉARD A DHÉANANN AN TREOIR SEO?
Pléitear sa treoir seo (an séú treoir maidir le dlí na gcuideachtaí) le cuideachtaí poiblí faoi dhliteanas teoranta* sa tír AE chéanna a dheighilt. Cumhdaíonn an treoir cosaint do scairshealbhóirí, do chreidiúnaithe agus d’fhostaithe.
PRÍOMHPHOINTÍ
Pléitear sa treoir leis na bealaí difriúla inar féidir cuideachtaí a dheighilt.
Maidir le deighilt trí éadáil agus deighilt trí chuideachta nua a chur ar bun, áireofar le dréacht-théarmaí na deighilte, a chuirtear le chéile ag an mbord riaracháin nó bainistíochta, faisnéis shonrach, lena n-áirítear:
— |
cineál, ainm agus oifig chláraithe na gcuideachtaí;
|
— |
an cóimheas malartaithe scaireanna (líon na scaireanna nua a fhaigheann scairshealbhóirí reatha de chuideachta a ceannaíodh nó a cumascadh le cuideachta eile nuair a dhéanann siad a mbunscaireanna a thabhairt suas);
|
— |
téarmaí a bhaineann le scaireanna a leithdháileadh;
|
— |
na cearta a bhronntar ag an gcuideachta fála;
|
— |
an dáta óna bhfaighidh scairshealbhóirí cuid de na brabúis.
|
Ní mór cead a fháil ar a laghad ag cruinniú ginearálta na gcuideachtaí rannpháirteacha le haghaidh na deighilte.
Déanfaidh comhlachtaí riaracháin nó bainistíochta na gcuideachtaí atá rannpháirteach sa deighilt tuarascáil mhionsonraithe scríofa a dhréachtú ina míneofar dréacht-théarmaí na deighilte, lena n-áirítear na cúiseanna dlíthiúla agus eacnamaíocha atá leo.
Déanann saineolaithe neamhspleácha scrúdú ar dhréacht-théarmaí na deighilte agus déanann siad tuarascáil scríofa a chur le chéile a sheoltar chuig na scairshealbhóirí. Tá cead ag na scairshealbhóirí iniúchadh a dhéanamh ar na doiciméid ábhartha, lena n-áirítear dréacht-théarmaí na deighilte agus cuntais bhliantúla na gcuideachtaí lena mbaineann. Tá an cead acu freisin cóipeanna de na doiciméid a fháil ar iarratas.
Is gá do na tíortha AE creidiúnaithe na gcuideachtaí lena mbaineann a chosaint. Mar shampla, is féidir le tíortha AE foráil a dhéanamh do dhliteanas i gcomhpháirt agus go leithleach ag na cuideachtaí is faighteoirí as oibleagáidí na cuideachta atá á deighilt.
Is féidir le húdarás breithiúnach (e,g. cúirt) maoirseacht a dhéanamh freisin ar dheighilt cuideachtaí. Ar an gcoinníoll nach ndéantar dochar do na scairshealbhóirí ná creidiúnaithe, is féidir leis an údarás breithiúnach sin na cuideachtaí lena mbaineann a eisiamh ó rialacha áirithe a chur i bhfeidhm, rialacha atá infheidhme de ghnáth maidir le deighiltí trí éadáil nó trí chuideachtaí nua a chur ar bun.
CATHAIN A BHEIDH FEIDHM AG AN TREOIR SEO?
Cuireadh an treoir i bhfeidhm an 31 Nollaig 1982. Bhí ar thíortha AE an treoir a ionchorprú ina ndlí náisiúnta faoin 1 Eanáir 1986.
CÚLRA
Dlí na gcuideachtaí ar láithreán Gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh.
EOCHAIRTHÉARMAÍ
*Iscuideachta phoiblí theorantaann ná cuideachta a chuir scaireanna ar fáil don phobal i gcoitinne agus a bhfuil dliteanas teoranta ag a scairshealbhóirí, dliteanas nach mbaineann de ghnáth ach leis an méid a íocadh as na scaireanna.
GNÍOMH
An Séú Treoir ón gComhairle 82/891/CEE an 17 Nollaig 1982 bunaithe ar Airteagal 54(3)(g) den Chonradh, maidir le cuideachtaí poiblí faoi dhliteanas teoranta a dheighilt (IO L 378, 31.12.1982, lgh. 47-54)
Ionchorpraíodh sa bhuntéacs leasuithe i ndiaidh a chéile ar Threoir 82/891/CEE. Is chun críocha doiciméadúcháin amháin an leagan comhdhlúite seo.
Nuashonraithe 11.11.2015