Coinníollacha cóineasaithe eacnamaíoch chun dul isteach sa limistéar Euro - Tuarascáil ar Chóineasú, 2014

ACHOIMRE AR:

Tuarascáil ar Chóineasú, 2014 - COM(2014) 326 final

ACHOIMRE

Tuairiscíonn an Coimisiún do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir leis an dul chun cinn atá déanta ag tíortha AE nach bhfuil i limistéar an euro go fóill (i.e. tíortha atá ag baint tairbhe as “maolú”) maidir leis an méid atá siad ag comhlíonadh na gcoinníollacha chun dul isteach san airgeadra aonair. Is é tátal an Choimisiúin go gcomhlíonann an Liotuáin na coinníollacha sin.

CAD A DHÉANTAR SA TUARASCÁIL AR CHÓINEASÚ, 2014?

Déantar measúnú inti ar a ullmhacht atá 8 dtír de chuid an AE - an Bhulgáir, Poblacht na Seice, an Chróit, an Liotuáin, an Ungáir, an Pholainn, an Rómáin agus an tSualainn - chun dul isteach i limistéar an euro. Rinneadh Tuarascáil an Choimisiúin i gcomhthráth leis an Tuarascáil ar Chóineasú ón mBanc Ceannais Eorpach (BCE), mar chuid de ghnáth-thimthriall measúnaithe rialta 2 bhliain.

Tá gach tír AE, seachas an Ríocht Aontaithe agus an Danmhairg, tar éis ceangaltas a chur orthu féin de réir an Chonartha an euro a ghlacadh nuair a bheidh na coinníollacha riachtanacha comhlíonta acu. Bhí 18 dtír AE i limistéar an euro cheana féin tráth an tuairiscithe. Dá bhrí sin, fágadh 8 dtír chun measúnú a dhéanamh orthu.

Trí leas a bhaint as na critéir um chóineasú, féachtar sa Tuarascáil ar a mhéid atá céim ard de chóineasú inbhuanaithe bainte amach ag na 8 dtír sin. Baineann na critéir leis na nithe seo a leanas:

cobhsaíocht praghsanna*

staid an airgeadais phoiblí*

cobhsaíocht an ráta malairte*

cóineasú rátaí fadtéarmacha úis*.

Cuirtear tosca breise (e.g. comhardú íocaíochtaí agus lánpháirtiú na margaí) san áireamh freisin le linn an mheasúnaithe seo. Cinntear leo sin cibé acu an bhfuil cóineasú tíre ar leith inbhuanaithe nó nach bhfuil agus cibé acu an mbeadh nó nach mbeadh sé éasca ar an tír dul isteach i limistéar an euro.

Déantar measúnú freisin sa tuarascáil ar a mhéid atá an reachtaíocht maidir le cúrsaí airgeadaíochta sna tíortha AE sin ag cloí le forálacha na gConarthaí AE maidir leis an Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta.

PRÍOMHPHOINTÍ

Is iad seo a leanas tátail na Tuarascála ar Chóineasú, 2014:

Comhlíonann an Liotuáin na coinníollacha ar fad chun an euro a ghlacadh. Tá céim ard de chóineasú inbhuanaithe bainte amach ag a geilleagar siúd le geilleagar limistéar an euro agus tá an reachtaíocht maidir le cúrsaí airgeadaíochta ann go hiomlán comhoiriúnach le reachtaíocht AE. Ar an gcúis sin, molann an Coimisiún go nglacfaidh Comhairle AE cinneadh go nglacfaidh an Liotuáin an euro an 1 Eanáir 2015.

I gcás na 7 dtír AE eile (is iad sin an Bhulgáir, Poblacht na Seice, an Chróit, an Ungáir, an Pholainn, an Rómáin agus an tSualainn), ní chomhlíonann siad na critéir ar fad chun an euro a ghlacadh. Féachfar arís orthu i gceann 2 bhliain eile.

Comhlíonadh na gcritéar um chóineasú i gcás na 8 dtír

Boilsciú: Ba é 0.6 % meánráta boilscithe na Liotuáine i dtréimhse 12 mhí an athbhreithnithe (ar tháinig deireadh leis in Aibreán 2014), i bhfad faoi bhun an luacha tagartha, socraithe ag 1.7 % agus réamh-mheastar go bhfanfaidh sé mar sin sna míonna amach romhainn. Comhlíonann gach tír ar féachadh orthu, cé is moite den Rómáin, an critéar maidir le cobhsaíocht praghsanna.

Airgeadas poiblí: Níl an Liotuáin faoi réir nós imeachta maidir le heasnamh iomarcach (EDP). Comhlíonann an Bhulgáir, an Ungáir, an Rómáin agus an tSualainn an critéar seo freisin. Tá Poblacht na Seice ar an mbóthar ceart chun é a chomhlíonadh, dá mba rud é go socródh an Chomhairle deireadh a chur leis an EDP ina haghaidh mar atá molta ag an gCoimisiún. Tá an Chróit agus an Pholainn faoi réir EDP go fóill agus, ar an ábhar sin, ní chomhlíonann siad an critéar seo.

Cobhsaíocht an ráta malairte: ní ghlacann ach an Liotuáin amháin páirt i meicníocht Eorpach an ráta malairte (MRM II). I rith tréimhse thagartha 2 bhliain, ní raibh aon teannas le brath ar an litas (airgead na Liotuáine) ná níor imigh sé ó ráta lárnach MRM II. Ní chomhlíonann ceann ar bith de na tíortha eile an critéar seo, toisc nach nglacann siad páirt in MRM II.

Rátaí fadtéarmacha úis: ba é 3.6 % an ráta fadtéarmach úis sa Liotuáin sa tréimhse bliana dar chríoch Aibreán 2014, agus is ísle i bhfad an ráta sin ná luach tagartha 6.2 %. Chomhlíon na tíortha eile an critéar seo freisin.

Ba cheart a thabhairt faoi deara ó glacadh leis an Tuarascáil ar Chóineasú, go ndeachaigh an Liotuáin isteach i limistéar an euro an 1 Eanáir 2015, rud a fhágann gur 19 dtír ar fad atá ann anois.

CÚLRA

De réir Airteagal 140 (1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), eisíonn an Coimisiún Eorpach agus an Banc Ceannais Eorpach tuarascálacha ar chóineasú gach 2 bhliain, nó níos minice ná sin má iarrtar tír ar mian léi dul isteach i limistéar an euro a leithéid. Is iad na tuarascálacha sin is bunús leis an cinneadh cibé acu an féidir le tír dul isteach i limistéar an euro nó nach féidir.

PRÍOMHTHÉARMAÍ

*Cobhsaíocht praghsanna: ní mór don tír méid inbhuanaithe cobhsaíochta praghsanna a léiriú, mar aon le meánráta boilscithe, arna bhreathnú thar thréimhse bliana roimh an scrúdú, nach dtéann níos airde ná 1.5 pointe céatadáin os cionn meánráta na 3 thír is feidhmiúla in AE maidir le cobhsaíocht praghsanna.

*Staid an airgeadais phoiblí: ní bheidh an tír faoi réir cinnidh ón gComhairle go bhfuil easnamh iomarcach buiséadach ann.

*Cobhsaíocht an ráta malairte: ní mór don tír na gnáthlamhálacha luaineachta dá bhforáiltear sa mheicníocht rátaí malairte a urramú gan ghéartheannais i rith an 2 bhliain ar a laghad roimh an scrúdú.

*Cóineasú rátaí fadtéarmacha úis: ní mór ráta ainmniúil fadtéarmach úis bheith sa tír nach dtéann níos mó ná 2 phointe céatadáin os cionn ráta na 3 thír is feidhmiúla in AE maidir le cobhsaíocht praghsanna.

GNÍOMH

Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle: Tuarascáil ar Chóineasú, 2014 (arna hullmhú i gcomhréir le hAirteagal 140(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh) (COM(2014) 326 final an 4 Meitheamh 2014)

GNÍOMHARTHA GAOLMHARA

An Banc Ceannais Eorpach: Tuarascáil ar Chóineasú, Meitheamh 2014

Cinneadh 2014/509/AE ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir leis an euro a ghlacadh sa Liotuáin an 1 Eanáir 2015 (IO L 228, 31.7.2014, lgh. 29-32)

Rialachán (AE) Uimh. 827/2014 ón gComhairle an 23 Iúil 2014 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 974/98 maidir le tabhairt isteach an euro sa Liotuáin (IO L 228, 31.7.2014, lgh. 3-4)

Rialachán (AE) Uimh. 851/2014 ón gComhairle an 23 Iúil 2014 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2866/98 maidir leis an ráta comhshó don euro don Liotuáin (IO L 233, 6.8.2014, lch. 21)

Nuashonraithe 06.10.2015