Cúlchistí íosta

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (CE) Uimh. 2531/98 maidir le cur i bhfeidhm na gcúlchistí íosta ag an mBanc Ceannais Eorpach

Rialachán (AE) 2021/378 maidir le cur i bhfeidhm na gceanglas maidir le cúlchistí íosta (athmhúnlú) (BCE/2021/1)

CAD IS AIDHM LEIS NA RIALACHÁIN?

Bunaítear leis na rialacháin cúlchiste íosta* an Eurochórais agus creat dó agus leagtar síos leis sealbhú cúlchistí íosta ag insititiúidí creidmheasa* agus a mbrainsí sa limistéar euro.

Rialaítear leo gach gné ábhartha, idir an cóimheas cúlchiste iarbhír a chinneadh, agus cothabháil agus luach saothair na gcúlchistí íosta agus tuairisciú agus deimhniú ábhartha sonraí. Déantar foráil iontu freisin maidir le díolúintí ó cheanglais maidir le cúlchistí íosta agus maidir leis an gcumhacht smachtbhannaí a fhorchur.

PRÍOMHPHOINTÍ

Cinntear le Rialachán (CE) Uimh. 2531/98 ón gComhairle bunús agus cóimheasa na gcúlchistí íosta agus bunaítear leis ceart an Bhainc Cheannais Eorpaigh (BCE) chun faisnéis is gá chun na cúlchistí íosta a chur i bhfeidhm a bhailiú agus a dheimhniú. Cuirtear ar chumas an BCE leis chomh maith smachtbhannaí a fhorchur ar institiúid i leith neamhchomhlíonadh ceanglas tuairiscithe staidrimh nó i leith mainneachtain cúlchistí íosta leordhóthanacha a shealbhú.

Rialaítear le Rialachán (AE) 2021/378 na sealúchais cúlchistí íosta agus soláthraítear leis na foirmlí atá le húsáid ag na hinstitiúidí creidmheasa sa limistéar euro chun na cúlchistí íosta atá le sealbhú i gcuntais cúlchiste euro lena mbainc cheannais náisiúnta (BCEnna) i mBallstáit AE a ríomh.

Foilsíonn an BCE liosta de na hinstitiúidí atá faoi réir cheanglais an Eurochórais, maidir le cúlchiste íosta, ar a shuíomh gréasáin. Tá na hinstitiúidí a ndearnadh a n–údarú a tharraingt siar nó a shéanadh agus na hinstitiúidí atá faoi réir imeachtaí foirceanta díolmhaithe ó na ceanglais maidir le cúlchiste íosta. Féadfar tuilleadh díolúintí a dheonú d’institiúidí:

Ríomhann institiúidí creidmheasa an limistéir euro atá faoi réir na gceanglas maidir le cúlchiste íosta a mbonn cúlchiste* féin (mura ndéanann na BCEnna é sin) ag baint úsáid as a bhfaisnéis staidrimh maidir le taiscí agus urrúis fiachais arna n–eisiúint. Féadfaidh siad a gcuid cúlchistí íosta a shealbhú go hindíreach trí idirghabhálaí a bhfuil cónaí orthu sa Bhallstát céanna, atá faoi réir ceanglas maidir le cúlchistí íosta agus a chuireann cúraimí riaracháin áirithe i gcrích de ghnáth.

Tugann na BCEnna fógra do na hinstitiúidí creidmheasa faoi na cúlchistí íosta ba chóir dóibh a shealbhú (má ríomhann an BCE iad) nó admhaíonn siad na cúlchistí íosta arna ríomh ag na hinstitiúidí iad féin.

Íocann siad luach saothair shealúchais na gcúlchistí íosta chomh maith de réir na foirmle atá leagtha síos le Rialachán (AE) 2021/378 agus tá an ceart acu cruinneas agus cáilíocht na faisnéise ar an mbonn cúlchiste a sholáthraíonn na hinstitiúidí a dheimhniú.

Bíonn rialacha sonracha i gceist sna cásanna seo a leanas:

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA RIALACHÁN?

CÚLRA

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Cúlchistí íosta: an méid cistí nach mór do bhanc a shealbhú ina chuntais chúlchistí leis an mbanc ceannais náisiúnta ábhartha.
Institiúid creidmheasa: gnóthas a fhaigheann taiscí nó cistí inaisíoctha eile ón bpobal chun creidmheas a dheonú.
Bonn cúlchiste: an tsuim dliteanas incháilithe a úsáidtear chun cúlchistí institiúide a ríomh.
Tréimhse cothabhála: an tréimhse ina ndéantar comhlíonadh na gceanglas maidir le cúlchiste íosta a mheas.

PRÍOMHDHOICIMÉID

Rialachán (CE) Uimh. 2531/98 ón gComhairle an 23 Samhain 1998 maidir le cur i bhfeidhm na gcúlchistí íosta ag an mBanc Ceannais Eorpach (IO L 318, 27.11.1998, lgh. 1-3)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (CE) Uimh. 2531/98 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Rialachán (AE) 2021/378 ón mBanc Ceannais Eorpach an 22 Eanáir 2021 maidir le cur i bhfeidhm na gceanglas maidir le cúlchistí íosta (athmhúnlú) (BCE/2021/1) (IO L 73, 3.3.2021, lgh. 1-15)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh – Prótacal (Uimh. 4) maidir le Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Cheannais Eorpaigh (IO C 202, 7.6.2016, lgh. 230-250)

Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n–aisghairtear Treoir 2006/48/CE agus Treoir 2006/49/CE (IO L 176, 27.6.2013, lgh. 338-436)

Féach an leagan comhdhlúite

Rialachán (CE) Uimh. 2532/98 ón gComhairle an 23 Samhain 1998 maidir le cumhachtaí an Bhainc Cheannais Eorpaigh smachtbhannaí a fhorchur (IO L 318, 27.11.1998, lgh. 4-7)

Féach an leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 02.07.2021