Bailiú sonraí eacnamaíocha agus airgeadaíochta an Bhainc Cheannais Eorpaigh

ACHOIMRE AR:

Rialachán (AE) Uimh. 2533/98 – faisnéis staidrimh do bhailiú ag an mBanc Ceannais Eorpach

ACHOIMRE

Bailíonn an Banc Ceannais Eorpach (BCE) raon cuimsitheach sonraí ar fhorbairtí eacnamaíocha agus airgeadaíochta san Aontas Eorpach (AE). Faigheann sé cúnamh leis an tasc seo a dhéanamh ó bhainc cheannais náisiúnta thíortha AE.

CAD A DHÉANTAR SA RIALACHÁN?

Tugtar cumhacht leis do BCE an fhaisnéis staidrimh is gá chun tascanna an Chórais Eorpaigh Bhainc Cheannais (CEBC) a dhéanamh. Tá ceart BCE faisnéis staidrimh a bhailiú teoranta don daonra tuairiscithe tagartha*.

Leagtar amach cumhachtaí BCE ann chun ceanglais tuairiscithe staidrimh an daonra tuairiscithe tagartha a shainiú.

In 2015, leasaíodh an rialachán chun go mbeifí ábalta faisnéis staidrimh rúnda a tharchur idir an CEBC agus údaráis eile AE nó a thíortha a bhfuil an freagracht orthu as maoirseacht a dhéanamh ar institiúidí airgeadais, margaí, bonneagar nó cobhsaíocht an chórais airgeadais. Lena chois sin, féadfaidh an CEBC faisnéis staidrimh rúnda a tharchur chuig an Sásra Cobhsaíochta Eorpach. Mar sin féin, tá tarchur sonraí ar bith faoi leasú 2015 teoranta go dtí an méid is gá don údarás nó comhlacht glactha chun a thascanna a dhéanamh.

PRÍOMHPHOINTÍ

Féachann BCE leis an ualach tuairiscithe a íoslaghdú trí úsáid a bhaint as acmhainní a mhéid is féidir. Cuireann sé na caighdeáin staitistiúla ábhartha AE agus idirnáisiúnta san áireamh chomh maith.

Oibríonn BCE go dlúth leis an gCóras Staidrimh Eorpach (CSE), ina gcuimsítear oifig staidrimh AE (Eurostat) agus institiúidí staidrimh náisiúnta thíortha AE.

Prionsabail

Agus staitisticí á bhforbairt, á dtáirgeadh nó á scaipeadh, tá CEBC rialaithe le prionsabail um:

Oibleagáidí thíortha AE

Tá tíortha AE freagrach as iad féin a eagrú sa réimse staitisticí d’fhonn comhoibriú leis an CEBC.

Cineálacha faisnéise a bhailítear

Go sonrach cumhdaítear an méid seo a leanas sna sonraí a bhailítear:

Ceart fíorúcháin

Má mheastar go ndearna gníomhaire tuairiscithe* i dtír an limistéir euro a cheanglais tuairiscithe a shárú, féadfaidh BCE agus an banc ceannais náisiúnta cruinneas na faisnéise staidrimh a fhíorú, nó a bhailiúchán éigeantach a dhéanamh.

Ní mór do BCE nó do bhanc ceannais náisiúnta na tíre lena mbaineann a chinneadh a chur in iúl don ghníomhaire tuairiscithe maidir leis na staitisticí a chuireann siad ar fáil a sheiceáil nó a bhailiúchán éigeantach a dhéanamh. Má théann gníomhaire i gcoinne an phróisis fhíorúcháin, ní mór don tír ina bhfuil siad lonnaithe an cúnamh riachtanach a thabhairt, lena n-áirítear rochtain ar an áitreabh ag BCE nó ag banc ceannais náisiúnta a chinntiú. Ní bhaineann na forálacha sin ach le tíortha an limistéir euro.

Smachtbhannaí

D’fhéadfadh sé go mbeadh gníomhairí tuairiscithe nach gcloíonn leis na ceanglais tuairiscithe staitistiúil faoi réir fíneálacha a fhorchuireann BCE. Is é raon na bpionós, íocaíocht laethúil nach mó ná EUR 10 000 suas go dtí fíneálacha EUR 200 000. Ceanglaítear ar BCE gníomhú de réir na bprionsabal agus na nósanna imeachta atá leagtha amach i Rialachán (CE) Uimh. 2532/98 maidir le-cumhacht BCE chun smachtbhannaí a fhorchur.

Rúndacht

Meastar go bhfuil faisnéis staidrimh rúnda nuair atá sé gráinneach go leor do ghníomhairí tuairiscithe agus aonáin nó daoine nádúrtha nó comhlachtaí ar bith atá le haithint, go díreach (m.sh. óna n-ainm, seoladh nó cód aitheantais a leithdháileadh go hoifigiúil), nó go neamhdhíreach trí thátal.

Ní mór na húsáidí staitistiúla agus riaracháin a d’fhéadfaí a bhaint as na sonraí a chuir na gníomhairí tuairiscithe ar fáil a chur in iúl dóibh. Más ábhartha, is féidir leo faisnéis a fháil ar an mbonn dlíthiúil um tharchur agus ar na mbearta cosanta a glacadh.

Ní mór do CEBC faisnéis staidrimh rúnda a úsáid go heisiach chun a thascanna a dhéanamh, ach amháin:

Ní mór do BCE, do na bainc cheannais náisiúnta agus do thíortha AE na bearta riachtanacha uile a dhéanamh chun cosaint na faisnéise staidrimh rúnda a chinntiú.

PRÍOMHTHÉARMAÍ

* An daonra tuairiscithe tagartha: cuimsítear ann den chuid is mó bainc cheannais, institiúidí eile i dtíortha AE (seachas cuideachtaí árachais agus cistí pinsin) institiúidí postoifige*, agus daoine dlíthiúla agus nádúrtha a bhfuil cónaí orthu i dtír an limistéir euro agus a rinne idirbhearta trasteorann, nó a d’eisigh urrúis* nó airgead leictreonach*. Is féidir leo siúd ar fad bheith ina ngníomhairí tuairiscithe faoi cheanglais tuairiscithe staitistiúil BCE.

* Gníomhairí tuairiscithe: faoi cheanglais tuairiscithe BCE, is féidir leis an daonra tuairiscithe tagartha seo ar fad bheith ina ngníomhairí tuairiscithe (.i. tá ceangal orthu tuairisciú a dhéanamh) ag brath ar na cúinsí.

* Institiúidí gíoró postoifge: is leis an earnáil “corparáidí neamh-airgeadais” iad seo agus, chomh maith le seirbhísí poist a sholáthar, faigheann siad taiscí ó chónaitheoirí limistéar an euro atá le hinstitiúidí airgeadais neamh-airgeadaíochta d’fhonn seirbhís aistrithe airgid a chur ar fáil dá dtaisceoirí;

* Urrúis: ionstraimí airgeadais, amhail scaireanna agus bannaí rialtais cuideachtaí, a eisítear chun cistí a thiomsú don eisitheoir de ghnáth.

* Airgead leictreonach: airgead atá i gcóras baincéireachta ach nach bhfuil i bhfoirm fhisiceach. Ní chuimsítear nótaí agus boinn ach i gcodán den soláthar iomlán airgid thirim.

GNÍOMH

Rialachán (AE) 2533/98 ón gComhairle an 23 Samhain 1998 i dtaca le faisnéis staidrimh do bhailiú ag an mBanc Ceannais Eorpach (IO L 318, 27.11.1998, lgh. 8-19)

GNÍOMHARTHA GAOLMHARA

Rialachán (AE) Uimh. 1071/2013 ón mBanc Ceannais Eorpach an 24 Meán Fómhair 2013 maidir le clár comhardaithe earnáil na n-institiúidí airgeadais airgeadaíochta (athmhúnlú) (BCE/2013/33) (IO L 297, 7.11.2013, lgh. 1-50)

Rialachán (AE) Uimh. 1072/2013 ón mBanc Ceannais Eorpach an 24 Meán Fómhair 2013 maidir le staitisticí ar rátaí úis arna gcur i bhfeidhm ag institiúidí airgeadais airgeadaíochta (athmhúnlú) (BCE/2013/34) (IO L 297, 7.11.2013, lgh. 51-72)

Rialachán (AE) Uimh. 1073/2013 ón mBanc Ceannais Eorpach an 18 Deireadh Fómhair 2013 maidir le staitisticí ar shócmhainní agus ar dhliteanais na gcistí infheistíochta (athmhúnlú) (BCE/2013/38) (IO L 297, 7.11.2013, lgh. 73-93)

Rialachán (AE) Uimh. 1074/2013 ón mBanc Ceannais Eorpach an 18 Deireadh Fómhair 2013 maidir le staitisticí ar institiúidí postoifige a fhaigheann taiscí ó chónaitheoirí limistéar an euro atá le hinstitiúidí airgeadais neamh-airgeadaíochta (athmhúnlú) (BCE/2013/39) (IO L 297, 7.11.2013, lgh. 94-106)

Rialachán (AE) Uimh. 1075/2013 ón mBanc Ceannais Eorpach an 18 Deireadh Fómhair 2013 maidir le staitisticí ar shócmhainní agus ar dhliteanais corparáidí feithiclí airgeadais atá bainteach in idirbhearta urrúsaithe (athmhúnlú) (BCE/2013/40) (IO L 297, 7.11.2013, lgh. 107-121)

Nuashonraithe 17.08.2015