Eitlíocht shibhialta agus an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Eitlíochta

ACHOIMRE:

Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 –rialacha comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus lena mbunaítear an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Eitlíochta

ACHOIMRE

CAD A DHÉANTAR SA RIALACHÁN?

Is é an phríomhaidhm na príomhrialacha agus na príomhphrionsabail a leagan síos maidir le hardleibhéal aonfhoirmeach um shábháilteacht eitlíochta sibhialta a bhunú agus a chothabháil san Eoraip, lena n-áirítear Gníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Eitlíochta (GESE) a chruthú.

Leis na rialacha comhchoiteanna um shábháilteachta tairgtear leibhéal aonfhoirmeach de cheanglais d’oibreoirí*, déantóirí agus pearsanra eitlíochta leo. Mar thoradh air seo, cuirtear le saorghluaiseacht táirgí, daoine agus seirbhísí i margadh inmheánach AE agus ceadaítear aitheantas frithpháirteach do dheimhniucháin* i dtíortha AE. Laghdaíonn sé sin an t-ualach riaracháin agus an t-ualach oibre do na húdaráis náisiúnta agus don tionscal.

Áirítear ar aidhmeanna eile:

PRÍOMHPHOINTÍ

Baineann an dlí AE seo le dearadh, táirgeadh, cothabháil agus oibríocht ar tháirgí, páirteanna agus trealamh aerloingseoireachta, chomh maith le pearsanra agus eagraíochtaí a bhfuil baint acu leis na gníomhaíochtaí sin.

Ceann de na príomhbhealaí chun na cuspóirí thuas a bhaint amach ná trí GESE a bhunú. Leagtar síos sa dlí cúraimí, struchtúr inmheánach, modhanna oibre agus ceanglais airgeadais na Gníomhaireachta.

Áirítear iad seo a leanas ar phríomhchúraimí GESE:

Maidir le struchtúr inmheánach, leagtar síos sa dlí príomhrialacha na gníomhaireachta lena n-áirítear stádas dlíthiúil, cumhachtaí agus comhdhéanamh an Bhoird Bhainistíochta, agus cumhachtaí agus feidhmeanna an Stiúrthóra Feidhmiúcháin.

Chomh maith le GESE, leagtar síos sa dlí rialacha comhchoiteanna maidir le sábháilteacht na heitlíochta lena n-áirítear:

Pléitear raon cúrsaí gaolmhara sa dlí chomh maith. Áirítear orthu siúd maoirseacht agus forfheidhmiú, aitheantas deimhniúchán agus glacadh deimhniúchán nach deimhniúcháin AE iad.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tháinig sé i bhfeidhm an 8 Aibreán 2008.

CÚLRA

PRÍOMHTHÉARMAÍ

* Oibreoir: duine dlíthiúil nó nádúrtha ar bith, a oibríonn aerárthach amháin nó níos mó nó a bhfuil sé beartaithe aige nó aici aerárthach amháin nó níos mo a oibriú.

* Deimhniúchán: faomhadh, ceadúnas nó doiciméad eile ar bith a eisítear mar thoradh ar an deimhniú.

* Deimhniú: cineál ar bith aitheantais go gcloíonn táirge, páirt nó fearas, eagraíocht nó duine leis na ceanglais infheidhme. Cumhdaítear eisiúint an deimhniúcháin ábhartha lena bhfianaítear comhlíonadh ann fosta.

* Aeradróim: áit ar bith inar féidir oibríochtaí eitilte a dhéanamh ó na stráice tuirlingthe go dtí aerfoirt mhóra idirnáisiúnta.

GNÍOMH

Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Feabhra 2008 maidir leis na rialacha comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Eitlíochta, agus lena n-aisghairtear Treoir 91/670/CEE ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1592/2002 agus Treoir 2004/36/CE (IO L 79, 19.3.2008, lgh. 1–49)

Rinneadh leasuithe ina dhiaidh sin ar Rialacháin (CE) Uimh. 216/2008 a chorpú isteach sa buntéacs. Is chun cuspóirí tagartha amháin atá an leagan comhdhlúite seo.

GNÍOMHARTHA GAOLMHARA

Rialachán (CE) Uimh. 300/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2008 maidir leis na rialacha comhchoiteanna sa réimse um shlándáil eitlíochta sibhialta agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2320/2002 (IO L 97, 9.4.2008, lgh. 72-84)

Nuashonraithe 30.11.2015