Iompar ar uiscebhealaí intíre “NAIADES” a spreagadh

Is féidir le huiscebhealaí intíre cur go mór le córas iompair inbhuanaithe san Aontas Eorpach (AE), rud a laghdóidh brú tráchta agus truailliú ar bhóithre na hEorpa. Tá gá le tionscnaimh ar leibhéal náisiúnta agus AE, áfach, lena acmhainneacht iomlán a fhorbairt.

GNÍOMH

Cumarsáid ón gCoimisiún ar iompar uiscebhealaí intíre “NAIADES” a spreagadh - clár gníomhaíochta comhtháite Eorpach um iompar ar uiscebhealaí intíre (COM(2006) 6 final an 17 Eanáir 2006).

ACHOIMRE

Is féidir le huiscebhealaí intíre cur go mór le córas iompair inbhuanaithe san Aontas Eorpach (AE), rud a laghdóidh brú tráchta agus truailliú ar bhóithre na hEorpa. Tá gá le tionscnaimh ar leibhéal náisiúnta agus AE, áfach, lena acmhainneacht iomlán a fhorbairt.

CAD A DHÉANTAR SA CHUMARSÁID SEO?

Cuirtear straitéis chomhtháite i láthair ann chun úsáid na loingseoireachta intíre a dhéanamh níos mealltaí agus níos indéanta. Dírítear sa “Chlár gníomhaíochta comhtháite Eorpach um iompar ar uiscebhealaí intíre” (NAIADES) ar 5 réimse straitéiseacha.

PRÍOMHPHOINTÍ

In 2013, thug an Coimisiún clár NAIADES cothrom le dáta (NAIADES II), ag leagan amach cuspóirí sainiúla suas go dtí 2020. Is é is aidhm leis na dálaí a chruthú ionas go mbeidh an loingseoireacht intíre ina cineál cáilíochta iompair.

In 2014, ghlac AE reachtaíocht ionas go mbeadh rialtais ábalta bearta a dhéanamh chun feabhas a chur ar iomaíochas na hearnála trí scéimeanna luathscoir, úsáid leathan nuálaíochta agus cláir oiliúna agus sábháilteachta.

CÚLRA

Nascann os cionn 37 000 ciliméadar d’uiscebhealaí agus na céadta port intíre a lán de limistéir thionsclaíocha thábhachtacha na hEorpa. D’fhéadfadh an líonra seo ról inbhuanaithe tábhachtach a imirt de réir mar a fhásann méid an iompair lasta.

Chun tuilleadh eolais a fháil féach suíomh gréasáin Uiscebhealaí intíre an Choimisiúin Eorpaigh.

GNÍOMHARTHA GAOLMHARA

Rialachán (AE) Uimh. 546/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 718/1999 maidir le beartas i ndáil le hacmhainneacht chabhlach an Chomhphobail chun iompar ar uiscebhealaí intíre a spreagadh (IO L 163 an 29.5.2014, lgh. 15-17).

Cumarsáid ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus chuig Coiste na Réigiún: I dtreo iompar cáilíochta um uiscebhealaí intíre NAIADES II (COM(2013) 623 final an 10.9.2013).

Rialachán (CE) Uimh. 718/1999 ón gComhairle an 29 Márta 1999 maidir le beartas i ndáil le hacmhainneacht chabhlach an Chomhphobail chun iompar ar uiscebhealaí intíre a spreagadh (IO L 90 an 2.4.1999, lgh. 1-5).

Nuashonraithe 30.04.2015