Maoin a cheannach i dtíortha AE eile

 

ACHOIMRE AR:

Cabidil 4 Caipiteal agus Íocaíocht (Articles 63, 64, 65 and 66) an Conradh ar Fheidhmiú AE maidir le heastát réadach a cheannach i dtíortha eile de chuid an Aontais Eorpaigh (AE)

CAD IS AIDHM LEIS NA HAIRTEAGAIL?

Leagtar amach iontu na dlíthe lena rialaítear saorghluaiseacht caipitil* san Aontas Eorpach (AE), lena n-áirítear an ceart chun maoin a cheannach i dtír AE eile agus eisceachtaí maidir leis an bprionsabal ginearálta.

PRÍOMHPHOINTÍ

Bunaítear leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) an prionsabal ginearálta um shaorghluaiseacht caipitil i measc tíortha AE agus idir tíortha AE agus tíortha neamh-AE freisin. Áirítear air sin cearta saoránach chun maoin a cheannach, amhail teach saoire nó áit chónaí thánaisteach.

Cé go mbaineann saorghluaiseacht le gach tír AE, ag tráth aontachais na dtíortha AE úra, rinneadh idirthréimhsí agus eisceachtaí áirithe a chaibidliú le haghaidh saorghluaiseacht caipitil, rud a bhaineann chomh maith le ceannach maoine agus talamh talmhaíochta agus foraoise i dtíortha faoi leith. Tá na heisceachtaí sin leagtha amach i líon prótacal a ghabhann le CFAE agus Ionstraimí Aontachais na dtíortha AE.

Go sonrach:

CÚLRA

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:

* PRÍOMHTHÉARMA

Saorghluaiseacht caipitil: ag croílár mhargadh aonair AE agus tá sí ar cheann dá “4 shaoirse” (chomh maith le saorghluaiseacht daoine, earraí agus seirbhísí). Cuirtear saoránaigh agus cuideachtaí ar a gcumas léi a lán oibríochtaí infheistíochta a dhéanamh i dtíortha AE eile.

PRÍOMHDHOICIMÉID

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh — Cuid a Trí: Beartais agus gníomhaíochtaí inmheánacha an Aontais — Teideal IV: Saorghluaiseacht daoine, seirbhísí agus caipitil — Caibidil 4: Caipiteal agus íocaíochtaí — Airteagal 63 (iar-Airteagal 56 CCE) (IO C 202, 7.6.2016, lch. 71)

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh — Cuid a Trí: Beartais agus gníomhaíochtaí inmheánacha an Aontais — Teideal IV: Saorghluaiseacht daoine, seirbhísí agus caipitil — Caibidil 4: Caipiteal agus íocaíochtaí — Airteagal 64 (iar-Airteagal 57 CCE) (IO C 202, 7.6.2016, lch. 72)

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh — Cuid a Trí: Beartais agus gníomhaíochtaí inmheánacha an Aontais — Teideal IV: Saorghluaiseacht daoine, seirbhísí agus caipitil — Caibidil 4: Caipiteal agus íocaíochtaí —Airteagal 65 (iar-Airteagal 58 CCE) (IO C 202, 7.6.2016, lch. 72-73)

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh — Cuid a Trí: Beartais agus gníomhaíochtaí inmheánacha an Aontais — Teideal IV: Saorghluaiseacht daoine, seirbhísí agus caipitil — Caibidil 4: Caipiteal agus íocaíochtaí — Airteagal 66 (iar-Airteagal 59 CCE) (IO C 202, 7.6.2016, lch. 73)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Conradh idir Ríocht na Beilge, Poblacht na Bulgáire, Poblacht na Seice, Poblacht na Danmhairge, Poblacht Chónaidhme na Gearmáine, Poblacht na hEastóine, Éire, an Phoblacht Heilléanach, Ríocht na Spáinne, Poblacht na Fraince, Poblacht na hIodáile, Poblacht na Cipire, Poblacht na Laitvia, Poblacht na Liotuáine, Ard-Diúcacht Lucsamburg, Poblacht na hUngáire, Poblacht Mhálta, Poblacht na hÍsiltíre, Poblacht na hOstaire, Poblacht na Polainne, Poblacht na Portaingéile, an Rómáin, Poblacht na Slóivéine, Poblacht na Slóvaice, Poblacht na Fionlainne, Poblacht na Sualainne, Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann (Ballstáit an Aontais Eorpaigh) agus Poblacht na Cróite i ndáil le haontachas Phoblacht na Cróite san Aontas Eorpach (IO L 112, 24.4.2012, lgh. 6-110)

Ionstraim a bhaineann le coinníollacha aontachais Phoblacht na Seice, Phoblacht na hEastóine, Phoblacht na Cipire, Phoblacht na Laitvia, Poblacht na Liotuáine, Poblacht na hUngáire, Poblacht Mhálta, Phoblacht na Polainne, Phoblacht na Slóivéine agus Phoblacht na Slóvaice agus leis na coigeartuithe ar na Conarthaí ar a bhfuil an tAontas Eorpach bunaithe — Prótacal Uimh. 6 maidir le fáil áiteanna cónaithe tánaisteacha i Málta (IO L 236, 23.9.2003, lch. 947)

Ionstraim a bhaineann le coinníollacha aontachais Ríocht na hIorua, Phoblacht na hOstaire, Phoblacht na Fionlainne, Phoblacht na Sualainne agus leis na coigeartuithe ar na Conarthaí ar a bhfuil an tAontas Eorpach bunaithe — Prótacal Uimh. 2 maidir le hoileáin Åland (IO C 241, 29.8.1994, lch. 352)

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh —Prótacal (Uimh. 32) maidir le maoin a fháil sa Danmhairg (IO C 202, 7.6.2016, lch. 317)

Nuashonraithe 16.03.2017