Comhshocraíochtaí comhthaobhacha airgeadais - soiléireacht dhlíthiúil a fheabhsú

ACHOIMRE AR:

Treoir 2002/47/CE - Comhshocraíochta comhthaobhacha airgeadais - soiléireacht dhlíthiúil a fheabhsú

ACHOIMRE

CAD A DHÉANTAR SA TREOIR?

Tá sé mar aidhm leis an treoir seo creat dlíthiúil aonfhoirmeach a chruthú in AE maidir le húsáid urrús agus airgid thirim mar chomhthaobhacht* in idirbhearta airgeadais.

PRÍOMHPHOINTÍ

Tá feidhm ag an treoir maidir le catagóirí sonraithe áirithe amhail bainc cheannais agus institiúidí airgeadais atá faoi mhaoirsiú. Féadfaidh tíortha AE, mar sin féin, catagóirí sonracha a eisiamh amhail gnólachtaí neamhchorpraithe i.e. gnólachtaí nach bhfuil stádas dlíthiúil cuideachta ag baint leo.

Tá feidhm ag an treoir maidir le comhthaobhacht airgeadais lena n-áirítear airgead tirim agus ionstraimí airgeadais amhail scaireanna agus bannaí. Ceadaíonn tíortha AE roghanna áirithe an diúltaithe amhail scaireanna dílse an tsoláthraí comhthaobhachta.

Leagtar síos sa treoir ceanglais fhoirmiúla íosta ag tíortha AE maidir le socruithe comhthaobhachta lena n-áirítear, mar shampla, gur gá fianaise i scríbhinn nó ar bhealach dlíthiúil coibhéiseach ar chomhaontuithe den chineál sin.

Féadfaidh an glacadóir comhthaobhachta comhshocraíochtaí comhthaobhacha a fhorfheidhmiú, mar shampla trí na hionstraimí airgeadais a dhíol nó a leithghabháil.

cead atá comhaontaithe de réir conartha ag an nglacadóir an chomhthaobhacht airgeadais a úsáid ar an gcoinníoll gurb é an t-úinéir iomlán é. Má roghnaíonn sé/sí an ceart sin a fheidhmiú, ní mór dó nó di an méid comhthaobhachta coibhéiseach a aistriú ar ais.

Ní mór do thíortha AE socruithe dúnta glanluachála* a aithint, fiú más rud é go bhfuil an glacadóir nó an soláthraí comhthaobhachta faoi réir imeachtaí dócmhainneachta nó atheagraithe.

Tá cosc ar thíortha AE a rialacha dócmhainneachta náisiúnta a chur i bhfeidhm ar chomhshocraíochtaí comhthaobhacha airgeadais i gcásanna áirithe. Ní féidir socruithe den sórt sin a dhearbhú mar bheith neamhbhailí nó ar neamhní chun, mar shampla, athruithe sa mhargadhluach a chur san áireamh.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

Ón 27 Meitheamh 2002.

CÚLRA

Suíomh gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh maidir le comhthaobhacht airgeadais

PRÍOMHTHÉARMAÍ

*Comhthaobhacht airgeadais: an mhaoin (amhail urrúis) arna cur ar fáil ag iasachtaí d’iasachtóir chun an riosca caillteanais airgeadais don iasachtóir a laghdú an oiread is féidir má theipeann ar an iasachtaí a oibleagáidí airgeadais i ndáil leis an iasachtóir a chomhlíonadh.

*Dúnadh glanluachála: sásra dlíthiúil lena laghdaítear na rioscaí idir 2 chontrapháirtí. Ar mhainneachtain 1 cheann amháin den 2 chontrapháirtí, beidh gach éileamh agus caidreamh conarthach eatarthu dlite, déantar iad a áireamh, a ghlanluacháil agus a fhritháireamh. B’fhéidir nach mbeadh fágtha lena íoc i ndáiríre ar deireadh ach cuid bheag den oll-éileamh tosaigh idir an 2 pháirtí sin.

GNÍOMH

Treoir 2002/47/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Meitheamh 2002 maidir le comhshocraíochtaí comhthaobhacha airgeadais

TAGAIRTÍ

Gníomh

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

Treoir 2002/47/CE

27.6.2002

27.12.2003

IO L 168, 27.6.2002, lgh. 43-50

Gníomh leasaitheach/Gníomhartha leasaitheacha

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

Treoir 2009/44/CE

30.6.2009

30.12.2010

IO L 146, 10.6.2009, lgh. 37-43

Treoir 2014/59/AE

2.7.2014

31.12.2014

IO L 173, 12.6.2014, lgh. 190-348

Féach an leagan comhdhlúite.

GNÍOMHARTHA GAOLMHARA

Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle: Tuarascáil Mheasúnaithe ar an Treoir maidir le Comhshocraíochtaí Comhthaobhacha Airgeadais (2002/47/CE) (COM(2006) 833 final an 20.12.2006)

Nuashonraithe 07.10.2015