Sábháilteacht ar muir: An Coiste um Shábháilteacht ar Muir

Cuirtear an Coiste um Shábháilteacht ar Muir agus um Thruailliú ó Longa a Chosc (COSS) ar bun faoin rialachán seo. Cuidíonn an coiste leis an gCoimisiún Eorpach agus cuireann sé comhairle ar fáil dó maidir le dlí an Aontais Eorpaigh (AE) um shábháilteacht ar muir, um thruailliú a chosc agus um dhálaí oibre agus maireachtála foirne ar bord, a chur i bhfeidhm.

GNÍOMH

Rialachán (CE) Uimh. 2099/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Samhain 2002 lena mbunaítear an Coiste um Shábháilteacht ar Muir agus um Thruailliú ó Longa a Chosc (COSS) agus lena leasaítear na Rialacháin um shábháilteacht ar muir agus um thruailliú ó longa a chosc

ACHOIMRE

CÉARD A DHÉANANN AN RIALACHÁN SEO?

Cuireadh an Coiste COSS ar bun faoin rialachán seo. Tá ionadaithe ó na Ballstáit AE ann agus is é an Coimisiún a dhéanann cathaoirleacht air. Cuidíonn an coiste le reachtaíocht mhuirí an Aontais Eorpaigh a nuashonrú agus a leasú go tráthúil. Tá an coiste seo freagrach anois as an obair a bhí ar siúl ag roinnt coistí roimhe seo, a cuireadh ar bun faoi na dlíthe éagsúla AE sa réimse sin.

PRÍOMHPHOINTÍ

Raon

Pléann COSS le gnéithe fadréimseacha a chuimsítear i reachtaíocht mhuirí AE, amhail:

Rialacha idirnáisiúnta

Mórchuid de na hathruithe ar dhlí muirí AE, spreagtar iad bunaithe ar athruithe a nglactar leo ag eagraíochtaí idirnáisiúnta, amhail an Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta nó an Eagraíocht Idirnáisiúnta Saothair.

An nós imeachta chun comhlíontacht a scrúdú

Chun a chinntiú nach bhfuil dlí muirí AE agus na comhaontuithe a leagtar amach ar leibhéal idirnáisiúnta i gcoinbhleacht lena chéile, comhoibríonn tíortha AE agus an Coimisiún lena chéile chun comhsheasamh AE a shainiú agus comhordaíonn siad an comhsheasamh sin.

Cuireann nós imeachta chun comhlíontacht a scrúdú ar chumas COSS leasuithe ar choinbhinsiún nó ar rún a nglactar leo ar leibhéal idirnáisiúnta a scrúdú, leasuithe a laghdódh caighdeáin AE. Is féidir cruinniú éigeandála COSS a reáchtáil ar chonlán an Choimisiúin nó ar iarratas ó thír AE chun na leasuithe atá i gceist a scrúdú agus chun tuairim maidir le bearta cuí AE a eisiúint.

Mar bheartas cosanta, is féidir leis an gCoimisiún, más iomchuí, iarraidh ar thíortha AE na pleananna atá acu chun leasú idirnáisiúnta a ghlacadh nó a chur i bhfeidhm, a chur ar fionraí nó a chur siar.

Cumhachtaí COSS

Buíochas le hobair COSS, ionchorpraítear rialacha idirnáisiúnta i reachtaíocht an AE níos tapa agus ar bhonn simplithe toisc gur féidir leasuithe ar na rialacha seo a chur i bhfeidhm go díreach. Déantar scrúdú ar na leasuithe sin roimh ré le haghaidh comhlíonta.

Leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 na rialacha agus na prionsabail a bhaineann le cumhachtaí cur chun feidhme an Choimisiúin (coisteolaíocht). Trí mheán COSS, déanann tíortha AE feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme a rialú, cumhachtaí a thugtar don Choimisiún trí na treoracha agus na rialacháin éagsúla a nglactar leo i réimse dhlí muirí AE.

CATHAIN A MBEIDH FEIDHM AG AN RIALACHÁN?

Ón 19 Nollaig 2002.

Féach láithreán Gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Soghluaisteachta agus an Iompair de chuid an Choimisiúin Eorpaigh chun tuilleadh faisnéise a fháil.

TAGAIRTÍ

Gníomh

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil

Rialachán (CE) Uimh. 2099/2002

19.12.2002

19.12.2002

IO L 324, 29.11.2002, lgh. 1-5

Nuashonraithe 15.03.2015