An fearann barrleibhéil .eu (go dtí 2022)

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (CE) Uimh. 733/2002 — maidir leis an bhfearann barrleibhéil .eu a chur chun feidhme

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

Bunaítear leis an dóigh a gcuirtear iarmhír an tseolta idirlín “.eu”, ar a dtugtar an fearann barrleibhéil (FBL), chun feidhme. Go sonrach, déantar foráil sa rialachán i leith clárlann a bhunú agus bunaítear leis na rialacha ginearálta maidir leis an gclárlann sin a fheidhmiú.

PRÍOMHPHOINTÍ

Le fearann idirlín barrleibhéil “.eu” tugtar a aitheantas idirlín féin do AE. Tá sé mar aidhm leis borradh a chur faoi infheictheacht AE ar an idirlíon, rogha úsáideoirí maidir le hainmneacha fearainn a mhéadú agus forbairt na tráchtála leictreonaí a fhorbairt laistigh den mhargadh inmheánach.

Tá cruthú FBL “.eu” ar cheann de na cuspóirí atá leagtha amach i bplean gníomhaíochta ríomhsheirbhísí na hEorpa 2002 chun an tráchtáil leictreonach a luathú agus úsáid as an idirlíon a chur chun cinn.

Tá fearann “.eu” sa bhreis orthu sin atá laistigh den AE cheana, níl sé curtha ina n–ionad. Tugtar an rogha d’úsáideoirí leis aitheantas idirlín uile-Eorpach a bheith acu (seoltaí suímh ghréasáin nó ríomhphoist go príomha).

Cuspóirí

Téitear i ngleic le roinnt cuspóirí le cur chun feidhme seoltaí FBL “.eu”:

Clárlann

Tá an chlárlann á reáchtáil ag ENR faoi chonradh leis an gCoimisiún Eorpach.

Tá na cúraimí seo a leanas aige:

Rialacha beartais

Tá an Coimisiún freagrach as na rialacha maidir le beartas poiblí a bhaineann le FBL .eu a chur chun feidhme agus a fheidhmiú mar aon leis na prionsabail bheartais phoiblí maidir le clárú. Áirítear ar na rialacha go sonrach:

Forchoimeád ceart

Coimeádann AE gach ceart maidir le FBL “.eu” lena n–áirítear, go sonrach, cearta maoine intleachtúla agus cearta eile maidir le bunachair shonraí na clárlainne.

Cur chun feidhme

Ní mór don Choimisiún tuarascáil a chur isteach chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le cur chun feidhme, éifeachtúlacht agus feidhmiú FBL .eu gach dhá bhliain.

Aisghairm

Rinneadh Rialachán (AE) Uimh. 733/2002 a aisghairm le Rialachán (AE) 2019/517 maidir leis an bhfearann barrleibhéil .eu. Beidh Rialachán (CE) Uimh. 733/2002 i bhfeidhm go dtí an 12 Deireadh Fómhair 2022.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá feidhm leis ón 30 Aibreán 2002.

CÚLRA

Bhí sé 10 mbliana i mí Aibreáin 2016 ó bunaíodh FBL .eu.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (CE) Uimh. 733/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Aibreán 2002 maidir leis an bhFearann Ardleibhéil .eu a chur chun feidhme (IO L 113, 30.4.2002, lgh. 1-5)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (CE) Uimh. 733/2002 a chorprú isteach sa bhuntéacs. Is de luach doiciméadach amháin an leagan comhdhlúite seo.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán (AE) Uimh. 2019/517 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Márta 2019 maidir le cur chun feidhme agus feidhmiú an ainm fearainn .eu agus lena leasaítear agus lena n–aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 733/2002 agus lena n–aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 874/2004 ón gCoimisiún (IO L 91, 29.3.2019, lgh. 25-35)

Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le cur chun feidhme, feidhmiú agus éifeachtúlacht an Fhearainn Bharrleibhéil .eu (COM(2017) 0725 final an 4.12.2017)

Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le cur chun feidhme, feidhmiú agus éifeachtúlacht an Fhearainn Bharrleibhéil .eu (COM(2015) 680 final an 18.12.2015)

Rialachán (CE) Uimh. 874/2004 ón gCoimisiún an 28 Aibreán 2004 lena leagtar síos na rialacha maidir le beartas poiblí a bhaineann le Fearann Barrleibhéil (FBL) .eu a chur chun feidhme agus a fheidhmiú mar aon leis na prionsabail bheartais phoiblí maidir le clárú (IO L 162, 30.4.2004, lgh. 40-50).

Féach an leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 29.08.2019