Mótarfheithiclí agus a leantóirí: iniúchadh cois bóthair ar fheithiclí tráchtála (go dtí 2018)

Leis an méadú ar thrácht laistigh den Aontas Eorpach (AE) bíonn na fadhbanna céanna sábháilteachta agus comhshaoil sna tíortha AE uile. Ar son na sábháilteachta ar bhóithre, na cosanta ar an gcomhshaoil agus na hiomaíochta cóire, tá comhchuibhiú á dhéanamh ag AE mar sin ar an tástáil ródacmhainneachta cois bóthair ar mhótarfheithiclí tráchtála agus a leantóirí laistigh den Aontas Eorpach. Baineann siad seo le feithiclí tráchtála atá ceaptha le paisinéirí nó earraí a iompar.

GNÍOMH

Treoir 2000/30/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Meitheamh 2000 maidir le hiniúchadh teicniúil cois bóthair i dtaca le ródacmhainneacht na bhfeithiclí tráchtála a bhíonn ag gluaiseacht laistigh den Chomhphobal

ACHOIMRE

Leis an treoir seo leagtar amach an creat dlíthiúil agus cuirtear leis na rialacha maidir le seiceálacha éigeanta bliantúla ag stáisiúin tástála do fheithiclí tráchtála bóthair, faoi Threoir 2009/40/EC (a d’aisghairm Treoir 96/96/EC i 2009, agus atá aisghairthe é féin ag Treoir 2014/45/AE, a thagann i bhfeidhm an 20 Bealtaine 2018).

Is éard is seiceálacha cois bóthair seiceálacha gan fógra ar fheithicil tráchtála ag taisteal laistigh de thír de chuid an Aontais Eorpaigh (AE). Cuirtear i gcrích iad ag na húdaráis ar bhóithre, i gcalafoirt, nó áit ar bith eile a mheastar a bheith cuí.

Tá foráil sa treoir seo go mbeidh gné amháin, dhá ghné nó na gnéithe seo a leanas uile i gceist le hiniúchadh teicniúil cois bóthair:

seiceáil amhairc ar staid cothabhála na feithicle atá ag rith ar an ngréasán bóithre;

seiceáil ar na doiciméid a bhaineann le comhlíonadh na feithicle le hiniúchadh teicniúil cois bóthair agus, má chuireann an tiománaí i láthair í, tuarascáil ar iniúchadh teicniúil cois bóthair a rinneadh le déanaí;

seiceáil chun droch-chothabháil a nochtadh (boinn loma, córas coscánaithe lochtach, srl.). Sa chás seo, ba chóir don chigire na doiciméid is déanaí agus aon teastas sábháilteachta eile a chur san áireamh.

Tá foráil sa treoir go dtabharfaidh na tíortha AE isteach seiceálacha cuí rialta cois bóthair le cur i gcrích gan idirdhealú maidir le náisiúntacht an tiománaí nó cláruimhir na feithicle. Gach bliain ba chóir go gclúdóidís seo trasghearradh suntasach ionadaíoch d’fheithiclí tráchtála sna catagóirí uile.

Gach 2 bhliain, ní mór do na tíortha AE faisnéis a sheoladh chuig an gCoimisiún maidir le líon na bhfeithiclí tráchtála a seiceáladh.

Ní mór na seiceálacha cois bóthair dá bhforáiltear sa treoir a chur i gcrích faoi réir seicliosta (Iarscríbhinn I). Tá teastas ina leagtar amach torthaí na spotseiceála le tabhairt do thiománaí na feithicle. Ní mór don tiománaí a bheith in ann é seo a chur i láthair ar iarratas d’fhonn seiceálacha ina dhiaidh sin a shimpliú nó a sheachaint.

Más rud é go bhfuil gá le scrúdú níos mionsonraí mar thoradh ar mhéid na droch-chothabhála, féadfar iniúchadh níos dlúithe a dhéanamh ar an bhfeithicil i stáisiún tástála ródacmhainneachta ceadaithe.

Tá cosc láithreach ar fheithicil tráchtála a úsáid ar an mórbhealach poiblí:

má léiríonn torthaí seiceála cois bóthair nach sásaíonn sí na caighdeáin a leagtar síos sa treoir (Iarscríbhinn II: córais choscánaithe, astuithe sceite), nó

má léirítear nach gcloíonn sí le Treoir 2009/40/EC le linn tástála ródacmhainneachta ina dhiaidh sin ag stáisiún tástála ceadaithe agus

más rud é, mar sin, gur chontúirt mhór í dá taistealaithe nó d’úsáideoirí bóthair eile.

Ní mór easnaimh thromchúiseacha i bhfeithicil de chuid duine nach cónaitheoir é/í a thuairisciú do na húdaráis sa tír AE ina bhfuil an fheithicil cláraithe. Féadfaidh an tír ina n-aimsítear an t-easnamh a iarraidh ansin go ndéanfaí gníomh i gcoinne an chiontóra. Má dhéantar gníomh dá leithéid, ní mór do thír an chlárúcháin a chur in iúl don tír inar aimsíodh an t-easnamh faoin ngníomh a rinneadh i gcoinne an chiontóra lena mbaineann.

Tá cumhacht ag an gCoimisiún caighdeáin íosta agus modhanna tástála áirithe a shainiú agus iad a leasú de réir mar a thagann dul chun cinn teicniúil.

TAGAIRTÍ

Gníomh

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

Treoir 2000/30/EC

10.8.2000

9.8.2002

L 203 an 10.8.2000, lgh. 1-8

Rinneadh na leasuithe agus na ceartúcháin leantacha ar Threoir 2000/30/CE a chorprú isteach sa bhuntéacs. Is do chúiseanna tagartha amháin an leagan comhdhlúite seo.

Iarscríbhinní I agus II

Treoir 2010/47/AE (IO L 173 an 8.7.2010, lgh. 33-46).

GNÍOMHARTHA GAOLMHARA

Treoir 2014/47/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 maidir le hiniúchadh teicniúil cois bóthair i dtaca le ródacmhainneacht na bhfeithiclí tráchtála a bhíonn ag gluaiseacht laistigh den Aontas agus lena n-aisghairmtear Treoir 2000/30/CE (Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 127, 29.4.2014, lgh. 134-218).

Moladh ón gCoimisiún 2010/379/AE an 5 Iúil 2010 maidir leis an measúnú riosca ar easnaimh a aimsíodh le linn iniúchtaí teicniúla cois bóthair (ar fheithiclí tráchtála) faoi réir na Treorach 2000/30/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 173 an 8.7.2010, lgh. 97-105).

Tuarascáil ón gCoimisiún chuig an gComhairle agus chuig Parlaimint na hEorpa maidir le cur chun feidhme na mBallstát de Threoir 2000/30/EC ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Meitheamh 2000 maidir le hiniúchadh teicniúil cois bóthair i dtaca le ródacmhainneacht na bhfeithiclí tráchtála a bhíonn ag gluaiseacht laistigh den Chomhphobal - Tréimhse Tuairiscithe 2009-2010 (COM(2013) 303 final an 24.5.2013).

Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le cur chun feidhme na mBallstát de Threoir 2000/30/EC ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Meitheamh 2000 maidir le hiniúchadh teicniúil cois bóthair i dtaca le ródacmhainneacht na bhfeithiclí tráchtála a bhíonn ag gluaiseacht laistigh den Chomhphobal - Tréimhse Tuairiscithe 2011-2012 (COM(2014) 569 final an 12.9.2014).

Nuashonrú is déanaí: 13.08.2015