Údarú líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí

Leis an treoir seo déantar creat dlíthiúil chun an tsaoirse a chinntiú líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí a sholáthar ar fud an Aontais Eorpaigh.

GNÍOMH

Treoir 2002/20/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Márta 2002 maidir le húdarú líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí (Treoir an Údaraithe)

ACHOIMRE

Is cuid den “Pacáiste Teileachumarsáide” í an Treoir um Údarú a shainmhíníonn, i dteannta le ceithre threoir eile (“creat”, “rochtain”, “seirbhís uilíoch”, agus “príobháideachas agus cumarsáid leictreonach”), an creat rialúcháin atá dírithe ar níos mó cumas iomaíochta a thabhairt d’earnáil na líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí.

In 2009, leasaíodh an “ Pacáiste Teileachumarsáide” leis an Treoir um “Rialáil níos Fearr” agus leis an Treoir um “Chearta Saoránach”. Lena chois sin cuireadh Comhlacht na Rialtóirí Eorpacha um Chumarsáid Leictreonach (BEREC) ar bun.

Raon, cuspóir agus prionsabal ginearálta

Leis an Treoir cumhdaítear údaruithe do gach líonra agus seirbhís chumarsáide leictreonaí, cibé acu an don bpobal nó nach don bpobal a chuirtear ar fáil é. Baineann sé le cearta a bhronnadh chun minicíochtaí raidió a úsáid má ghabhann soláthar líonra nó seirbhís chumarsáide leictreonaí lena leithéid d’úsáid, de ghnáth nó ar luach saothair.

Is é an sprioc ná an margadh a chomhchuibhiú le haghaidh líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí trí rialáil a íoslaghdú go dtí an méid is gá.

Is í an phríomh-nuáil ná deireadh a chur le ceadúnais aonair agus údarú ginearálta do líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí uile a chur ina n-ionaid mar aon le sainscéim chun minicíochtaí agus uimhreacha a shannadh.

Mar sin is faoi réir údaraithe ghinearálta amháin atá soláthar líonraí nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí gan gá cinneadh sainráite a fháil ná gá le gníomh riaracháin eile ón údarás rialála náisiúnta. Mar sin laghdaítear an nós imeachta sa tslí nach dtugtar ach fógra amháin do na cuideachtaí lena mbaineann.

Cearta a díorthaítear ón údarú ginearálta

Tugann an t-údarú ginearálta an ceart do chuideachtaí líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí a sholáthar. Agus líonraí nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí á soláthar acu don bpobal tá siad i dteideal:

idirnascadh le soláthraithe eile in AE a idirbheartú;

rochtain nó idirnascadh a fháil ó sholáthraithe eile agus

a bheith ainmnithe chun feidhmeanna seirbhíse uilíocha áirithe a sholáthar.

Cearta chun minicíochtaí raidió agus uimhreacha a úsáid

Déanfaidh Ballstáit AE úsáid minicíochtaí raidió a éascú faoi údaruithe ginearálta ach d’fhéadfaidís úsáid minicíochtaí raidió a chur faoi réir bhronnadh cearta aonair, más gá, d’fhonn:

trasnaíocht dhíobhálach a sheachaint;

ardcháilíocht seirbhíse a chinntiú;

úsáid éifeachtach an speictrim a chaomhnú;

cuspóirí eile atá chun leasa ghinearálta de réir mar atá sainithe ag na tíortha AE a chomhlíonadh.

Ní mór cearta úsáide minicíochtaí raidió agus uimhreacha a bhronnadh trí nósanna imeachta oscailte, neamhspleácha, trédhearcacha, neamh-idirdhealaitheacha comhréireacha.

Ní mór cinntí maidir le cearta úsáide a ghlacadh agus a fhoilsiú a luaithe agus is féidir tar éis don údarás rialála náisiúnta an t-iarratas iomlán a fháil.

Coinníollacha a ghabhann leis an údarú ginearálta agus le sainchearta úsáide

D’fhéadfadh an t-údarú ginearálta agus na cearta úsáide a bheith faoi réir na gcoinníollacha amháin atá liostáilte in Iarscríbhinn na treorach, mar shampla:

rannchuidiú airgeadais i leith maoiniú seirbhíse uilíoch;

idir-inoibritheacht seirbhísí agus idirnascadh líonraí;

inrochtaineacht agus iniomparthacht uimhreacha más í an bhrí atá le hiniomparthacht gur féidir le húsáideoirí a n-uimhreacha teileafóin a choimeád má aistríonn siad chuig oibritheoir eile;

riachtanais chomhshaoil agus riachtanais maidir le pleanáil baile agus tuaithe;

sonraí pearsanta agus cosaint príobháideachais;

an oibleagáid cláir teilifíse agus raidió áirithe a tharchur (“gá iompair”);

muirear riaracháin a fhorchur ar ghnóthais, b’fhéidir;

srianta maidir le hinneachar neamhdhleathach a chraoladh.

Na cearta chun minicíochtaí raidió a úsáid a shrianadh

Ní mór bronnadh cearta srianta chun minicíochtaí raidió a úsáid a bheith faoi réir critéir roghnúcháin oibiachtúla trédhearcacha neamh-idirdhealaitheacha comhréireacha.

Féadann tíortha AE líon na gcearta úsáide a bhronnfar le haghaidh minicíochtaí raidió a shrianadh nó féadann siad tréimhse cearta atá ann cheana a shíneadh, faoi réir coinníollacha agus nósanna imeachta áirithe cosúil le dul i gcomhairle leis na luchtanna leasa uile, cinntí ar bith a fhoilsiú mar aon leis na húdair a bhí leo, agus faoi réir athbhreithnithe an tsrianta i gceann idirthréimhsí réasúnta.

Má mheasann tír AE gur féidir tuilleadh cearta chun minicíochtaí raidió a úsáid a bhronnadh ní mór dó an tátal seo a fhoilsiú agus iarratais a lorg ar na cearta sin.

Na coinníollacha a chomhall

Déanann na húdaráis rialála náisiúnta monatóireacht agus faireachán ar chomhall na rialachán a ghabhann leis an údarú ginearálta nó ar chearta úsáide agus ar shainoibleagáidí. Más rud é nach gcomhallann gnóthas coinníoll amháin nó níos mó díobh agus mura leigheasann sé na sáruithe laistigh den tréimhse shocraithe d’fhéadfadh cumas a bheith ar na húdaráis lena mbaineann orduithe chun deireadh a chur leis an sárú nó pionóis airgeadais a fhorchur. Más sáruithe tromchúiseacha agus athsháruithe atá i gceist d’fhéadfaidís cosc a chur ar ghnóthas leanúint de bheith ag soláthar líonra nó seirbhís nó na cearta úsáide a chur ar fhionraí nó a aistarraingt.

Muirir agus táillí riaracháin

Féadann na húdaráis rialála náisiúnta muirir riaracháin a fhorchur ar chuideachtaí a sholáthraíonn seirbhís nó líonra faoi údarú ginearálta nó a bhfuil ceart úsáide deonaithe dóibh. Clúdóidh na muirir seo costais a thabhaítear mar thoradh ar an scéim um údarú ginearálta agus cearta úsáide agus sainoibleagáidí a bhainistiú, a rialú agus a fhorfheidhmiú. D’fhéadfadh costais ar chomhar idirnáisiúnta, comhchuibhiú agus caighdeánú, anailís margaidh, monatóireacht ar chomhall agus rialú margaidh eile chomh maith le hobair rialála eile a bheith san áireamh leis seo. Má fhorchuirtear iad ní mór do na húdaráis rialála náisiúnta forbhreathnú bliantúil ar a gcostais riaracháin agus suim iomlán na muirear a bailíodh a fhoilsiú.

Féadann an t-údarás inniúil táille a ghearradh, leis, ar na cearta chun minicíochtaí raidió a úsáid agus ar na cearta chun áiseanna a shuiteáil.

TAGAIRTÍ

Gníomh

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil

Treoir 2002/20/CE

24.4.2002

24.7.2003

IO L 108 an 24.4.2002, lgh. 21-32

Gníomh leasaitheach) (ghníomhartha leasaitheacha)

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil

Treoir 2009/140/CE

19.12.2009

25.5.2011

IO L 337 an 18.12.2009, lgh. 37-69

Corpraíodh na leasuithe agus ceartúcháin a rinneadh ina dhiaidh a chéile ar Threoir 2002/20/CE sa téacs bunaidh. Níl ach luach faisnéiseach ag an leagan comhdhlúite seo.

LEASUITHE AR NA hIARSCRÍBHINNÍ

Iarscríbhinn

Treoir 2009/140/CE ón bParlaimint agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009lena leasaítear Treoir 2002/21/CE maidir le creat rialúcháin coiteann do líonraí agus do sheirbhísí cumarsáide leictreonaí; Treoir 2002/19/CE maidir le rochtain ar líonraí cumarsáide leictreonaí agus ar shaoráidí gaolmhara agus maidir le hidirnasc a bheith eatarthu; agus Treoir 2002/20/CE maidir le húdarú líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí, (Iris Oifigiúil L 337, an 18 Nollaig 2009, lgh. 37-69).

Ceartúchán ar Threoir 2009/140/CE ón bParlaimint agus ón gComhairle an 25 Nollaig 2009 lena leasaítear Treoir 2002/21/CE maidir le creat rialúcháin coiteann do líonraí agus do sheirbhísí cumarsáide leictreonaí; Treoir 2002/19/CE maidir le rochtain ar líonraí cumarsáide leictreonaí agus ar shaoráidí gaolmhara agus maidir le hidirnasc a bheith eatarthu; agus Treoir 2002/20/CE maidir le húdarú líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí, (IO L 241, an 10 Meán Fómhair 2013, lgh. 8-9).

GNÍOMHARTHA GAOLMHARA

Treoir 2009/136/CE ón bParlaimint agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 lena leasaítear Treoir 2002/22/CE maidir le seirbhís uilíoch agus cearta úsáideoirí i dtaca le líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí; Treoir 2002/58/CE maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus príobháideachas a chosaint san earnáil cumarsáide leictreonaí; Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 maidir le comhar idir údaráis náisiúnta atá freagrach as dlíthe cosanta tomhaltóirí a fhorfheidhmiú (Iris Oifigiúil L 337, an 18 Nollaig 2009, lgh 11-36)

Treoirlínte ón gCoimisiún maidir le hanailís mhargaidh agus measúnú ar chumhacht margaidh suntasach de bhun creatlach rialála an Chomhphobail um líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí (IO C 165 an 11 Iúil 2002, lgh. 6-31)

I gcomhlíonadh na creatlaí rialála nua um sheirbhísí cumarsáide leagtar amach sna treoirlínte seo ar glacadh leo i mí Iúil 2002, na prionsabail nach mór do na húdaráis rialála náisiúnta a gcuid anailís mhargaidh a bhunú orthu d’fhonn iomaíocht éifeachtach a ráthú.

Moladh maidir le Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a lena leagtar síos bearta maidir leis an margadh aonair Eorpach do chumarsáid leictreonach agus chun Mór-roinn Nasctha a bhaint amach, agus lena leasaítear Treoracha 2002/20/CE, 2002/21/CE agus 2002/22/CE agus Rialacháin (CE) Uimh. 1211/2009 agus (AE) Uimh. 531/2012. (COM(2013) 627 leagan deiridh den 11 Meán Fómhair 2013 - gan fhoilsiú san Iris Oifigiúil)

Nuashonraithe 10.09.2015