Muiriompar — soláthar seirbhísí, iomaíocht, praghsáil éagórach agus rochtain ar thrádáil aigéin

 

ACHOIMRE AR:

CAD IS AIDHM LEIS NA RIALACHÁIN?

Tá sé mar aidhm leo muiriompar a eagrú de réir na mbunphrionsabal de dhlí AE maidir le seirbhísí a sholáthar, iomaíocht, agus saor-rochtain ar an margadh i muiriompar.

PRÍOMHPHOINTÍ

Saoirse chun seirbhísí a sholáthar

Rialachán Uimh. 4055/86:

Déileáltar i Rialachán Uimh. 3577/92/CEE go sonrach le saoirse chun seirbhísí a sholáthar i muiriompar laistigh de thíortha AE (“cabatáiste muirí”*).

Praghsáil éagórach i muiriompar

Rialachán Uimh. 4057/86:

Saor-rochtain ar thrádálacha aigéin

Rialachán Uimh. 4058/86:

Rialacha iomaíochta

Tá feidhm freisin ag dlíthe iomaíochta ginearálta AE atá leagtha síos i Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 maidir le hearnáil iompair mhuirí AE. Mar sin féin, de réir Rialachán (CE) Uimh. 246/2009 ón gComhairle, féadfaidh an Coimisiún eisceachtaí a dhéanamh maidir le cineálacha áirithe comhair idir cuideachtaí loingseoireachta línéir* (cuibhreannais*). Ghlac an Coimisiún dá réir sin le Rialachán (CE) Uimh. 906/2009, ina gceadaítear na heisceachtaí sin, agus chuir sé síneadh leis go dtí an 25 Aibreán 2020 trí bhíthin Rialachán (CE) Uimh. 697/2014.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA RIALACHÁN?

CÚLRA

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:

* PRÍOMHTHÉARMAÍ

Cabatáiste: i gcás ina ndéanann cuideachta a iompraíonn earraí, atá cláraithe i dtír amháin AE, iompar náisiúnta i dtír eile AE.
Loingseoireacht línéir: iompar rialta earraí ar bhealach nó ar bhealaí ar leith idir calafoirt, ar dhátaí agus amanna a bhí fógartha roimhe sin, agus atá ar fáil d’aon úsáideoir iompair atá ag íoc, fiú más go hócáideach é.
Cuibhreannais: comhaontuithe (nó sraith comhaontuithe) idir dhá iompróirí loingseoireachta nó níos mó a sholáthraíonn seirbhísí loingseoireachta línéir le haghaidh lastaí a bhaineann le trádáil amháin nó níos mó a iompar agus sin amháin. Is é an aidhm atá acu comhsheirbhís iompair mhuirí a sholáthar atá níos fearr ná an tseirbhís a d’fhéadfadh gach duine dá gcuid ball a thairiscint ina n-aonar (i.e. gan an cuibhreannas).

PRÍOMHDHOICIMÉID

Rialachán (CEE) Uimh. 4055/86 ón gComhairle an 22 Nollaig 1986 lena ndéantar prionsabal na saoirse chun seirbhísí a sholáthar a chur i bhfeidhm ar iompar muirí idir tíortha AE agus idir tíortha AE agus tíortha neamh-AE (IO L 378, 31.12.1986, lgh. 1-3)

Rinneadh na leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (CE) Uimh. 4055/86 a chorprú isteach sa bhundoiciméad. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Rialachán (CEE) Uimh. 4057/86 ón gComhairle an 22 Nollaig 1986 maidir le cleachtais éagóracha praghsála i muiriompar (IO L 378, 31.12.1986, lgh. 14-20)

Rialachán (CEE) Uimh. 4058/86 ón gComhairle an 22 Nollaig 1986 maidir le gníomh comhordaithe chun saor-rochtain ar lastaí i dtrádálacha aigéin a chosaint (IO L 378, 31.12.1986, lgh. 21-23)

Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 ón gComhairle an 16 Nollaig 2002 maidir le cur i bhfeidhm na rialacha iomaíochta arna leagan síos in Airteagail 81 agus 82 den Chonradh (IO L 1, 4.1.2003, lgh. 1-25)

Féach an leagan comhdhlúite

Rialachán (CE) Uimh. 246/2009 ón gComhairle an 26 Feabhra 2009 maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 81(3) den Chonradh ar chatagóirí áirithe comhaontuithe, cinntí agus cleachtais chomhbheartaithe idir cuideachtaí loingseoireachta línéir (cuibhreannais) (Leagan códaithe) (IO L 79, 25.3.2009, lgh. 1-4)

Rialachán (CE) Uimh. 906/2009 ón gCoimisiún an 28 Meán Fómhair 2009 maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 81(3) den Chonradh ar chatagóirí áirithe comhaontuithe, cinntí agus cleachtais chomhbheartaithe idir cuideachtaí loingseoireachta línéir (cuibhreannais) (IO L 256, 29.9.2009, lgh. 31-34)

Féach an leagan comhdhlúite

Nuashonraithe 17.10.2016