Críochnaitheacht socraíochta i gcórais íocaíochta agus socraíochta urrús
Ní mór aistrithe agus íocaíochtaí táirgí airgeadais a rialú chun rioscaí tábhachtacha a sheachaint, go háirithe na rioscaí a bhaineann le dócmhainneacht rannpháirtithe an idirbhirt. Leagtar síos faoin dlí seo de chuid an Aontais Eorpaigh (AE) rialacha chun rioscaí dá leithéid a íoslaghdú.
GNÍOMH
Treoir 98/26/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Bealtaine 1998 maidir le críochnaitheacht socraíochta i gcórais íocaíochta agus socraíochta urrús
ACHOIMRE
Ní mór aistrithe agus íocaíochtaí táirgí airgeadais a rialú chun rioscaí tábhachtacha a sheachaint, go háirithe na rioscaí a bhaineann le dócmhainneacht rannpháirtithe an idirbhirt. Leagtar síos faoin dlí seo de chuid an Aontais Eorpaigh (AE) rialacha chun rioscaí dá leithéid a íoslaghdú.
CÉARD A DHÉANANN AN TREOIR SEO?
Ráthaítear leis an treoir seo gur féidir orduithe um aistriú agus um íocaíocht táirgí airgeadais a thabhairt chun críche, go háirithe trí na fadhbanna a mhaolú a leanann as dócmhainneacht rannpháirtí. Féadfaidh na rannpháirtithe sin a bheith ina:
PRÍOMHPHOINTÍ
Tá orduithe um aistriú neamh-inchúlghairthe
Tá orduithe um aistriú táirgí airgeadais infhorfheidhmithe go conarthach. Seo an cás freisin le glanluacháil íocaíochtaí gaolmhara, nuair a dhéantar fiachais agus éilimh rannpháirtithe a fhritháireamh.
Cuirtear na rialacha i bhfeidhm fiú nuair a bhíonn rannpháirtí faoi réir imeachtaí dócmhainneachta, fad agus a chuirtear an t-ordú um aistriú i ngníomh roimh thús na n-imeachtaí sin. Féadfar na rialacha a chur i bhfeidhm ar feadh suas le 24 huaire an chloig ina ndiaidh freisin, chun na cásanna a chumhdach ina dtugtar faoi idirbhearta gan fáil a bheith ar na taifid chuí, thar oíche mar shampla.
Rialacha comhionanna
Iarrtar leis an treoir a chinntiú go ndéanfar rialacha comhionanna a chur i bhfeidhm nuair a bheidh ilchórais socraíochta agus íocaíochta curtha i bhfeidhm, ón uair a thugtar faoi na hidirbhearta chun deacrachtaí a leanann as rialacháin neamhfhreagracha a sheachaint.
Ráthaíochtaí i gcásanna dócmhainneachta
Má thugtar imeachtaí dócmhainneachta i gcoinne rannpháirtí, ní chuirfidh sé sin isteach go cúlghabhálach ar chearta nó ar oibleagáidí na rannpháirtithe eile ná ar rochtain na rannpháirtithe sin ar na gnáth-ráthaíochtaí airgeadais a bhaineann le hidirbheart.
CATHAIN A MBEIDH FEIDHM AG AN TREOIR?
Cuireadh an treoir i bhfeidhm sa bhliain 1998 agus rinneadh leasú uirthi roinnt uaireanta ó shin i leith.
Féach leathanach na seirbhísí airgeadais agus Aontas na margaí caipitil ar láithreán gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh chun tuilleadh faisnéise a fháil.
TAGAIRTÍ
Gníomh |
Teacht i bhfeidhm |
Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit |
Iris Oifigiúil |
Treoir 98/26/CE |
11.6.1998 |
11.12.1999 |
Gníomh leasaitheach/Gníomhartha leasaitheacha |
Teacht i bhfeidhm |
Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit |
Iris Oifigiúil |
Treoir 2009/44/CE |
30.6.2009 |
30.12.2010 |
|
Treoir 2010/78/AE |
4.1.2011 |
31.12.2011 |
|
Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 |
16.8.2012 |
- |
|
Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 |
17.9.2014 |
- |
Ionchorpraíodh sa bhuntéacs leasuithe agus ceartúcháin i ndiaidh a chéile ar an Treoir 98/26/CE. Is chun críocha tagartha amháin an leagan comhdhlúite seo.
Nuashonraithe 03.12.2014