Scéimeanna comhscoir a bhainistiú: cistí pinsean ceirde

 

ACHOIMRE AR:

Treoir 2003/41/CE maidir le gníomhaíochtaí agus maoirseacht institiúidí le haghaidh sochair scoir ghairme

CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

Leagtar amach inti na rialacha lena rialaítear gníomhaíochtaí agus maoirseacht institiúidí a sholáthraíonn cóir ar scor ceirde (IORPanna)* nó cistí pinsean i dtíortha uile an Aontais Eorpaigh.

PRÍOMHPHOINTÍ

Tá sé mar aidhm leis an treoir ardleibhéal cosanta a chur ar fáil do phinsinéirí sa todhchaí (baill agus tairbhithe cistí pinsean) agus infheistíocht éifeachtach a chinntiú ag an am céanna trí thrí shraith rialacha a bhunú.

Ní bhaineann an treoir seo le hinstitiúidí arna gcumhdach faoin treoir maidir le hárachas saoil agus faoin treoir maidir le bainisteoirí cistí infheistíochta malartacha.

Tá an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde (ÚEÁPC) freagrach as faisnéis arna soláthar ag tíortha AE ar fhorbairtí i socruithe trasteorann IORPanna a bhailiú agus as an bhfaisnéis sin a fhoilsiú ar a shuíomh gréasáin an ÚEÁPC.

Rialachán cur chun Feidhme (AE) Uimh. 643/2014 ón gCoimisiún maidir le caighdeáin theicniúla chun forálacha náisiúnta um stuamachta a thuairisciú don ÚEÁPC.

Féadfaidh ÚEÁPC caighdeáin rialála agus cur chun feidhme a dhréachtú agus moltaí a dhéanamh maidir le maoirseacht IORPanna a chomhordú. Comhoibríonn ÚEÁPC go dlúth le tíortha AE agus leis an gCoimisiún Eorpach.

Táthar ag súil le treoir nua a chur in ionad na treorach seo ó dheireadh 2016 i leith, agus beidh sí i bhfeidhm i ngach tír AE faoi dheireadh 2018.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN TREORACH?

Tá sí i bhfeidhm ón 23 Meán Fómhair 2003. Bhí ar na tíortha AE an treoir a ionchorprú ina ndlí náisiúnta faoin 22 Meán Fómhair 2005.

CÚLRA

Faigheann cistí pinsean ceirde in AE tairbhe ó na prionsabail um shaorghluaiseacht caipitil agus um shaorsholáthar seirbhísí. Ní mór a ngníomhaíocht trasteorann a chur chun cinn. Ag an am céanna, ní mór cosaint imleor dá bpinsin a chur ar fáil do gach ball agus gach tairbhí trí IORPanna atá rialaithe go stuama.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:

* PRÍOMHTHÉARMAÍ

Institiúidí um chóir ar scor ceirde: institiúidí airgeadais ina ndéantar scéimeanna comhscoir d’fhostóirí a bhainistiú, d’fhonn sochair scoir a chur ar fáil dá bhfostaithe (.i. baill agus tairbhithe na scéime).

Scéim Pinsean: conradh, comhaontú, gníomhas iontaobhais nó rialacha ina leagtar amach na sochair scoir a dheonaítear agus na coinníollacha faoina ndeonaítear iad.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Treoir 2003/41/EC ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Meitheamh 2003 maidir le gníomhaíochtaí agus maoirseacht institiúidí um sholáthar scoir cheirde. (IO L 235, 23.9.2003, lgh. 10-21)

Rinneadh na leasuithe agus na ceartúcháin leantacha ar Threoir 2003/41/CE a chorprú sa bhuntéacs. Is chun críocha tagartha atá an leagan comhdhlúite seo amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Téacs sealadach threoir IORP2 arna aontú ar bhonn polaitiúil i Meitheamh 2016, ar feitheamh glacadh foirmiúil.

Tuarascáil ón gCoimisiún ar roinnt príomhghnéithe i dtaca le Treoir 2003/41/CE maidir le gníomhaíochtaí agus maoirseacht institiúidí um sholáthar scoir cheirde (treoir IORP) (COM(2009) 203 final, 30.4.2009)

Treoir 2014/50/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le hÍosriachtanais um shoghluaisteacht lucht saothair idir Ballstáit a fheabhsú trí ghlacadh agus trí chaomhnú cearta pinsin fhorlíontaigh a fheabhsú (IO L 128, 30.4.2014, lgh. 1-7)

Rialachán cur chun Feidhme (AE) Uimh. 643/2014 an 16 Meitheamh 2014 lena leagtar síos na caighdeáin theicniúla um chur chun feidhme i dtaca le forálacha náisiúnta de chineál stuamachta a bhaineann leis an réimse pinsin cheirde de réir Threoir 2003/41/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 177, 17.6.2014, lgh. 34-41)

Nuashonraithe 14.09.2016