Atheagrú agus foirceannadh institiúidí creidmheasa
ACHOIMRE AR:
ACHOIMRE
CAD A DHÉANTAR SA TREOIR?
Dírítear inti a chinntiú, nuair a theipeann ar institiúid creidmheasa (banc go ginearálta) ag a bhfuil brainsí i dtíortha AE eile, go gcuirfear nós imeachta aonair féimheachta i bhfeidhm ar gach creidiúnaí agus gach infheisteoir.
PRÍOMHPHOINTÍ
Sa treoir:
— |
cuirtear prionsabal rialú na tíre baile i bhfeidhm. Ciallaíonn sé sin go mbeidh feidhm ag dlí na tíre AE ina bhfuil a hoifigí cláraithe ag an institiúid creidmheasa a dteipeann uirthi maidir le himeachtaí na féimheachta go léir;
|
— |
ceanglaítear inti go gcuirfear ar an eolas gach páirtí ábhartha, lena n-áirítear creidiúnaithe aitheanta maidir le himeachtaí na féimheachta agus na bearta atheagraithe. Áirítear air sin foilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus dhá nuachtán náisiúnta ar a laghad i ngach tír aíochta (i.e. iad siúd ina bhfuil a cheanncheathrú agus a bhrainsí ag an mbanc);
|
— |
déantar foráil inti, maidir le himeachtaí an fhoirceanta gurb é dlí na tíre baile an dlí is infheidhme. Ba chóir cúrsaí ar nós an méid seo a leanas a chumhdach inti go háirithe:
|
— |
Soiléirítear inti a tionchar atá ag imeachtaí na féimheachta agus an dlí is infheidhme i ndáil le conarthaí agus cearta dlíthiúla áirithe eile a bhféadfadh na himeachtaí dul i gcion orthu amhail conarthaí fostaíochta agus cearta maoine;
|
— |
ceanglaítear inti ar gach duine a gceanglaítear orthu faisnéis a fháil nó a thabhairt maidir le himeachtaí na féimheachta rúndacht ghairmiúil a chinntiú.
|
CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?
Tháinig sí i bhfeidhm an 5 Bealtaine 2001. Bhí sé le corprú ag tíortha AE ina ndlí náisiúnta faoin 5 Bealtaine 2004.
CÚLRA
Foirceannadh institiúidí creidmheasa
GNÍOMH
Treoir 2001/24/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Aibreán 2001 maidir le hatheagrú agus foirceannadh institiúidí creidmheasa (IO L 125, 5.5.2001, lch. 15-23)
Rinneadh na leasuithe agus na ceartúcháin leantacha ar Threoir 2001/24/CE a chorprú isteach sa bhundoiciméad. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
Nuashonraithe 05.01.2016