Atheagrú agus foirceannadh institiúidí creidmheasa

ACHOIMRE AR:

Treoir 2001/24/CE — nós imeachta aonair féimheachta do bhainc ag a bhfuil brainsí acu i níos mó ná tír AE amháin

ACHOIMRE

CAD A DHÉANTAR SA TREOIR?

Dírítear inti a chinntiú, nuair a theipeann ar institiúid creidmheasa (banc go ginearálta) ag a bhfuil brainsí i dtíortha AE eile, go gcuirfear nós imeachta aonair féimheachta i bhfeidhm ar gach creidiúnaí agus gach infheisteoir.

PRÍOMHPHOINTÍ

Sa treoir:

cuirtear prionsabal rialú na tíre baile i bhfeidhm. Ciallaíonn sé sin go mbeidh feidhm ag dlí na tíre AE ina bhfuil a hoifigí cláraithe ag an institiúid creidmheasa a dteipeann uirthi maidir le himeachtaí na féimheachta go léir;

ceanglaítear inti go gcuirfear ar an eolas gach páirtí ábhartha, lena n-áirítear creidiúnaithe aitheanta maidir le himeachtaí na féimheachta agus na bearta atheagraithe. Áirítear air sin foilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus dhá nuachtán náisiúnta ar a laghad i ngach tír aíochta (i.e. iad siúd ina bhfuil a cheanncheathrú agus a bhrainsí ag an mbanc);

déantar foráil inti, maidir le himeachtaí an fhoirceanta gurb é dlí na tíre baile an dlí is infheidhme. Ba chóir cúrsaí ar nós an méid seo a leanas a chumhdach inti go háirithe:

na cumhachtaí faoi seach atá ag institiúidí creidmheasa agus leachtaitheoirí,

iarmhairtí imeachtaí na féimheachta ar chúiseanna dlí ar bith a dhéanann creidiúnaithe aonair, agus

leithdháileadh na gcostas agus na speansas.

Soiléirítear inti a tionchar atá ag imeachtaí na féimheachta agus an dlí is infheidhme i ndáil le conarthaí agus cearta dlíthiúla áirithe eile a bhféadfadh na himeachtaí dul i gcion orthu amhail conarthaí fostaíochta agus cearta maoine;

ceanglaítear inti ar gach duine a gceanglaítear orthu faisnéis a fháil nó a thabhairt maidir le himeachtaí na féimheachta rúndacht ghairmiúil a chinntiú.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

Tháinig sí i bhfeidhm an 5 Bealtaine 2001. Bhí sé le corprú ag tíortha AE ina ndlí náisiúnta faoin 5 Bealtaine 2004.

CÚLRA

Foirceannadh institiúidí creidmheasa

GNÍOMH

Treoir 2001/24/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Aibreán 2001 maidir le hatheagrú agus foirceannadh institiúidí creidmheasa (IO L 125, 5.5.2001, lch. 15-23)

Rinneadh na leasuithe agus na ceartúcháin leantacha ar Threoir 2001/24/CE a chorprú isteach sa bhundoiciméad. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Nuashonraithe 05.01.2016