An Coiste Baincéireachta Eorpach

 

ACHOIMRE AR:

Cinneadh 2004/10/CE lena mbunaítear an Coiste Baincéireachta Eorpach

CAD IS AIDHM LEIS AN GCINNEADH?

Bunaítear leis an Coiste Baincéireachta Eorpach, coiste comhairleach a thugann tacaíocht agus comhairle don Choimisiún Eorpach maidir le ceisteanna beartais a bhaineann le gníomhaíochtaí baincéireachta san Aontas Eorpach (AE). Tá an Coiste Baincéireachta Eorpach bainteach go díreach leis an gCoimisiún agus cuidíonn sé leis le bearta cur chun feidhme a ghlacadh le haghaidh threoracha agus rialacháin AE.

PRÍOMHPHOINTÍ

Ról

Ballraíocht

Rialacha nós imeachta

In 2014, leasaigh an Coiste Baincéireachta Eorpach a rialacha nós imeachta. Rialaítear leo siúd gnéithe amhail:

Cuireadh an Coiste Baincéireachta Eorpach in ionad an Choiste Chomhairligh Baincéireachta a bhí ann roimhe seo.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN CHINNIDH?

Tá sé i bhfeidhm ón 13 Aibreán 2005 (an dáta ar ar tháinig Treoir 2005/1/CE, lenar cuireadh an Coiste Baincéireachta Eorpach in ionad an Choiste Chomhairligh Baincéireachta, i bhfeidhm).

CÚLRA

Chun tuilleadh faisnéise a fháil ar obair an Choiste Baincéireachta Eorpaigh, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Cinneadh 2004/10/CE ón gCoimisiún an 5 Samhain 2003 lena mbunaítear an Coiste Baincéireachta Eorpach (IO L 3, 7.1.2004, lgh. 36-37)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Treoir 2005/1/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2005 lena leasaítear Treoir 73/239/CEE, Treoir 85/611/CEE, Treoir 91/675/CEE, Treoir 92/49/CEE agus Treoir 93/6/CEE ón gComhairle 94/19/CE, Treoir 98/78/CE, Treoir 2000/12/CE, Treoir 2001/34/CE, Treoir 2002/83/CE agus Treoir 2002/87/CE chun struchtúr eagrúcháin nua a bhunú do choistí seirbhísí airgeadais (IO L 79, 24.3.2005, lgh. 9-17)

Nuashonraithe 04.10.2016