Rialacha maidir le conarthaí oibreacha poiblí, le conarthaí soláthair phoiblí agus le conarthaí seirbhíse poiblí

Iarrtar leis an dlí seo margadh oscailte le haghaidh soláthair phoiblí a chinntiú agus na rialacha a chur i bhfeidhm go cothrom a bhaineann le conarthaí oibreacha poiblí, le conarthaí soláthair phoiblí agus le conarthaí seirbhíse poiblí a dhámhachtain.

ACHOIMRE

I dTreoir 2004/18/CE, leagtar síos rialacha an Aontais Eorpaigh (AE) maidir le conarthaí oibreacha poiblí, le conarthaí soláthair phoiblí agus le conarthaí seirbhíse poiblí a dhámhachtain. Tá sé ina chuspóir ag an Treoir a chinntiú go mbeidh an próiseas soláthair phoiblí cothrom agus oscailte do thairgeoirí cibé cén áit san AE ina bhfuil siad.

Raon feidhme

Clúdaíonn an dlí beagnach gach conradh poiblí seachas i gcás fóntas (uisce, iompar, fuinneamh agus seirbhísí poist), na teileachumarsáide, lamháltas seirbhíse (mar shampla, feidhmiú carrchlóis atá ann cheana féin) agus conarthaí áirithe a bhaineann le cosaint nó slándáil.

4 chineál nós imeachta

Trédhearcacht

Déantar an trédhearcacht a áirithiú trí fhógraí a bhaineann le conarthaí poiblí a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an AE agus sa bhunachar sonraí TED, mar aon lena bhfoilsiú ar an leibhéal náisiúnta. Ní mór an fhaisnéis chéanna a bheith i ngach foilseachán ionas nach mbeidh buntáiste ag aon tairgeoir. Bíonn faisnéis den sórt seo iontu:

Conradh a dhámhachtain

Déantar conradh a dhámhachtain ar bhonn na gcritéar seo a leanas:

Tairsí

Clúdaítear gach conradh poiblí a bhfuil a luach os cionn tairseach thugtha. Déantar na tairsí a ríomh gach 2 bhliain.

Amhail an 1 Eanáir 2014, is iad seo a leanas na príomh-thairsí i gcomhair conarthaí soláthair maidir le hoibreacha poiblí, le soláthar poiblí agus le seirbhís phoiblí arna leasú ag Rialachán (AE) Uimh. 1336/2013:

Údaráis rialtais láir

Conarthaí soláthair a ndéantar a dhámhachtain ag údaráisrialtais láiratá ag feidhmiú sa réimse cosanta: (i) i gcomhair táirgí atá liostaithe in Iarscríbhinn V: EUR 134 000; (ii) i gcomhair táirgí eile: EUR 207 000.

Údaráis chonarthacha fho-láir

Beidh feidhm ag Treoir 2004/18/CE go dtí an 18.4.2016, an dáta a chuirfear treoir nua (Treoir 2014/24/AE) i bhfeidhm ina hionad.

GNÍOMH

Treoir 2004/18/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 maidir le nósanna imeachta a chomhordú i ndáil le conarthaí oibreacha poiblí, le conarthaí soláthair phoiblí agus le conarthaí seirbhíse poiblí a dhámhachtain (IO L 134, 30.4.2004, lgh. 114–240)

Rinneadh leasuithe agus ceartúcháin ar Threoir 2004/18/CE a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

GNÍOMHARTHA GAOLMHARA

Treoir 2014/17/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 lena gcomhordaítear na nósanna imeachta um sholáthar de chuid eintiteas a oibríonn in earnálacha an uisce, an fhuinnimh, an iompair agus na seirbhísí poist. (IO L 134, 30.4.2004, lgh. 1–113)

Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/18/CE (IO L 94, 28.3.2014, lgh. 65–242)

Nuashonraithe 30.09.2015