Dámhachtain conarthaí poiblí agus lamháltas — earnálacha an uisce, an fhuinnimh, an iompair agus na teileachumarsáide
ACHOIMRE AR:
Treoir 92/13/CEE lena gcomhordaítear na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin a bhaineann le rialacha an Chomhphobail a chur i bhfeidhm maidir le nósanna imeachta um sholáthar de chuid eintiteas a oibríonn in earnálacha an uisce, an fhuinnimh, an iompair agus na teileachumarsáide
CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?
Ceanglaítear inti ar thíortha AE a áirithiú gur féidir athbhreithniú tapa agus éifeachtúil a dhéanamh ar dhámhachtain conarthaí poiblí agus lamháltas san earnáil fóntas, chomh maith le réamhchinntí nós imeachta sa chomhthéacs sin, ar na forais gur sháraigh na cinntí sin dlí AE um sholáthar poiblí.
PRÍOMHPHOINTÍ
- Tá feidhm ag Treoir 92/13/CEE maidir le conarthaí poiblí agus lamháltais san earnáil fóntas a thagann faoi raon feidhme na rialacha substainteacha ábhartha (Treoir 2014/23/AE — féach an achoimre — agus Treoir 2014/25/AE — féach an achoimre — tá an ceann deireanach a luadh curtha in ionad Threoir 2004/17/CE ón 18 Aibreán 2016).
- Ní mór do thíortha AE a áirithiú go mbeidh na nósanna imeachta athbhreithnithe ar fáil d’aon duine ar a laghad a bhfuil, nó a raibh, spéis aige nó aici i gconradh áirithe a fháil agus dá ndearna, nó a bhfuil baol ann go ndéanfaidh, sárú líomhnaithe dochar dó nó di.
- Le Treoir 92/13/CEE is féidir caingne a thionscnamh sula síneofar an conradh (leigheasanna réamhchonarthacha) agus i ndiaidh é a shíniú (leigheasanna iarchonarthacha).
- Úsáidtear leigheasanna réamhchonarthacha chun sárú na rialacha soláthair phoiblí a chur ina gceart i rith an nós imeachta tairisceana agus, in aon chás, sula mbeidh éifeacht leis an gconradh. Áirítear orthu sin an ceart maidir le bearta eatramhacha, ré aithrí éigeantach agus an ceanglas maidir leis an nós imeachta dámhachtana a chur ar fionraí a fhad is atá imscrúdú á dhéanamh ar an achomharc chun dámhachtain an chonartha a chosc.
- Tá sé mar aidhm le leigheasanna iar-chonarthacha conradh reatha a dheimhniú mar cheann neamhéifeachtach agus/nó chun cúiteamh a sholáthar (damáistí den chuid is mó) do na páirtithe a ndéanfaidh sé difear dóibh tar éis don chonradh atá i gceist a bheith deonaithe.
- Rinneadh leasú cuimsitheach ar Threoir 92/13/CEE le Treoir 2007/66/CE. Tugadh leasuithe eile isteach le Treoir 2014/23/AE, chun raon feidhme Threoir 92/13/CEE a mhéadú go príomha maidir le lamháltais faoi Threoir 2014/23/AE agus chun tagairtí do na rialacha substainteacha le haghaidh conarthaí poiblí arna leagan síos i dTreoir 2014/25/AE a thabhairt chun dáta.
- Is ionann Treoir 89/665/CEE (féach an achoimre) agus Treoir 92/13/CEE don earnáil phoiblí. Rinneadh leasú cuimsitheach air le Treoir 2007/66/CE. Tugadh leasuithe eile isteach le Treoir 2014/23/AE dá riachtanais féin agus do riachtanais Threoir 2014/24/AE (féach an achoimre).
CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?
Tá feidhm léi ón 6 Márta 1992 agus b’éigean dlí a dhéanamh di i dtíortha AE faoin 1 Eanáir 1993.
CÚLRA
Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:
PRÍOMHDHOICIMÉAD
Treoir 92/13/CEE an 25 Feabhra 1992 lena gcomhordaítear na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin a bhaineann le rialacha an Chomhphobail a chur i bhfeidhm maidir le nósanna imeachta um sholáthar de chuid eintiteas a oibríonn in earnálacha an uisce, an fhuinnimh, an iompair agus na teileachumarsáide (IO L 76, 23.3.1992, lgh. 14-20)
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Threoir 92/13/CEE a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
DOICIMÉID GHAOLMHARA
Treoir 2014/23/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le dámhachtain conarthaí lamháltais (IO L 94, 28.3.2014, lgh. 1-64)
Féach an leagan comhdhlúite.
Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí lena n–aisghairtear Treoir 2004/18/CE (IO L 94, 28.3.2014, lgh. 65-242)
Féach an leagan comhdhlúite.
Treoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar eintiteas a oibríonn sna hearnálacha uisce, fuinnimh, iompair agus seirbhísí poist agus lena n–aisghairtear Treoir 2004/17/CE (IO L 94, 28.3.2014, lgh. 243-374)
Féach an leagan comhdhlúite.
Nuashonraithe 09.01.2020