Uasleibhéil d’éilleáin áirithe sa bhia

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (CE) Uimh. 1881/2006 lena socraítear uasleibhéil éilleán áirithe in earraí

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

Leagtar síos leis an Rialachán na huasleibhéil le haghaidh éilleáin áirithe bhia chun sláinte shaoránaigh an Aontais Eorpaigh (AE) a chosaint, lena n–áirítear na grúpaí is leochailí den daonra, amhail leanaí, daoine scothaosta agus mná torracha.

PRÍOMHPHOINTÍ

Raon feidhme

Cad a chumhdaítear faoin rialachán?

Teorainneacha

Ní ceadmhach bia ina bhfuil leibhéil níos airde éilleán ná na cinn atá sonraithe san iarscríbhinn leis an rialachán a dhíol. Clúdaítear sna teorainneacha sin an chuid inite de bhia agus baineann siad freisin le bianna cumaisc, próiseáilte, triomaithe nó caolaithe.

Leagtar síos sa rialachán freisin na huasleibhéil is ísle maidir le héilleáin atá indéanta go réasúnta le dea-chleachtas déantúsaíochtadea-chleachtas talmhaíochta, i.e. “chomh híseal agus is indéanta le réasún”.

Cosc ar mheascadh

Lipéadú

Eisceachtaí

Tástáil

Ní mór do na Ballstáit leibhéil na n–éilleán i mbianna a thástáil. Ní mór a dtorthaí a chur chuig an Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia a cuireadh ar bun faoi Rialachán (EC) Uimh. 178/2002 (féach an achoimre).

Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 1881/2006

Rinneadh an rialachán a leasú breis is 30 uair. Baineann go leor de na leasuithe sin le hiarscríbhinn an rialacháin, ina liostaítear na huasleibhéil d’éilleáin áirithe i mbia–ábhair.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá feidhm leis ón 01 Márta 2007.

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (CE) Uimh. 1881/2006 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2006 lena socraítear uasleibhéil éilleán áirithe in earraí bia (IO L 364, 20.12.2006, lgh. 5–24).

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (CE) Uimh. 1881/2006 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2002 lena leagtar síos prionsabail ghinearálta agus ceanglais maidir leis an dlí faoi bhia, lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia agus lena leagtar síos nósanna imeachta in ábhair a bhaineann le sábháilteacht bia (IO L 31, 1.2.2002, lgh. 1–24).

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán (CEE) Uimh. 315/93 ón gComhairle an 8 Feabhra 1993 lena leagtar síos nósanna imeachta Comhphobail maidir le héilleáin i mbia (IO L 37, 13.2.1993, lgh. 1–3).

Féach an leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 26.03.2023