Iarmhair lotnaidicídí i mbia agus i mbia ainmhithe

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 maidir le huasleibhéil iarmhar lotnaidicídí i mbia agus i mbeatha de bhunadh plandaí nó ainmhíoch

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

Tá na bia–ábhair uile atá ceaptha lena n–ithe ag daoine nó ainmhithe san Aontas Eorpach (AE) faoi réir uasleibhéil iarmhar (UI) lotnaidicídí d’fhonn sláinte ainmhithe agus daoine a chosaint. Rialaítear le dlí AE na UInna a bhaineann le táirgí éagsúla agus bunaítear leis UI réamhshocraithe i gcás nár bunaíodh UI ar leith.

Le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 leagtar síos na huasmhéideanna iarmhar lotnaidicídí a cheadaítear i dtáirgí de bhunadh ainmhíoch nó glasraí atá beartaithe lena n–ithe daoine nó ag ainmhithe. Áirítear iad seo a leanas ar na UInna sin, atá socraithe ag an gCoimisiún Eorpach:

PRÍOMHPHOINTÍ

Tá na UInna do gach barra agus lotnaidicíd liostaithe ar bhunachar sonraí AE de chuid an Choimisiúin.

Na bia–ábhair atá clúdaithe

Clúdaítear sa rialachán na táirgí uile atá beartaithe lena n–ithe ag daoine nó ainmnithe, agus tá siad liostaithe in Iarscríbhinn I a ghabhann leis.

Níl feidhm ag an rialachán maidir le táirgí de bhunadh ainmhíoch nó plandaí, má tá siad beartaithe le haghaidh:

Eisceachtaí

Féadfaidh substaintí áirithe atá liostaithe ag an gCoimisiún (Iarscríbhinn VII) a bheith údaraithe ag údaráis náisiúnta fiú má sháraíonn siad a UI, má shásaíonn siad na coinníollacha seo a leanas:

Measúnú sábháilteachta

Tá an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (EFSA) freagrach as an measúnú sábháilteachta ar iarratais nua a chuirtear isteach le haghaidh UInna agus le haghaidh athbhreithniú ar UInna atá ann cheana. Bunaítear é sin ar thocsaineacht gach substainte, na leibhéil uasta a mbítear ag súil leo i mbia agus réimeanna bia na dtomhaltóirí. Bunaithe ar thuairim EFSA, eisíonn an Coimisiún rialachán chun UI nua a bhunú nó chun ceann atá ann cheana a leasú nó a scriosadh.

Rialú iarmhar lotnaidicídí i mbia

clár rialaithe ilbhliantúil comhordaithe ag an Aontas Eorpach, lena gceanglaítear, gach bliain, ar na Ballstáit réimse comhaontaithe táirgí (atá ábhartha sa réim bia) a shampláil, a anailísiú agus a thástáil le haghaidh réimse comhaontaithe lotnaidicídí. Déantar é sin lena áirithiú go gcomhlíonfaidh siad na UInna lotnaidicídí agus chun measúnú a dhéanamh ar a nochtadh do thomhaltóirí. Déanann an EFSA na torthaí sin a chomhordú agus a fhoilsiú ar bhonn bliantúil. Chomh maith le clár comhordaithe AE, tá a gcláir náisiúnta rioscabhunaithe féin ag na Ballstáit.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tháinig an rialachán i bhfeidhm ar an 5 Aibreán 2005 agus tháinig sé i bhfeidhm go hiomlán i mí Mheán Fómhair 2008.

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Feabhra 2005 maidir le huasleibhéil iarmhair lotnaidicídí i mbia agus i mbeatha nó ar bhia nó ar bheatha de bhunadh plandaí nó ainmhíoch agus lena leasaítear Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (IO L 70, 16.3.2005, lgh. 1–16).

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/585 ón gCoimisiún an 27 Aibreán 2020 maidir le clár rialaithe comhordaithe ilbhliantúil Aontais le haghaidh 2021, 2022 agus 2023 chun comhlíonadh uasteorainneacha lotnaidicídí a áirithiú agus chun neamhchosaint tomhaltóirí ar iarmhair lotnaidicídí i mbia agus ar bhia de bhunadh plandaí agus ainmhíoch a mheas ( (IO L 135, 29.4.2020, lgh. 1-12).

Féach an leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 21.10.2023