Treotháscairí le haghaidh mótarfheithiclí le leantóirí (go dtí 2014)
Féachtar leis an treoir seo ceanglais theicniúla a chur ar bun maidir le treotháscairí, le gur féidir nós imeachta cineálcheadaithe an Chomhphobail (CE) a chur i bhfeidhm.
ACHT
Treoir 76/759/CEE ón gComhairle an 27 Iúil 1976 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le treotháscairí le haghaidh mótarfheithiclí agus a leantóirí [Féach na hachtanna leasaitheacha].
ACHOIMRE
Bíonn ar na Ballstáit uile cineálcheadú comhpháirte CE a dhámhachtain le haghaidh gach cineál treotháscaire a chomhlíonann na ceanglais tógála agus tástála atá leagtha síos sna hIarscríbhinní a ghabhann leis an treoir, agus comhartha chineálcheadú comhpháirte CE a eisiúint, le haghaidh gach cineáil, atá i gcomhréir leis an tsamhail a thaispeántar san Iarscríbhinn a ghabhann leis an treoir. Bíonn ar an Bhallstát a dhéanann cineálcheadú comhpháirte CE a dhámhachtain na bearta riachtanacha a dhéanamh lena fhíorú go gcloíonn samhlacha táirgthe leis an chineál ceadaithe.
De réir an chórais lena ndéantar ceadú a dhámhachtain, atá leagtha amach sa treoir, ní ceadmhach do na Ballstáit:
In ainneoin sin, féadfaidh Ballstát cosc a chur ar threotháscairí a chur ar an mhargadh, treotháscairí a bhfuil comhartha chineálcheadú comhpháirte CE orthu, toisc nach gcloíonn siad riamh leis an chineál ceadaithe.
Aisghairfear an treoir seo le Rialachán (CE) Uimh. 661/2009 le héifeacht ón 1 Samhain 2014.
TAGAIRTÍ
Acht |
Teacht i bhfeidhm |
Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit |
Iris Oifigiúil |
Treoir 76/759/CE |
30.7.1976 |
1.7.1977 |
IO L 262, 27.9.1976, lch. 71-84 |
Acht leasaitheach/Achtanna leasaitheacha |
Teacht i bhfeidhm |
Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit |
Iris Oifigiúil |
Treoir 1999/15/CE |
2.5.1999 |
1.10.1999 |
IO L 97, 12.4.1999, lch. 14-31 |
1.5.2004 |
1.5.2004 |
IO L 236, 23.9.2003 |
|
Treoir 2006/96/CE |
1.1.2007 |
1.1.2007 |
IO L 363, 20.12.2006, lch. 709-734 |
Treoir 2013/15/AE |
1.7.2013 |
1.7.2013 |
IO L 158, 10.6.2013, lch. 172-183 |
Corpraíodh sa bhuntéacs leasuithe agus ceartúcháin i ndiaidh a chéile ar Threoir 76/759/CE. Is chun críocha tagartha amháin an leagan comhdhlúite seo.
Nuashonrú is déanaí: 02.07.2014