Sábháilteacht dóiteáin in óstáin atá ann cheana

ACHOIMRE AR:

Moladh 86/666/CEE ón gComhairle maidir le sábháilteacht dóiteáin in óstáin atá ann cheana

CAD IS AIDHM LEIS AN MOLADH?

PRÍOMHPHOINTÍ

Réamhchúraimí

Moltar do thíortha AE réamhchúraimí dóiteáin a thabhairt isteach chun 4 chuspóir a bhaint amach:

Prionsabail

Moltar do thíortha AE beart a dhéanamh lena chinntiú go bhfuil óstáin faoi réir rialacha bunaithe ar shraith prionsabal. Áirítear orthu sin:

Treoirlínte teicniúla

Tá treoirlínte teicniúla ar fáil san iarscríbhinn a ghabhann leis an moladh. Baineann siad sin go sonrach leo seo a leanas:

Cigireacht

Ba cheart cigireacht rialta a dhéanamh ar óstáin.

Tuarascáil

In 2001, faoi mar a beartaíodh sa mholadh, d’eisigh an Coimisiún Eorpach tuarascáil maidir leis na bearta a thug tíortha AE isteach chun é a chur i bhfeidhm. Sonraíodh ann gur bhraith an tionchar sna tíortha AE éagsúla ar an leibhéal cosanta a bhí i bhfeidhm cheana agus ar an dóigh ar trasuíodh an dlí náisiúnta i roinnt tíortha, bhí treoirlínte teicniúla nó íoscheanglais an mholta nó tuilleadh lena chois sin fiú sna dlíthe náisiúnta cheana; mar sin féin, i dtíortha eile, ní raibh sé ach curtha i bhfeidhm go páirteach, gan é i bhfeidhm ach ar thógáil óstán úr nó ar obair i bhforais a bhí ann cheana.

Tuarascáil leantach

Maidir le ceist ghaolmhar, d’ullmhaigh an Coimisiúntuarascáil in 2013 maidir leis na rialacha a bhí ann cheana ar shábháilteacht seirbhísí áirithe do thomhaltóirí ar leibhéal náisiúnta ar fud AE agus san Iorua, san Íoslainn agus i Lichtinstéin. I measc nithe eile, breathnaíodh inti ar a rialacha náisiúnta faoi seach maidir le sábháilteacht na seirbhísí cóiríochta turasóireachta.

Thionóil an Coimisiún comhairliúchán poiblí maidir le sábháilteacht na seirbhísí cóiríochta turasóireachta in 2014. I ndiaidh an t-aiseolas a phróiseáil, chinn an Coimisiún nach raibh gaol ar bith idir na rialacha a bhí ann cheana idir tíortha AE, an t-easnamh rialacháin ar leibhéal AE de bharr coimhdeachta agus na rioscaí do thomhaltóirí.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN MHOLTA?

Cuireadh i bhfeidhm é an 22 Nollaig 1986.

GNÍOMH

Moladh 86/666/CEE ón gComhairle an 22 Nollaig 1986 maidir le sábháilteacht dóiteáin in óstáin atá ann cheana (IO L 384, 31.12.1986, lgh. 60-68)

GNÍOMHARTHA GAOLMHARA

Tuarascáil ón gCoimisiún maidir le cur chun feidhme an Mholta ón gComhairle an 22 Nollaig 1986 maidir le sábháilteacht dóiteáin in óstáin atá ann cheana (86/666/CEE) (COM(2001) 348 final an 27.6.2001)

Nuashonraithe 27.06.2016