Subha torthaí agus purée cnó capaill milsithe
Baineann rialacha sainiúla le comhdhéanamh agus le lipéadú subha torthaí agus purée cnó capaill milsithe i ndáil lena gcion torthaí agus siúcra, lena gcion iarmharach dé-ocsaíde sulfair agus le breiseáin cheadaithe eile.
ACHT
Treoir 2001/113/CE ón gComhairle an 20 Nollaig 2001 maidir le subha torthaí, glóthacha, marmaláidí agus purée cnó capaill milsithe a ceapadh lena gcaitheamh ag an duine [Féach an t-acht leasaitheach/na hachtanna leasaitheacha].
ACHOIMRE
Cumhdaítear na táirgí seo a leanas sa treoir seo: subh, subh rí-íon, glóthach, glóthach rí-íon, marmaláid, marmaláid ghlóthaí agus purée cnó capaill milsithe.
Ní chumhdaítear na nithe seo a leanas sa treoir seo: táirgí a úsáidtear chun mínearraí bácúis, cístí nó brioscaí a dhéanamh.
Sainítear na táirgí lena mbaineann bunaithe ar a gcomhdhéanamh lena chinntiú go n-úsáidfear na hainmneacha táirge i gceart agus iad á dtrádáil, agus nach n-úsáidfear ar bhealach míthreorach iad.
De bhreis ar ainm an táirge, sonraítear an toradh nó na torthaí a úsáidtear, agus déantar é seo in ord íslitheach bunaithe ar a meáchan. Má úsáidtear trí thoradh nó níos mó, áfach, ní mór na focail torthaí measctha nó focail chomhchosúla, a úsáid seachas an toradh nó na torthaí atá ann, nó ní mór líon na dtorthaí a úsáidtear a shonrú.
Ina theannta sin, ní mór an t-eolas seo a leanas a shonrú ar lipéid subha, glóthach, marmaláidí agus purée cnó capaill milsithe:
Tá liosta de bhreiseáin údaraithe amhail mil, siúcra, sú torthaí agus biotáillí áirithe in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an treoir.
Ní ceadmhach do na Ballstáit bac a chur le margú táirgí a chloíonn le forálacha na treorach seo.
Cúlra
Tá an treoir seo ina cuid den chlár chun treoracha áirithe ingearacha a bhaineann le bia-ábhar a shimpliú. Cuirtear san áireamh inti an Treoir maidir le lipéadú agus le fógraíocht bia-ábhair.
TAGAIRTÍ
Acht |
Teacht i bhfeidhm |
Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit |
Iris Oifigiúil |
Treoir 2001/113/CE |
12.1.2002 |
11.7.2003 |
IO L 10, 12.1.2002, lch. 67 |
Acht leasaitheach/Achtanna leasaitheacha |
Teacht i bhfeidhm |
Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit |
Iris Oifigiúil |
Treoir 2004/84/CE |
12 .7.2004 |
- |
IO L 219, 19.6.2004, lch. 8 |
Rialachán (CE) Uimh. 1182/2007 |
6.11.2007 |
- |
IO L 273, 17.10.2007, lch. 1 |
Corpraíodh sa bhuntéacs leasuithe agus ceartúcháin i ndiaidh a chéile ar Threoir 2001/113/CE. Is chun críocha eolais amháin an leagan comhdhlúite seo.
ACHTANNA GAOLMHARA
Rialachán (AE) Uimh. 1021/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 1999/4/CE agus Treoir 2000/36/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2001/111/CE, Treoir 2001/113/CE agus Treoir 2001/114/CE ón gComhairle maidir leis na cumhachtaí atá le tabhairt don Choimisiún [Iris Oifigiúil L 287, 29.10.2013, lch. 1].
Leis an rialachán seo cuirtear cumhachtaí cur chun feidhme reatha an Choimisiúin, a ndéantar foráil dóibh sna cúig threoir bricfeasta mar a dtugtar orthu, ar chomhréim leis an Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) agus go háirithe le hAirteagal 290 a chuireann ar chumas an Choimisiúin glacadh le gníomhartha tarmligthe.
Nuashonrú is déanaí: 30.04.2014