Orgánaigh ghéinmhodhnaithe — aitheantóirí uathúla

ACHOIMRE AR:

Rialachán (CE) Uimh. 65/2004 ón gCoimisiún maidir le haitheantóirí uathúla le haghaidh orgánach géinmhodhnaithe

ACHOIMRE

CÉARD A DHÉANTAR SA RIALACHÁN?

Sa rialachán seo, leagtar síos aitheantóir uathúil*, atá cosúil le barrachód, a bhfuil ceann díobh ag gach orgánach géinmhodhnaithe* (OGM) a chuirtear ar an margadh. Is príomheilimint é seo maidir le hinrianaitheacht* agus le lipéadú bia agus beatha ainmhithe a thagann ó OGManna, a fhéachann le rogha na dtomhaltóirí a fheabhsú agus leis an tsláinte agus an comhshaol a chosaint.

PRÍOMHPHOINTÍ

Ar mhaithe le comhsheasmhacht le forbairtí i bhfóraim idirnáisiúnta, úsáidtear formáid aitheantóra uathúil ag bunachar sonraí BioTrack de chuid na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta agus ag an Teach Imréitigh Bithshábháilteachta de Phrótacal Cartagena ar an mBithshábháilteacht a ghabhann leis an gCoinbhinsiún maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch.

Nuair a dhéantar iarratas nua ar OGM a údarú chun é a chur ar an margadh, ní mór don iarratasóir scrúdú a dhéanamh ar na bunachair shonraí chun a chinntiú nach bhfuil aitheantóir ag an OGM sin cheana, sula gcruthaítear aitheantóir uathúil san fhormáid fhorordaithe.

Nuair a fhaightear údarú chun OGM a chur ar an margadh, cuireann an Coimisiún Eorpach an t-aitheantóir uathúil in iúl don Teach Imréitigh Bithshábháilteachta agus déantar é a thaifeadadh i gclár Aontais Eorpaigh (AE) na OGManna údaraithe.

Faoin rialachán, tugadh aitheantóirí uathúla do na OGManna go léir a ndearnadh iad a údarú sular cuireadh an rialachán i bhfeidhm.

Leagtar amach formáid an aitheantóra uathúil san iarscríbhinn a ghabhann leis an rialachán: naoi ndigit alfa-uimhriúla atá ann. Seasann an dá nó na trí dhigit ag tús an aitheantóra d’ainm na cuideachta nó na heagraíochta. Seasann an dara cuid den aitheantóir (cúig nó sé dhigit) don teagmhas trasfhoirmithe* agus is digit fhíoraithe aonair an chuid dheireanach den aitheantóir, iad go léir scartha le dais, mar shampla: MON-00603-1.

CATHAIN A BHEIDH FEIDHM AG AN RIALACHÁN?

Cuireadh an rialachán i bhfeidhm an 16 Eanáir 2004.

CÚLRA

Féach “Inrianaitheacht agus lipéadú” ar láithreán gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh chun tuilleadh faisnéise a fháil.

PRÍOMHTHÉARMAÍ

* Aitheantóir uathúil: cód alfa-uimhriúil a bhaineann go sonrach le OGM ar féidir é a úsáid chun an OGM sin a aithint go réidh ar lipéadú táirge.

* Orgánaigh ghéinmhodhnaithe: plandaí nó ainmhithe a phóraítear chun táirgeacht níos mó a chur ar fáil nó chun galar a throid, trína gcomhdhéanamh ceallach nó géiniteach a mhionathrú.

* Inrianaitheacht: a bheith ábalta OGManna, agus na táirgí a tháirgtear le OGManna a rianú, ag gach céim de shlabhra na táirgeachta agus an dáileacháin, rud a dhéanann éascaíocht ar lipéadú cruinn.

* Teagmhas trasfhoirmithe: téarma a úsáidtear chun idirdhealú a dhéanamh idir na cineálacha barr (trasfhoirmithe) a ndearnadh innealtóireacht ghéiniteach orthu agus orgánaigh eile.

GNÍOMH

Rialachán (CE) Uimh. 65/2004 ón gCoimisiún an 14 Eanáir 2004 lena mbunaítear córas chun aitheantóirí uathúla le haghaidh orgánach géinmhodhnaithe a fhorbairt agus a shannadh (IO L 10, 16.1.2004, lgh. 5-10)

GNÍOMHARTHA GAOLMHARA

Rialachán (CE) Uimh. 641/2004 ón gCoimisiún an 6 Aibreán 2004 maidir le rialacha mionsonraithe a bhaineann le cur i bhfeidhm Rialacháin (CE) Uimh. 1829/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hiarratas a dhéanamh ar údarú bia agus beatha ghéinmhodhnaithe nua, le táirgí reatha a chur in iúl agus le hábhar géinmhodhnaithe a bheith ann go teagmhasach nó go teicniúil, ábhar a ndearnadh measúnú fabhrach riosca air (IO L 102, 7.4.2004, lgh. 14-25).

Ionchorpraíodh sa bhuntéacs leasuithe i ndiaidh a chéile ar Rialachán (CE) Uimh. 641/2004 ón gCoimisiún. Is chun críocha doiciméadúcháin amháin an leagan comhdhlúite seo.

Rialachán (CE) Uimh. 1830/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le hinrianaitheacht agus lipéadú orgánach géinmhodhnaithe agus le hinrianaitheacht táirgí bia agus beatha a táirgeadh le horgánaigh ghéinmhodhnaithe agus lena leasaítear Treoir 2001/18/CE (IO L 268, 18.10.2003, lgh. 24-28). Féach an leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 12.04.2016