Éilleáin i mbia: a dtionchair dhiúltacha a íoslaghdú

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (CEE) Uimh. 315/93 maidir le nósanna imeachta AE maidir le héilleáin i mbia

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

Féachann sé le sláinte an phobail a chosaint trí mhargaíocht bianna ina bhfuil méid do-ghlactha de shubstaintí iarmharacha ar a dtugtar ábhar salaithe a thoirmeasc.

PRÍOMHPHOINTÍ

Socraítear le Rialachán (AE) 2023/915 ón gCoimisiún (féach achoimre) uasleibhéil d’ábhar salaithe áirithe i mbia, amhail níotráit, luaidhe, caidmiam, mearcair, arsanaic, meilimín, etc.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá sé i bhfeidhm ón 01 Márta 1993.

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (CEE) Uimh. 315/93 ón gComhairle an 8 Feabhra 1993 lena leagtar síos nósanna imeachta Comhphobail maidir le héilleáin i mbia (IO L 37, 13.2.1993, lgh. 1–3).

Ionchorpraíodh sa bhuntéacs leasuithe agus ceartúcháin i ndiaidh a chéile ar Rialachán (CEE) Uimh. 315/93. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán (AE) 2023/915 ón gCoimisiún an 25 Aibreán 2023 maidir le huasleibhéil le haghaidh éilleáin áirithe i mbia agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1881/2006 (IO L 119, 5.5.2023, lgh. 103–157).

Féach an leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 03.11.2023