Tarracóirí agus innealra talmhaíochta nó foraoiseachta: struchtúir chosanta thulsuite
Rinne an tAontas Eorpach na ceanglais theicniúla a chomhchuibhiú a bhaineann le struchtúir chosanta thulsuite i gcás iompaithe ar tharracóirí caolrianta. An phríomhaidhm ná sábháilteacht ag an obair agus sábháilteacht ar bhóithre a chinntiú.
ACHT
Treoir 87/402/CEE an 25. Meitheamh 1987 ón gComhairle maidir le struchtúir chosanta i gcás iompaithe atá suite os comhair shuíochán an tiománaí i dtarracóirí talmhaíochta agus foraoiseachta caolrianta le rothaí [Féach na hachtanna leasaitheacha].
ACHOIMRE
Raon
Cuirtear an treoir i bhfeidhm maidir le tarracóirí caolrianta, .i. tarracóirí le rianta atá níos lú ná 1 150 mm ar leithead, a bhfuil meáchan gan ualach idir 600 agus 3 000 kg orthu agus a bhfuil scóip 600 mm ar a mhéad ón talamh ag na pointí is ísle den tulacastóir agus den chúlacastóir, rud a cheadaíonn difreálach.
Ní ceadmhach do Bhallstát ar bith diúltú do, ná cosc a chur ar tharracóir a dhíol, a chlárú, a chur ar sheirbhís nó a úsáid, ná diúltú do chineálcheadú an Chomhphobail (CE) ná do chineálcheadú náisiúnta a dhámhachtain, má chomhlíontar ceanglais na treorach. Ní mór struchtúr cosanta i gcás iompaithe a bheith feistithe ar na tarracóirí go léir a chumhdaítear sa treoir.
Ceanglais tógála agus tástála
Leagtar amach in Iarscríbhinní I agus II na nósanna imeachta tógála agus tástála agus na coinníollacha maidir le cineálcheadú agus le cineálcheadú comhpháirte CE a dhámhachtain. Nuair a dhéantar struchtúr cosanta i gcás iompaithe agus a fhorbhall tarracóra a cheadú, ní mór go n-eiseodh an Ballstát lena mbaineann comhartha chineálcheadú comhpháirte CE (a chloíonn leis an tsamhail in Iarscríbhinn VII) do mhonaróir an tarracóra nó an struchtúir chosanta i gcás iompaithe, nó d’ionadaí údaraithe an mhonaróra.
Má tá comhartha chineálcheadú comhpháirte CE ar struchtúr cosanta i gcás iompaithe nó ar fhorbhall tarracóra de chuid an struchtúir, agus má chomhlíontar na ceanglais atá leagtha síos in Iarscríbhinn IX, ní ceadmhach cosc a chur ar an struchtúr a chur ar an mhargadh.
Is féidir le Ballstát, áfach, cosc a chur ar struchtúir chosanta i gcás iompaithe, a bhfuil comhartha chineálcheadú comhpháirte CE orthu, a chur ar an mhargadh, mura gcloíonn siad leis an chineál ceadaithe.
Eolas atá le roinnt go míosúil
Gach mí, bíonn ar na Ballstáit cóipeanna a sheoladh chuig na Ballstáit eile den deimhniú chineálcheadú comhpháirte (tá deimhniú samplach le fáil in Iarscríbhinn VIII) a eisítear le haghaidh gach chineál struchtúir chosanta i gcás iompaithe, struchtúr cosanta a cheadaítear nó nach gceadaítear.
Aisghairm
Aisghairfear Treoir 87/402/CEE le Rialachán (AE) Uimh. 167/2013 an 5.Feabhra 2013le héifeacht ón 1.1.2016.
TAGAIRTÍ
Acht |
Teacht i bhfeidhm |
Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit |
Iris Oifigiúil |
Treoir 87/402/CEE |
26.6.1987 |
26.6.1989 |
IO L 220, 8.8.1987 |
Acht leasaitheach/Achtanna leasaitheacha |
Teacht i bhfeidhm |
Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit |
Iris Oifigiúil |
Treoir 89/681/CEE |
3.1.1990 |
2.1.1991 |
IO L 398, 30.12.1989, |
1.1.1995 |
- |
IO C 241, 29.8.1994 |
|
Treoir 2000/22/CE |
24.5.2000 |
30.6.2001 |
IO L 107, 4.5.2000 |
1.5.2004 |
- |
IO L 236, 23.9.2003 |
|
Treoir 2005/67/CE |
8.11.2005 |
31.12.2005 |
IO L 273, 19.10.2005, |
Treoir 2006/96/CE |
1.1.2007 |
1.1.2007 |
IO L 363, 20.12.2006, |
Treoir 2010/22/AE |
30.4.2010 |
30.4.2011 |
IO L 91, 10.4.2010 |
Treoir 2013/15/AE |
1.7.2013 |
1.7.2013 |
IO L 158, 10.6.2013 |
Rialachán (AE) Uimh. 167/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le formheas agus le faireachán margaidh ar fheithiclí talmhaíochta agus foraoiseachta [Iris Oifigiúil L 60, 2.3.2013, lch. 1-51] le héifeacht ón 1 Eanair 2016.
Nuashonrú is déanaí: 30.06.2014