Tarracóirí agus innealra talmhaíochta nó foraoiseachta: gléasanna cosanta cúlsuite

Tá ceanglais theicniúla á gcomhchuibhiú ag an Aontas Eorpach (AE) a bhaineann le struchtúir chosanta i gcás iompaithe a chuirtear le cúl tarracóirí caolrianta. Ar an chaoi seo, tá páirt á glacadh ag an AE i gcur i bhfeidhm nós imeachta cineálcheadaithe an Chomhphobail, nós imeachta a cuireadh ar bun le Treoir 74/150/CEE agus a rinneadh a aisghairm agus a ionadú ina dhiaidh sin le Treoir 2003/37/CE.

ACHT

Treoir 86/298/CE ón gComhairle maidir le struchtúir chosanta chúlsuite le haghaidh tarracóirí talmhaíochta agus foraoiseachta caolrianta le rothaí [Féach na hachtanna leasaitheacha].

ACHOIMRE

Cuirtear an treoir i bhfeidhm maidir le tarracóirí lena mbaineann na saintréithe seo a leanas:

Beidh ar na Ballstáit uile cineálcheadú comhpháirte a dhámhachtain le haghaidh gach chineál struchtúir chosanta i gcás iompaithe, agus le haghaidh fhorbhall an struchtúir leis an tarracóir, má chomhlíontar na ceanglais deartha agus tástála a leagtar amach sna hiarscríbhinní a ghabhann leis an treoir. Eisítear comhartha chineálcheadú comhpháirte an Chomhphobail Eorpaigh (CE) ina leith ansin.

Ní ceadmhach do na Ballstáit cosc a chur ar tharracóir a chur ar an mhargadh, ná diúltú do cheadú CE nó náisiúnta a dhámhachtain, má chomhlíontar ceanglais na treorach.

Cuirfidh údaráis inniúla na mBallstát a chéile ar an eolas faoi na bearta a dhéantar lena cinntiú go gcloíonn struchtúir chosanta leis an chineál comhpháirte arna ceadú. Féadfaidh na húdaráis inniúla cineálcheadú comhpháirte CE a aistarraingt, más gá, mura gcloítear leis an chineál comhpháirte arís agus arís eile.

Leasófar an treoir le dul chun cinn teicniúil a chur san áireamh.

Aisghairfear Treoir 86/298/CE le Rialachán (AE) Uimh. 167/2013 le héifeacht ón 1 Eanáir 2016.

TAGAIRTÍ

Acht

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil

Treoir 86/298/CEE

2.6.1986

2.6.1988

IO L 186, 8.7.1986

Acht leasaitheach/Achtanna leasaitheacha

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil

Treoir 89/682/CEE

4.1.1990

3.1.1991

IO L 398, 30.12.1989

Ionstraim Aontachais

1.1.1995

-

IO C 241, 29.8.1994

Treoir 2000/19/CE

4.5.2000

30.6.2001

IO L 94, 14.4.2000

Ionstraim Aontachais

1.5.2004

1.5.2004

IO L 236, 23.9.2003

Treoir 2005/67/CE

8.11.2005

_

IO L 273, 19.10.2005

Treoir 2006/96/CE

1.1.2007

1.1.2007

IO L 363, 20.12.2006

Treoir 2010/22/AE

30.4.2010

30.4.2011

IO L 91, 10.4.2010

Treoir 2013/15/AE

1.7.2013

1.7.2013

IO L 158, 10.6.2013

Corpraíodh sa bhuntéacs leasuithe agus ceartúcháin i ndiaidh a chéile ar Threoir 86/298/CEE. Is chun críocha tagartha amháin an leagan comhdhlúite seo.

Nuashonrú is déanaí: 02.07.2014