Cábla-bhealaí chun paisinéirí a iompar
ACHOIMRE AR:
Treoir 2000/9/CE — maidir le suiteálacha cábla-bhealaigh atá ceaptha chun daoine a iompar
CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?
Sainítear inti sraith ceanglas riachtanach maidir le sábháilteacht ar leibhéal an Aontais Eorpaigh (AE) chomh maith le nósanna imeachta cigireachta agus rialaithe atá le cur i bhfeidhm maidir le cábla-bhealaí ina n-iompraítear paisinéirí.
PRÍOMHPHOINTÍ
Earraí caipitil is ea iad cábla-bhealaí ina n-iompraítear paisinéirí (i.e. trealamh trom lena dteastaíonn infheistíocht measartha mór). Tá roinnt comhpháirteanna iontu agus tá siad deartha, déanta, cóimeáilte agus coimisiúnaithe chun seirbhís iompair paisinéirí a sholáthar.
Raon feidhme
-
Is iad seo a leanas na suiteálacha lena mbaineann an treoir seo:
-
iarnróid cháblacha nó feithiclí eile ina gcuirtear an tarraingt ar fáil trí bhíthin aon chábla amháin nó níos mó;
-
carranna cábla a ardaítear agus/nó a bhogtar le cáblaí iompróra, lena n-áirítear gondalaí agus cathaoireacha cábla;
-
ardaitheoirí tarraingthe.
Níl feidhm ag an treoir seo maidir leis an méid seo a leanas:
-
ardaitheoirí laistigh de bhrí Threoir 95/16/CE;
-
trambhealaí cábla-oibrithe atá tógtha go traidisiúnta;
-
suiteálacha a úsáidtear chun críocha talmhaíochta;
-
trealamh atá deartha chun críocha áineasa lena úsáid in aontaí nó i bpáirceanna siamsaíochta;
-
suiteálacha chun críocha mianadóireachta agus tionsclaíocha;
-
báid farantóireachta cábla-oibrithe, iarnróid raca agus suiteálacha arna dtiomáint le slabhra.
Sainmhínithe
-
Tugtar sainmhínithe sa treoir seo maidir le suiteáil*, comhpháirt sábháilteachta*, príomhchonraitheoir*, in-oibritheacht* agus cumas cothabhála*.
-
Cinntear na cuspóirí nó na ceanglais riachtanacha inti maidir le sábháilteacht, sláinte, agus cosaint an chomhshaoil agus tomhaltóirí nach mór don trealamh cloí leo nuair atá sé á dhéanamh agus sula gcuirtear i seirbhís é.
Caighdeánú
-
Déantar sonraíochtaí Eorpacha (sonraíochtaí teicniúla coiteanna, formheasanna teicniúla Eorpacha nó caighdeáin náisiúnta ina dtrasuitear caighdeáin Eorpacha) a dhréachtú ar bhonn na gceanglas riachtanach. Foilsítear iad in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
-
Is iad eagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú a dhréachtaíonn caighdeáin chomhchuibhithe Eorpacha.
-
Glactar leis go gcomhlíonann córas ar bith ar táirgeadh é de réir sonraíochtaí Eorpacha na ceanglais riachtanacha.
Nósanna imeachta um measúnú
-
Tá na nósanna imeachta maidir le measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh na gceanglas riachtanach i gcás comhpháirteanna agus córais sábháilteachta bunaithe ar an gcur chuige modúlach atá leagtha amach i rialacha AE i dtaca le marc comhréireachta CE. Tá measúnú ar a gcomhlíonadh ina fhreagracht ar na heagraíochtaí atá ainmnithe ag tíortha AE, de réir na gcritéar comhchoiteann um measúnú, agus cuireann siad an Coimisiún Eorpach agus na tíortha AE eile ar an eolas faoi ansin. Tionscnaítear an nós imeachta um measúnú ar iarratas ón monaróir nó óna ionadaí laistigh de AE i gcás comhpháirteanna sábháilteachta, nó ón bpríomhchustaiméir nó óna ionadaí i gcás suiteálacha.
-
Sula gcuirtear ar an margadh é, ní mór dearbhú comhréireachta CE a bheith faighte i leith an trealaimh, rud a chuireann foirm phraiticiúil lena chomhlíonadh maidir leis an treoir seo. Dréachtaíonn an monaróir nó a ionadaí é sin laistigh de AE i gcás comhpháirteanna sábháilteachta, nó dréachtaíonn an príomhchustaiméir nó a ionadaí é i gcás suiteálacha.
-
Sa chás ina bhfuil na comhpháirteanna sábháilteachta cumhdaithe faoi treoracha AE eile, sonraítear sa dearbhú comhréireachta CE chomh maith go gcomhlíonann na comhpháirteanna sábháilteachta ceanglais na dtreoracha sin.
-
Ní fhéadfaidh tíortha AE, ar a gcríoch nó ar bhonn na treorach seo, cosc, srian nó bac a chur ar cheann ar bith díobh seo a leanas:
-
cur ar an margadh comhpháirteanna sábháilteachta chun iad a úsáid i gcóras;
-
tógáil nó cur i seirbhís suiteálacha, a chomhlíonann na ceanglais atá leagtha amach sa treoir reatha.
-
Ba cheart do thír AE a dhearbhú cé acu an bhfuil nó nach bhfuil an baol ann go gcuirfí sábháilteacht agus sláinte daoine agus, nuair is infheidhme, sábháilteacht maoine, i gcontúirt le comhpháirt sábháilteachta ar a bhfuil an marc comhréireachta CE nó suiteáil atá údaraithe agus á húsáid de réir a cuspóra beartaithe. Má dhearbhaíonn tír de chuid AE go bhfuil an baol sin ann, ní mór di na bearta cuí ar fad a ghlacadh chun coinníollacha úsáidte na comhpháirte nó na suiteála a shrianadh. Leagtar amach sa treoir na nósanna imeachta nach mór cloí leo ag brath ar cé acu seo a leanas is cúis leis an neamhchomhlíonadh:
-
mainneachtain na ceanglais riachtanacha a chomhlíonadh;
-
cur i bhfeidhm mícheart na sonraíochtaí Eorpacha;
-
easnaimh sna sonraíochtaí Eorpacha.
Aisghairm
Rinneadh Treoir 2000/9/CE a aisghairm le Rialachán (AE) 2016/424 agus cuireadh ina hionad é le héifeacht ón 21 Aibreán 2018.
CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?
Tá sí i bhfeidhm ón 3 Bealtaine 2000. Bhí sí le corprú ag tíortha AE sa dlí náisiúnta faoin 3 Bealtaine 2002.
CÚLRA
Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:
* PRÍOMHTHÉARMAÍ
Suiteáil: i gcomhthéacs na hachoimre seo, trealamh atá déanta de roinnt comhpháirteanna, agus deartha, déanta agus cóimeáilte agus curtha i seirbhís chun daoine a iompar.
Comhpháirt sábháilteachta: comhpháirt bhunúsach ar bith, sraith comhpháirteanna, cóimeáil iomlán trealaimh nó fearais ar bith atá cuimsithe i suiteáil chun críche sábháilteacht agus sláine daoine, bídís ina n-úsáideoirí, ina n-oibritheoirí nó ina dtríú páirtithe.
Príomhchonraitheoir: duine nádúrtha nó dlítheanach ar bith a choimisiúnaíonn tógáil suiteála.
In-oibritheacht: na forálacha agus na bearta teicniúla ar fad a bhfuil tionchar acu ar an dearadh agus ar an réadú agus atá riachtanach chun an tsuiteáil a oibriú go sábháilte.
Cumas cothabhála: na forálacha agus na bearta teicniúla ar fad a bhfuil tionchar acu ar an dearadh agus ar an réadú agus atá riachtanach do chothabháil atá deartha lena chinntiú go n-oibríonn an tsuiteáil go sábháilte.
PRÍOMHDHOICIMÉAD
Treoir 2000/9/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Márta 2000 maidir le suiteálacha cábla-bhealaigh atá ceaptha chun daoine a iompar (IO L 106, 3.5.2000, lgh. 21-48)
DOICIMÉID GHAOLMHARA
Rialachán (AE) 2016/424 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le cábla-bhealaí agus lena aisghairtear Treoir 2000/9/CE (IO L 81, 31.3.2016, lgh. 1-50)
Nuashonraithe 12.09.2016