Cinedhíothú, coireanna in aghaidh an chine dhaonna agus coireanna cogaidh: imscrúdú agus ionchúiseamh
ACHOIMRE AR:
CAD A DHÉANTAR SA CHINNEADH?
Leagtar síos ann creat chun feabhas a chur ar chomhoibriú idir tíortha AE maidir le himscrúdú agus ionchúiseamh a dhéanamh ar choirigh iarbhír agus orthu siúd a bhfuiltear in amhras fúthu i ndáil le cinedhíothú*, coireanna in aghaidh an chine dhaonna* agus coireanna cogaidh*.
PRÍOMHPHOINTÍ
CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN CHINNIDH?
Cuireadh i bhfeidhm é an 14 Bealtaine 2003.
CÚLRA
De thoradh an chinedhíothaithe, na gcoireanna in aghaidh an chine dhaonna agus na gcoireanna cogaidh a tharla in Ruanda agus san Iar-Iúgósláive, tá na coirigh á n-imscrúdú, á n-ionchúiseamh agus á dtabhairt chun na cúirte ag na Binsí Coiriúla Idirnáisiúnta. Mar sin féin, chun torthaí rathúla a bhaint amach i ndáil le himscrúdú agus ionchúiseamh coireanna den sórt sin teastaíonn dlúth-chomhoibriú ar leibhéil idirnáisiúnta.
PRÍOMHTHÉARMAÍ
* Cinedhíothú: Gníomhartha a dhéantar d’fhonn grúpa náisiúnta, eitneach, ciniúil nó reiligiúnach a scriosadh, go hiomlán nó i bpáirt.
* Coireanna in aghaidh an chine dhaonna: gníomhartha a dhéantar mar chuid d’ionsaí forleathan agus córasach a bhíonn dírithe i gcoinne pobal sibhialta.
*Coireanna cogaidh: gníomhartha a dhéantar lena sáraítear an dlí cogaidh (e.g. Coinbhinsiún Ginéive). Áirítear ar shamplaí drochbhail a thabhairt ar phríosúnaigh chogaidh, gialla a mharú, nó cathracha, bailte nó sráidbhailte a scriosadh d’aon toil.
GNÍOMH
Cinneadh 2003/335/JHA ón gComhairle an 8 Bealtaine 2003maidir le cinedhíothú, coireanna in aghaidh an chine dhaonna agus coireanna cogaidh a imscrúdú agus a ionchúiseamh (IO L 118, 14.5.2003, lgh. 12–14)
Nuashonraithe 28.06.2016