Rochtain seirbhísí cláraithe feithiclí ar SIS II

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (CE) Uimh. 1986/2006 maidir le rochtain ar an Dara Glúin de Chóras Faisnéise Schengen (SIS II) ag seirbhísí i dtíortha AE atá freagrach as deimhnithe cláraithe feithiclí a eisiúint

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

PRÍOMHPHOINTÍ

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá sé i bhfeidhm ón 17 Eanáir 2007.

CÚLRA

Ceanglaítear ar thíortha AE cuidiú lena chéile i gcur chun feidhme Threoir 1999/37/CE ón gComhairle maidir leis na doiciméid chlárúcháin d’fheithiclí. Féadfaidh siad faisnéis a mhalartú chun stádas dlíthiúil feithicle sa tír ina raibh sí cláraithe roimhe sin a sheiceáil.

Cuireadh Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006 agus Cinneadh 2007/533/CGB maidir leis an dara glúin de SIS II (Rialachán agus Cinneadh SIS II) a bhunú, a oibriú agus a úsáid in ionad gach airteagail seachas airteagal amháin den Choinbhinsiún lena gcuirtear Comhaontú Schengen chun feidhme an 14 Meitheamh 1985. Baineann an t-airteagal sin le rochtain ar Chóras Faisnéise Schengen ag na húdaráis agus na seirbhísí i dtíortha AE atá freagrach as deimhnithe cláraithe feithiclí a eisiúint. Tugtar creat dlíthiúil SIS II chun críche leis an ngníomh seo, rud a chinntíonn go bhfuil rochtain ag seirbhísí cláraithe feithiclí thíortha AE ar SIS II nuair a bheidh sé i bhfeidhm.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (CE) Uimh. 1986/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006maidir le rochtain ar an Dara Glúin de Chóras Faisnéise Schengen (SIS II) ag seirbhísí i dtíortha AE atá freagrach as deimhnithe cláraithe feithiclí a eisiúint (IO L 381, 28.12.2006, lgh. 1-3)

Rinneadh leasuithe ina dhiaidh sin ar Rialachán (CE) Uimh. 1986/2006 a chorprú isteach sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Nuashonraithe 16.08.2016