Cosaint ainmhithe feirmshaothraithe

 

ACHOIMRE AR:

Treoir 98/58/CE — cosaint ainmhithe a choinnítear chun críocha feirmeoireachta

CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

PRÍOMHPHOINTÍ

Ainmhithe

Tá feidhm leis an treoir seo i dtaca le hainmhithe (lena n-áirítear éisc, reiptílí agus amfaibiaigh) a thógtar nó a choinnítear chun bia-ábhar, olann, craiceann nó fionnadh a tháirgeadh, nó chun críocha feirmeoireachta eile. Níl feidhm léi i dtaca le:

Chun tuilleadh sonraí a fhoghlaim faoi chatagóirí ar leith d’ainmhithe, féach freisin:

Dálaí tógála

Ní mór do thíortha AE rialacha a ghlacadh chun a áirithiú go dtugann úinéirí nó coimeádaithe ainmhithe aire do leas a n-ainmhithe agus go bhféachann siad chuige nach ndéantar aon phian, angar nó díobháil gan ghá do na hainmhithe sin. Bunaithe ar thaithí roimhe seo agus ar eolas eolaíochta reatha, baineann na dálaí tógala leis na nithe seo a leanas.

Cigireachtaí

Ní mór do thíortha AE na bearta is gá a dhéanamh chun a áirithiú go gcuireann na húdaráis náisiúnta inniúla cigireachtaí i gcrích. Ní mór dóibh tuairisciú a dhéanamh ar na cigireachtaí sin don Choimisiún Eorpach, a bhainfidh úsáid as na tuarascálacha chun tograí a fhoirmliú maidir le comhchuibhiú cigireachtaí.

Meastóireacht agus cur chun feidhme

Gach 5 bliana, ní mór don Choimisiún tuairsc a thabhairt don Chomhairle maidir le cur chun feidhme na treorach seo, le moltaí d’fheabhsúchán, más cuí. Glacann an Chomhairle an tuarascáil seo le vóta tromlaigh cháilithe.

Ceadaítear do thíortha AE forálacha níos déine a choinneáil nó a thabhairt isteach.

Rialachán um rialuithe oifigiúla

Le Rialachán (AE) 2017/625, reachtaíocht nua AE maidir leis na rialuithe oifigiúla ar bhia don duine agus bia ainmhithe, leasaítear mionsonraí teicniúla áirithe den treoir. Beidh feidhm leis na hathruithe sin ón 14 Nollaig 2019.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

Tá feidhm léi ón 8 Lúnasa 1998. Bhí sí le corprú ag tíortha AE sa dlí náisiúnta faoin 31 Nollaig 1999.

CÚLRA

Le haghaidh breis faisnéise, féach ar:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Treoir 98/58/CE ón gComhairle an 20 Iúil 1998 maidir le cosaint ainmhithe a choinnítear chun críocha feirmeoireachta (IO L 221, 8.8.1998, lgh. 23–27)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Threoir 98/58/CE a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 agus Rialachán (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE, 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 854/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla) (IO L 95, 7.4.2017, lgh. 1–142)

Féach an leagan comhdhlύite

Cinneadh 2006/778/EC ón gCoimisiún an 14 Samhain 2006 maidir le híoscheanglais i dtaca le bailiú faisnéise le linn cigireachtaí ar laithreáin táirgthe ar a gcoinnítear ainmhithe chun críocha feirmeoireachta (IO L 314, 15.11.2006, lgh. 39–47)

Féach an leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 13.11.2017