Bearta chun fiabhras clasaiceach muc a rialú
ACHOIMRE AR:
Treoir 2001/89/CE — bearta chun fiabhras clasaiceach muc a rialú agus a dhíothú
CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?
Féachtar léi le bearta a thabhairt isteach chun fiabhras clasaiceach muc a rialú agus a dhíothú, galar an-tógálach agus marfach i muca, a bhunófar ar mhearbhrath, leithlisiú agus marú.
PRÍOMHPHOINTÍ
Ní mór do thíortha AE a áirithiú go dtugtar fógra do na húdaráis náisiúnta chuí mar gheall ar ráigeanna amhrasta agus deimhnithe d’fhiabhras clasaiceach muc agus go gcuirtear fiosrúcháin ar bun.
Ráigeanna amhrasta
I gcás ina bhfuil amhras faoi ráig ann, ní mór imscrúdú láithreach a dhéanamh. Mura gcuirtear ráig as an áireamh, ní mór an gabháltas a chur faoi fhaireachas oifigiúil:
- ní mór gach muc a leithlisiú, a liostú mar ainmhí tinn, marbh nó mar ainmhí ar dócha é a bheith ionfhabhtaithe agus ní féidir aon cheann díobh dul isteach ná imeacht;
- ní féidir conablaigh, táirgí muice, ná ábhair eile, amhail uirlisí, ar dócha go n-iompródh siad fiabhras muc a bhogadh amach gan údarú oifigiúil;
- ní cheadaítear aistriú neamhúdaraithe daoine nó feithiclí chuig an ngabháltas nó ón ngabháltas sin;
- ní mór bealaí isteach agus bealaí amach a dhíghalrú, chomh maith le gach feithicil roimh imeacht.
Ráigeanna deimhnithe
Nuair a dheimhnítear fiabhras muc go hoifigiúil ar ghabháltas, beidh feidhm ag na bearta breise seo a leanas:
- ní mór gach muc a mharú gan mhoill;
- tógtar samplaí chun cor an ghalair a thuiscint;
- ní mór conablaigh a phróiseáil faoi mhaoirseacht oifigiúil;
- ní mór, más féidir, feoil ó mhuca ionfhabhtaithe arna marú roimh na bearta seo, mar aon le seamhan, ubháin agus suthanna ar bith, a rianú agus scrios;
- ní mór substaintí agus ábhair éillithe a chóireáil nó a scrios;
- ní mór foirgnimh a bhuailtear a dhíghalrú nó a chóireáil.
Criosanna cosanta agus faireachais
- Ní mór do na húdaráis crios cosanta 3 km ar a laghad a bhunú timpeall an ghabháltais i gceist, laistigh de chrios faireachais 10 km, díreach i ndiaidh ráig dheimhnithe agus beidh feidhm ag na bearta seo a leanas:
- cuirtear toirmeasc ar aistriú muc, cé is moite de roinnt eisceachtaí;
- ní mór feithiclí agus trealamh a ghlanadh, a dhífhabhtú agus a chóireáil;
- ní féidir le haon ainmhí eile dul isteach ná imeacht gan údarú (sa chrios faireachais, tá feidhm leis seo le linn na chéad 7 lá);
- ní mór fógra a thabhairt maidir le muca marbha nó galraithe láithreach;
- ní féidir muca a aistriú isteach ná amach ar feadh 30 lá (sa chrios faireachais, 21 lá) tar éis glanta agus díghalraithe; féadfar iad a aistriú lena marú nó lena bpróiseáil in dhiaidh sin;
- ní mór seamhan, ubháin agus suthanna a leithlisiú;
- ní mór do dhaoine a thiocfaidh isteach nó a imeoidh sláinteachas iomchuí a chomhlíonadh.
- Má tharlaíonn ráig i seamlas nó i modh iompair, ní mór ainmhithe, a d’fhéadfaí a bheith ionfhabhtaithe, a mharú. Ní cheadófar ainmhithe nua a thabhairt isteach ar feadh 24 uair tar éis dífhabhtaithe, agus ní mór conablaigh, scairteach agus iarmhar ainmhithe a phróiseáil faoi mhaoirseacht oifigiúil.
Fiamhuca*
- I gcás ráig dheimhnithe i measc fiamhuc, cinnfidh sainghrúpaí náisiúnta an limistéar ionfhabhtaithe agus an gníomh a bheidh le glacadh. Ní mór gabháltais mhuca sa limistéar a chur faoi mhaoirseacht agus muca a leithlisiú ó fhiamhuca.
- Ní mór do thíortha AE pleananna díothaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh laistigh de 90 lá, lena n-áirítear treoir do shealgairí agus modhanna diúscartha na gconablach. Seoltar tuarascáil gach 6 mhí ar an dul chun cinn chuig an gCoimisiún agus chuig tíortha AE eile.
Vacsaíniú
De ghnáth, toirmisctear vacsaíniú ach is féidir le tíortha pleananna éigeandála a chur faoi bhráid an Choimisiúin.
Pleananna teagmhasacha
Ní mór do gach tír AE plean teagmhasach a dhréachtú i gcás ráige d’fhiabhras clasaiceach muc, agus ní mór do gach tír a bheith ábalta ionad náisiúnta rialaithe galar a chur ag obair láithreach nuair a tharlaíonn ráig.
Dramhaíl lónadóireachta
Ní mór do thíortha AE a áirithiú nach dtabharfar dramhaíl lónadóireachta do mhuca a thuilleadh.
CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?
- Tá an treoir i bhfeidhm ón 1 Nollaig 2001. Bhí sé le corprú ag tíortha AE sa dlí náisiúnta faoin 31 Deireadh Fómhair 2002.
- Rinneadh an treoir seo a aisghairm le Rialachán (AE) 2016/429 a mbeidh éifeacht léi ón 21 Aibreán 2021.
CÚLRA
Le haghaidh breis faisnéise, féach:
PRÍOMHTHÉARMAÍ
Fiamhuca: muca nach gcoinnítear ná nach bpóraítear ar ghabháltas.
PRÍOMHDHOICIMÉAD
Treoir 2001/89/CE ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2001 maidir le bearta an Chomhphobail chun fiabhras clasaiceach muc a rialú (OJ L 316, 1.12.2001, lgh. 5-35)
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Threoir Uimh. 2001/89/CE a ionchorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
DOICIMÉID GHAOLMHARA
Cinneadh 2007/19/CE ón gComhairle an 22 Nollaig 2006 lena bhformheastar pleananna teagmhasacha chun fiabhras clasaiceach a rialú de bhun Threoir 2001/89/CE ón gComhairle (IO L 7, 12.1.2007, lgh. 38-40)
Cinneadh 2002/106/CE ón gCoimisiún an 1 Feabhra 2002 lena bhformheastar Lámhleabhar Tástálacha Diagnóiseacha lena mbunaítear nósanna imeachta diagnóiseacha, modhanna samplála agus critéir chun meastóireacht a dhéanamh ar thástálacha saotharlainne agus chun fiabhras clasaiceach muc a dheimhniú (IO L 39, 9.2.2002, lgh. 71-88)
Féach an leagan comhdhlúite.
Nuashonraithe 06.11.2017