Beatha ainmhithe shábháilte a chinntiú
ACHOIMRE AR:
Treoir 2002/32/CE maidir le substaintí neamh-inmhianaithe i mbeatha ainmhithe
ACHOIMRE
CAD A DHÉANTAR SA TREOIR?
PRÍOMHPHOINTÍ
Raon feidhme
Tá feidhm ag an treoir maidir le gach táirge atá beartaithe do bheatha ainmhithe, lena n-áirítear amhábhair do bheatha, breiseáin agus beatha fhorlíontach.
Leagtar síos liosta inti de shubstaintí neamh-inmhianaithe agus sonraítear inti na teorainnluachanna dá bhfuil láithreacht na substaintí sin i mbeatha ainmnithe neamhcheadaithe (Iarscríbhinn I).
Áirítear ar an liosta substaintí amhail miotail throma áirithe (amhail luaidhe agus caidmiam), dé-ocsain agus roinnt lotnaidicídí. Tugtar cothrom le dáta é go rialta i bhfianaise an eolais eolaíoch agus theicniúil.
Imscrúduithe
Nuair a sháraítear na huasleibhéil sin, ní mór do thíortha AE — i gcomhar leis na gnóthais lena mbaineann — imscrúdú a dhéanamh chun foinsí na substaintí a shainaithint. Ní mór dóibh a dtorthaí agus bearta ar bith a rinneadh chun leibhéal na substaintí a dhíothú nó a laghdú a chur in iúl don Choimisiún Eorpach.
Meascáin
Chun calaois a chosc, cuirtear toirmeasc sa treoir ar mheascadh (chun críche caolaithe) táirgí ar bith a sháraíonn na huasleibhéil.
Bearta sealadacha
Sa chás gur féidir le tír AE a léiriú go bhféadfadh uasleibhéal a socraíodh do shubstaint sláinte ainmhithe nó sláinte an duine nó an comhshaol a chur i mbaol, féadfaidh sí teorainneacha níos déine a thabhairt isteach ar bhonn sealadach go dtí go ndéanann an Chomhairle nó an Coimisiún cinneadh. Ní mór don tír lena mbaineann a chinntiú go gcuirtear a cinneadh os comhair an phobail.
CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?
Tháinig sí i bhfeidhm an 30 Bealtaine 2002. Bhí sé le corprú ag tíortha AE ina ndlí náisiúnta faoin 1 Bealtaine 2003.
CÚLRA
Cothú ainmhithe — substaintí neamh-inmhianaithe
PRÍOMHTHÉARMA
*Substaint neamh-inmhianaithe: substaint nó táirge ar bith, seachas gníomhaithe pataigineacha, a fhaightear i dtáirge agus/nó ar an táirge atá beartaithe do bheatha ainmnithe, a chuireann sláinte ainmhithe nó sláinte an duine, an comhshaol i mbaol nó a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh do tháirgeadh beostoic.
GNÍOMH
Treoir 2002/32/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Bealtaine 2002 maidir le substaintí neamh-inmhianaithe i mbeatha ainmnithe — Ráiteas ón gComhairle (IO L 140, 30.5.2002, lgh. 10-22)
Rinneadh leasuithe leantacha ar Threoir 2002/32/CE a chorprú sa bhuntéacs agus rinneadh a hIarscríbhinní a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
GNÍOMHARTHA GAOLMHARA
Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le rialuithe oifigiúla a fheidhmítear chun a áirithiú go bhfíorófar go bhfuiltear ag comhlíonadh dlí beatha agus bia, rialacha sláinte ainmhithe agus leasa ainmhithe (IO L 165, 30.4.2004, lgh. 1-141). Téacs arna athfhoilsiú mar cheartúchán (IO L 191, 28.5.2004, lgh. 1–52)
Féach an leagan comhdhlúite.
Nuashonraithe 04.01.2016