Capaill agus asail atá beartaithe le haghaidh comórtais — rialacha maidir le trádáil
ACHOIMRE AR:
CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?
PRÍOMHPHOINTÍ
Leagtar síos sa treoir seo na coinníollacha lena rialaítear trádáil equidae atá beartaithe le haghaidh comórtas agus na coinníollacha a bhaineann lena rannpháirtíocht i gcomórtais in AE.
Cineál comórtais
Ciallaíonn an téarma “comórtas” comórtas eachaíochta ar bith, lena n-áirítear rásaíocht chapall, seóléimneach, dreasáiste, imeachtaí a choimeádtar d’fheithiclí capaill agus aicmí taispeána.
Rannpháirtíocht i gcomórtais
Ní chruthófar idirdhealú le rialacha comórtais bunaithe ar áit thionscnaimh nó ar chlárú equidae in AE. Go sonrach, ní mór caitheamh go cothrom le equidae ó gach tír AE maidir le:
Mar sin féin, ní chuirtear bac leis an oibleagáid seo ar eagrú:
Féadfaidh tíortha AE céatadán áirithe den airgead duaise nó de na brabúis a choimeád chun pórú sa tír ina raibh an comórtas ar siúl a chosaint, a fhorbairt agus a fheabhsú.
CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?
Tá sí i bhfeidhm ón 17 Iúil 1990. Bhí sí le corprú ag tíortha AE sa dlí náisiúnta faoin 1 Iúil 1991.
CÚLRA
Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:
PRÍOMHDHOICIMÉAD
Treoir 90/428/CEE ón gComhairle an 26 Meitheamh 1990 maidir le trádáil equidae atá beartaithe le haghaidh comórtas agus lena leagtar síos na coinníollacha chun a bheith rannpháirteach iontu (IO L 224, 18.8.1990, lgh. 60–61)
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Threoir 90/428/CEE a chorprú isteach sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
GNÍOMHARTHA GAOLMHARA
Cinneadh 92/216/CEE ón gCoimisiún an 26 Márta 1992 maidir le bailiú sonraí i dtaca le comórtais do equidae dá dtagraítear in Airteagal 4 (2) de Threoir 90/428/CEE ón gComhairle (IO L 104, 22.4.1992, lch. 77)
Féach an leagan comhdhlúite.
Nuashonraithe 25.07.2016