Critéir Sláinte maidir le bainne neamhchóireáilte agus bainne teaschóireáilte

 

ACHOIMRE

Leagann an tAontas Eorpach síos na critéir sláinte maidir le bainne teaschóireáilte (bainne paistéartha, UTC nó steirilithe) le haghaidh trádála in AE.

CAD A DHÉANTAR SNA GNÍOMHARTHA SEO?

Treoir 89/384/CEE

Cuirtear síos sa Treoir ar na nósanna imeachta maidir le reophointe bainne neamhchóireáilte a sheachadtar chuig forais chóireála bainne nó chuig ionaid bhailithe nó chaighdeánaithe a sheiceáil. Ní mór bainne neamhchóireáilte ó gach gabháltas talmhaíochta a sheiceáil go rialta trí shampláil randamach.

Má chruthaítear i dtorthaí na seiceála nár cuireadh uisce leis, is féidir an bainne neamhchóireáilte a úsáid chun bainne teaschóireáilte a tháirgeadh. Mura gcruthaítear é sin, ní mór tuilleadh seiceálacha a dhéanamh agus, má dhearbhaítear an t-amhras, ní mór an bainne a choinneáil amach as an margadh.

Cinneadh 92/608/CEE

Leagtar síos na modhanna sa chinneadh maidir le bainne teaschóireáilte lena chaitheamh ag an duine a anailísiú agus a thástáil.

Cuirtear síos ann ar chur i bhfeidhm na modhanna tagartha maidir le hanailísiú agus tástáil, socrú critéar iontaofa, agus bailiú samplaí.

Úsáidtear na modhanna anailísithe agus tástála do bhainne teaschóireáilte lena chaitheamh go díreach ag an duine maidir leis an méid seo a leanas i dtáirge a dhearbhú

lánmhéid na solad,

an cion saille,

lánmhéid na solad neamhshaille (i.e. lachtós, próitéin, mianraí, aigéid agus einsímí),

an cion iomlán nítrigine,

an cion próitéine,

mais shainiúil.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA NGNÍOMHARTHA SEO?

Treoir 89/384/CEE ón gComhairle: ón 26 Meitheamh 1989.

Cinneadh 92/608/CEE ón gComhairle: ón 31 Nollaig 1992.

GNÍOMHARTHA

Treoir 89/384/CEE ón gComhairle an 20 Meitheamh 1989 lena mbunaítear nósanna imeachta mionsonraithe i dtaca le seiceálacha a dhéanamh lena chinntiú go gcloítear le reophointe bainne neamhchóireáilte arna leagan síos in Iarscríbhinn A de Threoir 85/397/CEE (IO L 181, 28.6.1989, lch. 50)

Cinneadh 92/608/CEE ón gComhairle an 14 Samhain 1992 lena leagtar síos modhanna maidir le bainne teaschóireáilte lena chaitheamh ag an duine a anailísiú agus a thástáil (IO L 407, 31.12.1992, lch. 29-46)

GNÍOMHARTHA GAOLMHARA

Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 lena leagtar síos rialacha sonracha sláinteachais maidir le bia de bhunús ainmhithe (IO L 139, 30.4.2004, lgh. 55-205).

Rinneadh na leasuithe agus na ceartúcháin leantacha ar Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 a chorprú isteach sa bhundoiciméad. Níl sa leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Rialachán (CE) Uimh. 1664/2006 ón gCoimisiún an 6 Samhain 2006 lena leasaítear Rialachán (EC) Uimh. 2074/2005 maidir le bearta cur chun feidhme i dtaca le táirgí áirithe de bhunús ainmhithe atá beartaithe lena gcaitheamh ag an duine agus lena n-aisghairtear bearta cur chun feidhme áirithe (IO L 320 an 18.11.2006, lch. 13-45)

Nuashonraithe 26.10.2015