Toirmeasc ar hormóin (agus substaintí eile) a thabhairt d’ainmhithe feirme

 

ACHOIMRE AR:

Treoir 96/22/CE — toirmeasc ar shubstaintí áirithe a ngabhann gníomhaíocht hormónach nó thíreastatach leo, agus ar bhéite-agónaithe, a úsáid i bhfeirmeoireacht stoic

CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

Tá sé mar aidhm léi sláinte tomhaltóirí a chosaint agus caighdeán earraí bia a chothabháil trí chreat a chruthú le haghaidh úsáid hormón atá beartaithe d’ainmhithe.

PRÍOMHPHOINTÍ

Substaintí

Leis an treoir cuirtear toirmeasc ar úsáid substaintí áirithe a thabhairt d’ainmhithe feirme chun fás a chothú. Is iad seo a leanas na substaintí a liostaítear in Iarscríbhinn II:

Tá liosta de shubstaintí atá toirmiscthe go sealadach le fáil in Iarscríbhinn III de chuid na treorach: áirítear leo siúd substaintí a bhfuil gníomhaíocht aestrigineach* (seachas éastraidé-ól 17ß agus a dhíorthaigh atá cosúil le heistear), gníomhaíocht andraigineach* nó gníomhaíocht gheistigineach* acu (féadfar maoluithe a bheith ann).

Treoir 2003/74/CE lena leasaítear Treoir 96/22/CE, lena ndaingnítear toirmeasc ar hormóin chun fás a chothú in ainmhithe. Laghdaíodh go mór leis na himthosca inar féidir éastraidé-ól 17ß a thabhairt chun críocha eile do bhia-ainmhithe.

Treoir 2008/97/CE lena leasaítear Treoir 96/22/CE agus lena gcuirtear teorainn le raon feidhme Threoir 96/22/CE do bhia-ainmhithe amháin, lena n–aistarraingítear toirmisc maidir le peataí.

Níl éastraidé-ól 17ß riachtanach i dtáirgeacht bia-ainmhithe (mar gheall ar mhalartuithe atá ar fáil) agus mar gheall ar na rioscaí féideartha do shláinte an duine, tá toirmeasc glan óna úsáid i mbia-ainmhithe. Dá bhrí sin ní dhéantar athnuachan ar na díolúintí sealadacha a soláthraíodh le haghaidh úsáid éastraidé-ól 17ß.

Toirmeasc

Leis an treoir cuirtear toirmeasc ar:

Eisceachtaí

Ní cheadaítear substaintí a ngabhann gníomhaíocht hormónach nó thíreastatach leo agus na substaintí béite-agónaithe a thabhairt d’ainmhithe feirme. Féadfar sainsubstaintí a ngabhann gníomhaíocht hormónach nó thíreastatach leo agus na substaintí béite-agónaithe a úsáid chun críocha teiripeacha agus zóiteicniúla, áfach, ar an gcoinníoll go ndéantar an úsáid a bhaintear astu a rialú.

Maidir le hallmhairí

Toirmisceann an AE allmhairiú ainmhithe, feolta nó táirgí de bhunadh ainmhíoch ó thíortha neamh-AE a údaraíonn na substaintí sin a thabhairt d’fhonn fás a chothú. Ní bheidh feidhm ag toirmeasc AE sa chás a bhfuil na tíortha sin in ann ráthaíocht choibhéiseach a thairiscint maidir le honnmhairiú amhail córas pórúcháin leithscartha.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

Tá sí i bhfeidhm ón 23 Bealtaine 1996. Bhí sí le corprú ag tíortha AE sa dlí náisiúnta faoin 1 Iúil 1997.

CÚLRA

Le haghaidh breis faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉAMAÍ

Tíreastatach: cógais lena laghdaítear (nó lena gcobhsaítear) táirgeadh hormón tíoróideach.
Aestrigineach: hormóin a spreagann forbairt tréithe tánaisteacha gnéis ban (mar shampla, matáin agus meáchan níos éadroime ag ba ná tairbh), a fheidhmíonn éifeachtaí córasacha amhail fás agus aibíocht cnámh fada agus a chuireann éastras chun cinn (i.e. tréimhse gabhálachta gnéasaí a tharlaíonn go minic) i mamaigh bhaineann.
Andraigineach: hormóin a rialaíonn forbairt agus cothabháil saintréithe firinscneach.
Geistigineach: hormóin a tháirgeann éifeachtaí próigeistéaróin (i.e. i bhfabhar iompair) sa bhroinn.
Zóiteicniúla: teicneolaíocht fearachais ainmhithe (ceansú agus pórú roghnach ainmhithe).
Béite-agónaí: drugaí lena ligtear matáin (mar shampla, leanbh a shaolú) trí bhéite-agónaithe a spreagadh.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Treoir ón gComhairle 96/22/CE an 29 Aibreán 1996 maidir le toirmeasc ar shubstaintí áirithe a ngabhann gníomhaíocht hormónach nó thíreastatach leo, agus ar bhéite-agónaithe, a úsáid i bhfeirmeoireacht stoic, agus lena leasaítear Treoir 81/602/CEE, Treoir 88/146/CEE agus Treoir 88/299/CEE (IO L 125, 23.5.1996, lgh. 3-9)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Threoir 96/22/CE a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Treoir 2001/82/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Samhain 2001 maidir leis an gcód Comhphobail a bhaineann le táirgí íocshláinte tréidliachta (IO L 311, 28.11.2001, lgh. 1-66)

Féach leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 16.11.2017