Lastais dramhaíola sábháilte in AE idir AE agus tíortha nach tíortha AE iad

Tá córas ag an Aontas Eorpach (AE) maidir le maoirsiú agus rialú lastais dramhaíola laistigh dá theorainneacha agus le tíortha Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa (CSTE), an Eagraíocht um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta (ECFE) agus tíortha nach tíortha AE iad a shínigh Coinbhinsiún Basel.

GNÍOMH

Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2006.

ACHOIMRE

Tá córas ag an Aontas Eorpach (AE) maidir le maoirsiú agus rialú lastais dramhaíola laistigh dá theorainneacha agus le tíortha Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa (CSTE), an Eagraíocht um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta (ECFE) agus tíortha nach tíortha AE iad a shínigh Coinbhinsiún Basel.

CAD A DHÉANTAR LEIS AN RIALACHÁN SEO?

Leagtar síos na rialacha ann maidir le lastais dramhaíola a rialú chun feabhas a chur ar chosaint an chomhshaoil.

Corpraítear forálacha Choinbhinsiún Basel i ndlí AE chomh maith leis, agus leasaítear Cinneadh 2001 ECFE leis maidir le rialú gluaiseachtaí trasteorann dramhaíola ar a ndéanfar oibríochtaí aisghabhála) (i.e. sa chás go ndéantar dramhaíl a phróiseáil chun táirge inúsáidte a aisghabháil nó a thiontú go breosla).

PRÍOMHPHOINTÍ

Tá feidhm ag an dlí seo maidir le lastais dramhaíola:

idir tíortha AE laistigh den Aontas Eorpach nó a théann faoi bhealach trí thíortha nach tíortha AE iad;

a iompórtáiltear isteach in AE ó thíortha nach tíortha AE iad;

a easpórtáiltear ón Aontas Eorpach go tíortha nach tíortha AE iad;

a bhíonn faoi bhealach trí AE, ar an mbealach ó thíortha nach tíortha AE iad nó chucu.

Cumhdaítear beagnach gach cineál dramhaíola ann seachas dramhaíl radaighníomhach, dramhaíl a ghintear ar bord long, lastais atá faoi réir cheanglais fhaofa an rialacháin um sheachtháirgí ainmhí, lastais áirithe dramhaíola ón Antartach, iompórtálacha dramhaíola áirithe arna giniúint ag fórsaí armtha eagraíochtaí faoisimh isteach in AE i gcásanna géarchéime, srl.

Nósanna imeachta rialaithe

Tá 2 nós imeachta rialaithe ann maidir le lastas dramhaíola, is iad sin:

1.

riachtanais um eolas ginearálta Airteagal 18 a bhaineann de ghnáth le lastais maidir le haisghabháil na gcineálacha dramhaíola atá liostaithe in Iarscríbhinn III (dramhaíl atá liostaithe mar dhramhaíl “ghlas” - dramhaíl neamhghuaiseach, amhail páipéar nó plaistigh) nó IIIA, agus

2.

an nós imeachta maidir le fógra roimhe ré agus cead roimh ré i scríbhinn le haghaidh cineálacha eile lastais dramhaíola, lena n-áirítear:

lastais na gcineálacha dramhaíola atá liostaithe in Iarscríbhinn IV (dramhaíl atá liostaithe mar dhramhaíl “ómra” ina bhfuil codanna guiseacha agus neamhghuaiseacha) nó i gCuid 2 d’Iarscríbhinn V (European List of Wastes (Liosta na hEorpa um Dhramhaíl), e.g. dramhaíl ó mhianadóireacht, ó chairéalú agus ó chóireáil fhisiceach agus cheimiceach mianraí) agus

lastais le haghaidh dhiúscairt na gcineálacha dramhaíola atá liostaithe in Iarscríbhinn III (dramhaíl atá liostaithe mar dhramhaíl “ghlas”).

Forálacha eile

Ní mór do gach páirtí lena mbaineann a chinntiú go ndéantar dramhaíl a bhainistiú ar mhodh atá sábháilte ó thaobh an chomhshaoil de , ag tabhairt airde do rialacha AE agus idirnáisiúnta, ar fud an phróisis lastais nó nuair a dhéantar í a aisghabháil nó a dhiúscairt.

Ceanglaítear leis an nós imeachta fógra go dtabharfaidh údaráis inniúla na dtíortha lena mbaineann an lastas (an tír sheachadta, an tír iompair agus an tír cheann scríbe) cead roimh ré i scríbhinn laistigh de 30 lá.

Tá sé de dhualgas ar an té a thugann an fógra lastais dramhaíola atá neamhdhleathach nó nach féidir iad a sholáthar chun na críocha ar ceapadh iad (lena n-áirítear aisghabháil nó diúscairt dramhaíola) a ghlacadh ar ais.

Baic ar thrádáil

Tá cosc ar easpórtálacha dramhaíola chuig tíortha nach tíortha AE iad, seachas tíortha CSTE atá ina bpáirtí i gCoinbhinsiún Basel.

Tá cosc ar easpórtálacha le haghaidh aisghabháil dramhaíola guaisí (i.e. a chuireann sláinte an duine nó an comhshaol i mbaol), seachas na cinn a chuirtear chuig tíortha lena mbaineann cinneadh ECFE.

Tá cosc ar iompórtálacha dramhaíola ó thíortha nach tíortha AE iad lena ndiúscairt nó lena n-aisghabháil, seachas iompórtálacha:

ó thíortha lena mbaineann Cinneadh ECFE;

ó thíortha nach tíortha AE iad atá ina bpáirtí i gCoinbhinsiún Basel;

tíortha a bhfuil comhaontú déthaobhach curtha i gcrích acu leis an Aontas Eorpach nó le tíortha AE; nó

limistéir eile le linn cásanna géarchéime.

Córais chigireachta

Leasaíodh an dlí in 2014 chun córais chigireachta thíortha AE a neartú. Cuirtear síos na híoscheanglais chigireachta ann agus béim iontu ar shruthanna fadhbacha dramhaíola (amhail dramhaíl ghuaiseach agus dramhaíl a chuirtear go neamhdhleathach lena dumpáil nó lena cóireáil faoi bhun an chaighdeáin). Ní mór do thíortha AE pleananna cigireachta a ullmhú faoi 2017.

CÁ HUAIR A BHEIDH AN RIALACHÁN I BHFEIDHM?

Ó 15.7.2006.

Chun tuilleadh eolais a fháil, féach suíomh gréasáin lastais dramhaíola an Choimisiúin Eorpaigh.

TAGAIRTÍ

Gníomh

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta do thrasuíomh sna Ballstáit.

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006

15.7.2006

-

IO L 190, an 12.7.2006, lgh. 1-98

Gníomh(artha) leasúcháin

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta do thrasuíomh sna Ballstáit.

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

Rialachán (CE) Uimh. 669/2008

19.7.2008

-

IO L 188, an 16.7.2008, lgh. 7-15.

Rialachán (CE) Uimh. 219/2009

20.4.2009

-

IO L 87, an 31.3.2009, lgh. 109-154

Treoir 2009/31/CE

25.6.2009

-

IO L 140, an 5.6.2009, lgh. 114-135

Rialachán (AE) Uimh. 660/2014

17.7.2014

-

IO L 189, an 27.6.2014, lgh. 135-142

Rinneadh na leasuithe agus na ceartúcháin leantacha ar Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 a chomhtháthú sa bhuntéacs. Tá an leagan comhdhlúite seo de luach doiciméadach amháin.

LEASUITHE AR NA hIARSCRÍBHINNÍ

Rialachán (CE) Uimh. 1379/2007 (IO L 309 an 27.11.2007, lgh. 7-20).

Rialachán (CE) Uimh. 669/2008 (IO L 188 an 16.7.2008, lgh. 7-15).

Rialachán (CE) Uimh. 308/2009 (IO L 97 an 16.4.2009, lgh. 8-11).

Rialachán (AE) Uimh. 664/2011 (IO L 182 an 12.7.2011, lgh. 2-4).

Rialachán (AE) Uimh. 135/2012 (IO L 46 an 17.2.2012, lgh. 30-32).

Rialachán (AE) Uimh. 255/2013 (IO L 79 an 21.3.2013, lgh. 19-23).

Rialachán (AE) Uimh. 1234/2014 (IO L 332 an 19.11.2014, lgh. 15-17).

GNÍOMHARTHA GAOLMHARA

Rialachán (CE) Uimh. 801/2007 ón gCoimisiún an 6 Iúil 2007 maidir le heaspórtáil dramhaíola áirithe atá liostaithe in Iarscríbhinn III nó IIIA le Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 lena haisghabháil chuig tíortha áirithe nach mbaineann Cinneadh ECFE maidir le rialú gluaiseachtaí trasteorann dramhaíola leo (IO L 179 an 7.7.2007, lgh. 6-35).

Nuashonrú is déanaí: 20.04.2015