Comhar idir institiúidí AE
ACHOIMRE AR:
Airteagal 13 den Chonradh ar an Aontas Eorpach
CAD IS AIDHM LEIS AN AIRTEAGAL CONARTHA?
-
Déantar liosta in Airteagal 13 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (AE) d’institiúidí AE agus sonraítear ann nach mór dóibh “comhar dílis eatarthu féin” a chleachtadh.
PRÍOMHPHOINTÍ
-
Ní mór go mbeidh sé ina aidhm ag institiúidí éagsúla AE:
-
luachanna AE a chur chun cinn (meas ar dhínit an duine, ar an tsaoirse, ar an daonlathas, ar an gcomhionannas, ar riail an dlí agus ar chearta an duine, lena n-áirítear cearta daoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad);
-
cuspóirí AE a chur chun cinn (is iad sin na cinn lena gcuirtear an tsíocháin, luachanna AE agus folláine a shaoránach chun cinn);
-
freastal ar leasanna AE, an phobail i gcoitinne agus thíortha AE;
-
comhsheasmhacht, éifeachtacht agus leanúnachas bheartais agus ghníomhaíochtaí AE a chinntiú.
-
Is iad na hinstitiúidí:
-
Oibríonn gach institiúid laistigh de chumhachtaí, nósanna imeachta agus cuspóirí a conartha féin agus ní mór dóibh comhoibriú leis na hinstitiúidí eile.
-
Comhoibríonn an Pharlaimint, an Chomhairle agus an Coimisiún go dlúth eatarthu féin agus, faoi Airteagal 295 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), féadfaidh siad comhaontuithe idir-institiúideacha a chur i gcrích. Is iad samplaí de chomhaontuithe den sórt sin:
-
D’fhéadfadh an dóigh a n-oibríonn institiúidí AE le chéile a chinneadh le hairteagail chonartha eile amhail iad seo a leanas:
-
Airteagal 284 de CFAE, lena rialaítear an caidreamh idir an Chomhairle agus BCE. Faoin airteagal seo, ní mór cuireadh a thabhairt d’uachtarán BCE chun páirt a ghlacadh i gcruinnithe na Comhairle nuair a bhíonn cuspóirí agus cúraimí an bhainc ar an gclár oibre. Ní mór tuarascáil bhliantúil BCE a chur faoi bhráid na Parlaiminte, na Comhairle agus an Choimisiúin, agus faoi bhráid na Comhairle Eorpaí chomh maith.
-
Airteagal 134 de CFAE, faoina n-oibríonn na tíortha AE, an Coimisiún agus BCE le chéile i gcomhthéacs an Choiste Eacnamaíoch agus Airgeadais.
-
Mar sin féin, déantar an dóigh a n-oibríonn agus a n-idirghníomhaíonn na hinstitiúidí le chéile a chinneadh chomh maith le:
-
cleachtais atá tagtha chun cinn thar na blianta;
-
rialacha nós imeachta faoi seach na n-institiúidí; agus
-
de réir cáis, mar atá sé i gcás comhaontaithe idir BCE agus Parlaimint na hEorpa maidir le cuntasacht agus trédhearcacht i dtaca le maoirseacht baincéireachta na hEorpa. Rinneadh conclúid an chomhaontaithe seo a scríobh isteach go sonrach in Airteagal 20(8) de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 maidir le cúraimí BCE i dtaca le maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa.
PRÍOMHDHOICIMÉAD
Airteagal 13 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (OI C 202, 7.6.2016, lgh. 22)
DOICIMÉID GHAOLMHARA
Airteagal 295 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (IO C 202, 7.6.2016, lch. 175)
Airteagal 134 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (IO C 202, 7.6.2016, lgh. 105-106)
Nuashonraithe 08.08.2016