Limistéar Schengen a neartú

Is iad cuspóirí na straitéise Eorpaí chun limistéar Schengen a neartú ná feabhas a chur ar fheidhmiú comhrialacha agus cur chuige níos fearr a ghlacadh chun déileáil le bagairtí eisceachtúla ar theorainneacha seachtracha.

ACHT

Cumarsáid ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún den 16 Meán Fómhair 2011, dar teideal Rialachas Schengen - an limistéar a neartú gan rialú teorann inmheánaí [COM(2011) 561 final - Gan fhoilsiú san Iris Oifigiúil].

ACHOIMRE

Mar thoradh ar réabhlóidí Earrach na nArabach, mar a ghairtear orthu, sa bhliain 2011, tá méadú suntasach tagtha ar shruth na n imirceach a thagann isteach i mBallstáit an Aontais Eorpaigh (AE). Is léir, de bharr na n eachtraí seo, gur gá feidhmiú comhrialacha limistéar Schengen a neartú agus rialáil a dhéanamh maidir le rialú teorainneacha inmheánacha a athbhunú in imthosca eisceachtúla, go háirithe nuair a chuirtear feidhmiú iomlán limistéar Schengen i mbaol.

In 2011 d’fhoilsigh an Coimisiún cumarsáid agus dhá thogra reachtacha chun tabhairt faoin rud seo. Glacadh leis an gceann deireanach i mí Dheireadh Fómhair 2013 faoi dheireadh.

Meastóireacht níos fearr a dhéanamh ar fheidhmiú rialacha limistéar Schengen

Tá saorghluaiseacht saoránach laistigh de limistéar Schengen ag brath ar mhuinín a bheith ag na tíortha sa limistéar as a chéile a chuireann ar a gcumas a bheith ullamh agus ábalta na comhrialacha ar fad a chur i bhfeidhm maidir le rialú teorainneacha seachtracha, víosaí, póilíní agus comhar breithiúnach, maidir le bearta a bhaineann le Córas Faisnéise Schengen srl. (Acquis Schengen).

Chun é sin a bhaint amach tá sé riachtanach, i dtús báire, an sásra meastóireachta a neartú atá ceaptha chun cur i bhfeidhm acquis Schengen i mBallstáit AE a rialú. Agus sin déanta ní mór a chinntiú go bhfuil faireachán agus rialú cuí á dhéanamh i dtaobh na moltaí atá leagtha amach sna tuarascálacha meastóireachta, go háirithe má aithnítear teip nó laige. Tá de chúram ar an gCoimisiún an obair rialaithe agus an obair fhaireacháin seo a dhéanamh.

Tugadh an córas a ghabhann leis seo isteach le Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013 um shásra meastóireachta agus faireacháin a bhunú. Tá mar chomhchúram ar Bhallstáit AE agus ar an gCoimisiún an sásra a chur i bhfeidhm cé go bhfuil ról comhordúcháin ag an gCoimisiún.

Rialú ar theorainneacha inmheánacha a thabhairt isteach arís go sealadach

De réir Cód Teorainneacha Schengen tá foráil déanta don rogha seo cheana go bhféadfaidh gach Ballstát den AE rialuithe a athbhunú go sealadach ar a teorainneacha inmheánacha i gcás bagartha tromchúisí ar an ord poiblí agus ar shlándáil inmheánach (m.sh. bagairtí sceimhlitheoireachta nó bagairtí a bhfuil nasc le coireacht eagraithe acu).

Le Rialachán (AE) Uimh. 1051/2013 síntear an rogha seo chuig cásanna ina bhfuil laigí tromchúiseacha maidir le rialú teorainneacha seachtracha agus atá aitheanta i gcreatlach Rialacháin (AE) Uimh. 1053/2013. Sa chás seo is faoin gCoimisiún agus faoin gComhairle atá sé na rialuithe a athbhunú, áfach:

ACHTANNA GAOLMHARA

Rialachán na Comhairle (AE) Uimh. 1053/2013 den 7 Deireadh Fómhair 2013, lena mbunaítear sásra meastóireachta agus faireacháin chun cur i bhfeidhm acquis Schengen a fhíorú agus lena n-aisghairtear an Cinneadh ón gCoiste Feidhmiúcháin an 16 Meán Fómhair 1998 lena mbunaítear Buanchoiste um measúnú agus cur chun feidhme Schengen(Iris Oifigiúil L 295, 6 Samhain 2013).

Rialachán (AE) Uimh. 1051/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2013 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh.562/2006 d’fhonn foráil a dhéanamh maidir le comhrialacha i ndáil le rialú teorann a athbhunú go sealadach ag teorainneacha inmheánacha i gcúinsí eisceachtúla (Iris Oifigiúil L 295, 6 Samhain 2013).

Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle: an cúigiú tuarascáil leathbhliantúil ar fheidhmiú limistéar Schengen 1 Samhain 2013 - 30 Aibreán 2014 ( COM(2014) 292 final - Gan fhoilsiú san Iris Oifigiúil).

Mar thoradh ar an gcumarsáid den 16 Meán Fómhair 2011 cuireann an Coimisiún tuarascálacha démhíosúla isteach chuig Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle maidir le feidhmiú limistéar Schengen. Sa tuarascáil is deireanaí dá chuid tugann sé le tuiscint go háirithe go bhfuil na hullmhúcháin chun an sásra nua faireacháin a chur i ngníomh faoi shiúl agus go bhfuiltear ag súil le tús a chur leis na meastóireachtaí faoin sásra nua ó mhí Eanáir 2015 ar aghaidh.

Nuashonrú is déanaí: 28.05.2014