Ceart rochtana ar dhlíodóir (togra)

Féachann an Togra Treorach seo chuig ceart dlíodóra agus an ceart a ngabháil a chur in iúl dá gcairde gaoil (agus don údarás consalachta má tá siad thar lear) a ráthú do dhaoine atá faoi amhras ciona nó faoi chúiseamh in imeachtaí coiriúla ar fud an Aontais Eorpaigh (AE).

TOGRA

Proposal for a Directive of the European Parliament and of the Council on the right of access to a lawyer in criminal proceedings and on the right to communicate upon arrest [COM(2011) 326 final — Not published in the Official Journal] (Togra Treorach ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a bhaineann leis an gceart rochtana ar dhlíodóir in imeachtaí coiriúla agus leis an gceart cumarsáide i ndiaidh na gabhála [COM(2011) 326 críochnaitheach — Neamhfhoilsithe san Iris Oifigiúil])

ACHOIMRE

Tá ceart na cosanta agus an ceart chun trialach cothroime, a bhfuil an ceart rochtana ar dhlíodóir ina pháirt de, cumhdaithe sa Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (AE) agus sa Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine (EN) (FR).

D’fhonn an ceart seo a ráthú do gach uile dhuine atá faoi amhras ciona nó faoi chúiseamh in imeachtaí coiriúla i limistéar an AE, cuireann an Coimisiún togra i láthair a fhorálann na caighdeáin íosta d’iomlán na mBallstát.

Prionsabal

I rith imeachtaí coiriúla, caithfidh an ceart rochtana ar dhlíodóir a bheith ráthaithe do na daoine seo a leanas:

Má ghabhtar iad i rith na n-imeachtaí, caithfidh ceart cumarsáide le duine ar a laghad ar a mian féin, amhail gaol nó fostóir, a bheith ag na daoine seo mar an gcéanna. Caithfidh na náisiúnaigh coigríche a bheith in ann caint a chur ar a n-ambasáid nó ar a gconsalacht.

Tagann na cearta seo i bhfeidhm ó insítear le duine go bhfuil sé faoi amhras nó faoi chúiseamh as cion coiriúil a dhéanamh, agus maireann siad go deireadh na n-imeachtaí. Tá na cearta seo ag na daoine a bhfuil barántas gabhála Eorpach orthu ó ghabhtar iad.

Cur i bhfeidhm

Caithfidh rochtain ar dhlíodóir a bheith ag gach duine atá faoi amhras nó faoi chúiseamh in imeachtaí coiriúla chomh luath agus is féidir agus ar chaoi ar bith sna cásanna seo a leanas:

Caithfidh seirbhísí dlíodóra a bheith ar fáil do dhuine a bhfuil baránta gabhála Eorpach air sa Bhallstát mar ar gabhadh é agus ann siúd a d’eisigh an barántas chomh maith. An dlíodóir atá ann sa tír a d’eisigh an barántas, ní rachaidh sé i mbun chúlra an cháis, ach rachaidh sé i gcomhar le dlíodóir eile ar mhodh is go bhféadfaidh an duine faoi fhiosrúchán leas a bhaint as a chuid ceart.

Tá an ceart ag duine faoi amhras nó faoi chúiseamh cruinniú a bheith aige lena dhlíodóir. Caithfidh na cruinnithe seo a bheith fada go leor agus minic go leor chun leas éifeachtach a bhaint as cearta na cosanta.

Caithfear an dlíodóir a údarú a bheith ann le linn gach ceastóireachta agus gach éisteachta, agus le linn gach céim den fhiosrúchán nó den bhailiúchán fianaise mar a n-éilíonn nó a n-údaraíonn an reachtaíocht náisiúnta láithreacht an duine faoi amhras nó faoi chúiseamh. Caithfidh cead a bheith aige dul chuig an áit choinneála fosta d’fhonn tosca na príosúnachta a sheiceáil.

Tá gach uile chumarsáid, is cuma cén fhoirm atá uirthi, idir dlíodóir agus a chliant faoi rún.

sháraítear an ceart rochtana ar dhlíodóir, caithfidh deis achomhairc a bheith ag an duine faoi amhras nó faoi chúiseamh, a mbeadh mar thoradh aige é a chur sa staid mar a mbeadh sé mura tharlódh an sárú. Ráiteas nó fianaise ar bith a fhaightear trí mheán an ceart rochtana ar dhlíodóir a shárú, ní féidir iad a úsáid ina éadan.

Eisceachtaí

Sna cásanna eisceachtúla, agus má údaraíonn údarás breithiúnach é, is féidir an ceart rochtana ar dhlíodóir nó an ceart cumarsáide le duine treasach agus leis an ambasáid nó leis an gconsalacht a chur ar fionraí. Caithfidh údar a bheith ag an maolú seo, mar atá an riachtanas le cosc a chur ar iarracht marú nó mórdhíobháil choirp a dhéanamh ar dhuine. Ar chaoi ar bith, ní chóir an maolú seo a bhunú ar throime an chiona a chuirtear i leith an duine amháin. Caithfidh sé a bheith comhréireach leis an gcás, a bheith chomh gairid agus is féidir agus gan cur isteach ar chothroime na n-imeachtaí.

Tig le duine faoi amhras nó faoi chúiseamh, áfach, cabhair dlíodóra a dhiúltú. Caithfidh an diúltú seo a bheith déanta de dheoin an duine féin agus gan aon éideimhne. Caithfidh gur insíodh leis iarmhairtí an chinnidh seo agus caithfidh sé a bheith in ann iad a thuiscint.

Comhthéacs

Tá neartú na gceart nós imeachta do dhaoine faoi amhras nó faoi chúiseamh in imeachtaí coiriúla ar cheann de chuspóirí Chlár Stócólm. Tá an Togra seo ina pháirt de ghrúpa beart a bhfuil ina measc Treoir faoin gceart chun teangaireachta agus chun aistriúcháin agus Treoir eile, atá faoi chaibidil go fóill, faoin gceart chun faisnéise.

Ní thagann an Togra i bhfeidhm go dtí go scrúdaíonn Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle é agus go nglacann siad leis. D’fhéadfadh téacs críochnaitheach na Treorach a bheith difriúil le téacs Thogra an Choimisiúin.

Tagairtí

Togra

Iris Oifigiúil

Nós imeachta

COM(2011) 326

2011/154/COD

ACHTANNA GAOLMHARA

Resolution of the Council of 30 November 2009 on a Roadmap for strengthening procedural rights of suspected or accused persons in criminal proceedings [OJ C 295 of 4.12.2009, p. 1] (Rún ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir leis an bplean oibre chun cearta nós imeachta a neartú do dhaoine faoi amhras nó faoi chúiseamh in imeachtaí coiriúla [IO C 295, 4.12.2009, lch. 1])

Nuashonrú is déanaí: 13.10.2011