Cosc agus comhrac in éadan na gáinneála ar dhaoine

 

ACHOIMRE AR:

Treoir 2011/36/AE maidir le gáinneáil ar dhaoine a chosc agus a chomhrac agus íospartaigh a chosaint

CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

Leagtar síos léi rialacha comhchoiteanna íosta chun cionta gáinneála ar dhaoine a chinneadh agus chun pionós a chur ar chiontóirí. Déantar sé foráil léi freisin i leith beart chun an feiniméan seo a chosc ar bhealach níos éifeachtaí agus chun cosaint níos fearr a thabhairt d’íospartaigh.

PRÍOMHPHOINTÍ

Sainmhínithe

Smachtbhannaí: socraítear sa treoir an t-uasphionós le haghaidh na gcionta sin ag téarma príosúnachta 5 bliana ar a laghad, nó 10 mbliana ar a laghad i gcás imthosca géaraitheacha amhail na himthosca seo a leanas, má rinneadh an cion ar íospartaigh leochaileacha go háirithe (amhail leanaí) nó más eagraíocht choiriúla a rinne an cion.

Ionchúisimh: Is féidir le Ballstáit AE a náisiúnaigh a ionchúiseamh as cionta a dhéantar i mBallstát AE eile agus is féidir leo leas a bhaint as uirlisí fiosrúcháin amhail an chúléisteacht (mar shampla i gcás comhráite teileafóin nó ríomhphoist).

Tacaíocht d’íospartaigh: faigheann íospartaigh cúnamh roimh, le linn agus tar éis imeachtaí coiriúla ionas gur féidir leo na cearta a thugtar dóibh faoi stádas íospartach in imeachtaí coiriúla a chur chun feidhme. Féadfaidh an cúnamh seo a bheith i bhfoirm dídine, nó i gcúnamh leighis agus síceolaíochta agus seirbhísí faisnéise agus teangaireachta a chur ar fáil.

Soláthraítear bearta breise do leanaí agus do dhéagóirí: (faoi bhun 18 mbliana d’aois) amhail tacaíocht fhisiciúil agus síceasóisialta, rochtain ar an oideachas agus, más infheidhme, an fhéidearthacht caomhnóir nó ionadaí a cheapadh. Ní mór do dhaoine gairmiúla oilte agallamh a chur orthu láithreach agus é sin a dhéanamh in áitreabh oiriúnach. Tá an ceart ag íospartaigh cosaint phóilíní agus cúnamh dlíthiúil a fháil ionas go mbeidh siad ábalta cúiteamh a éileamh.

Cosc: Ní mór do na Ballstáit bearta a dhéanamh d’fhonn:

Ainmníodh Comhordaitheoir Frithgháinneála AE chun cur chuige comhtháite comhordaithe a chinntiú chun dul i ngleic leis an bhfeiniméan seo.

Chun cabhrú le húdaráis náisiúnta mí-úsáid ar an gceart maidir le saorghluaiseachta a rialú, d’fhoilsigh an Coimisiún lámhleabhar maidir le pósadh bréagach idir saoránaigh AE agus náisiúnaigh neamh-AE. D’fhéadfadh go mbeadh gnéithe de gháinneáil daoine i gceist i roinnt póstaí éigeantais, mar shampla.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

Tá an treoir i bhfeidhm ón 15 Aibreán 2011. B’éigean dlí a dhéanamh di i dtíortha AE faoin 6 Aibreán 2013.

CÚLRA

Toirmisctear an gháinneáil ar dhaoine go sainráite faoin gCairt um Chearta Bunúsacha AE (Airteagal 5), agus chuir AE creat uilechuimsitheach dlíthiúil agus beartais ar bun chun dul i ngleic leis an bhfeiniméan sin, go háirithe tríd an treoir seo (2011/36/AE) agus tríd an Straitéis AE um gháinneáil ar dhaoine a dhíothú 2012-2016.

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Treoir 2011/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2011 maidir le gáinneáil ar dhaoine a chosc agus a chomhrac agus maidir leis na híospartaigh a chosaint, agus lena leasaítear Creatchinneadh 2002/629/CGB ón gComhairle (IO L 101, 15.4.2011, lgh. 1–11)

Nuashonraithe 25.07.2018