An Comhaontú Eorpach um Inimirce agus um Thearmann

Ceapadh an comhaontú seo mar bhunús do bheartais an Aontais Eorpaigh (AE) um inimirce agus um thearmann, ar mhaithe le freagracht fhrithpháirteach agus le dlúthpháirtíocht idir na Ballstáit agus le comhpháirtíocht athnuaite le tíortha nach tíortha d’AE iad.

ACHT

An Comhaontú Eorpach um Imirce agus um Thearmann an 24 Meán Fómhair 2008 (Gan a bheith foilsithe san Iris Oifigiúil).

ACHOIMRE

Le blianta fada anuas, d’oibrigh tíortha na hEorpa as lámha a chéile chun a mbeartais inimirce agus tearmainn a chomhchuibhiú. Rinneadh dul chun cinn tábhachtach cheana féin maidir le ceisteanna éagsúla, faoi chlár Tampere, faoi cháir na Háige agus go háirithe faoi Chlár Stócólm.

Iarrtar i gcoitinne leis an chlár:

PRÍOMHÉACHTAÍ

Tearmann

Rinneadh dul chun cinn tábhachtach ó 2008 ar aghaidh maidir le hinimirce, le tearmann agus le bainistiú teorainneacha. Ba phríomhghníomh é, maidir leis seo, nuair a glacadh leis an Chomhchóras Tearmainn Eorpach (CEAS), córas ina leagtar amach caighdeáin chomhchoiteanna agus comhar níos láidre chun a áirithiú go gcaitear go comhionann le hiarrthóirí tearmainn agus go ndéantar é seo i gcóras oscailte cóir ar fud an Aontais Eorpaigh.

Cuireadh athruithe tábhachtacha i bhfeidhm chomh maith maidir le bainistiú teorainneacha, go háirithe maidir le rialachas an chórais Schengen a neartú, le córas Eorpach um fhaireachas ar Teorainneacha (Eurosur a chur ar bun chun cosc a chur ar choireacht thrasteorann, agus le tascanna agus acmhainní nua a chur ar fáil don Ghníomhaireacht Frontex.

Rinneadh dul chun cinn chomh maith maidir le beartas aisdúichithe trí dhea-chleachtais na mBallstát agus trí chomhar oibríochtúil ar fud an AE a úsáid chun dúshaothrú na n-imirceach a chomhrac.

idirphlé ar siúl maidir le comhpháirtíocht le tríú tíortha, go háirithe i gcomhthéacs Cuir Chuige Dhomhanda maidir leis an Imirce agus maidir le comhaontuithe déthaobhacha a chur i gcrích le tíortha na Meánmhara Theas agus Chomhpháirtíocht an Oirthir. An aidhm anseo ná dul i ngleic le príomhchúiseanna na himirce folaithí agus éigeantais.

Imirce dhlíthiúil

Glacadh le hachtanna éagsúla dlíthiúla tábhachtacha maidir le himirce dlíthiúil, achtanna amhail an Treoir um Chead Aoniarratais a chuireann ar chumas náisiúnaigh nach náisiúnaigh d’AE iad cónaí in AE agus obair a dhéanamh ann, agus an t-aon chead amháin acu, agus Treoir an AE um an Cárta Gorm lena n-áirithítear a soghluaisteacht. Glacadh le dlíthe eile chun iontráil na ngrúpaí seo a leanas a éascú: mac léinn agus taighdeoirí neamh-AE agus oibrithe séasúracha, bainisteoirí nó speisialtóirí neamh-AE i gcás aistrithe ionchorparáidigh, nó oibrithe neamh-AE ar phostú agus an Treoir um Sheirbhísí á cur i gcrích.

Tá dlí á chur i bhfeidhm chomh maith i láthair na huaire ag Ballstáit uile AE, dlí ina ndéantar foráil do smachtbhannaí i gcoinne fostóirí a fhostaíonn oibrithe neamhdhlíthiúla.

NA CHÉAD CHÉIMEANNA EILE

Ní mór beart cinntitheach a dhéanamh anois chun saolta na n-imirceach a chosaint a dhéanann iarracht tíortha na hEorpa a shroicheadh. Ní mór iarracht bhreise a dhéanamh anois chomh maith chun an choireacht eagraithe a chomhrac agus chun lánpháirtiú a spreagadh.

Maoineofar gníomhartha chuige sin, don tréimhse 2014-20, trí bhíthin dhá chiste nua:

ACHTANNA GAOLMHARA

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle - An 5ú Tuarascáil Bhliantúil maidir le hImirce agus le Tearmann (2013) (COM(2014) 288 final - gan a bheith foilsithe san Iris Oifigiúil).

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle - An 4ú Tuarascáil Bhliantúil maidir le hImirce agus le Tearmann (2012) (COM(2013) 422 final - gan a bheith foilsithe san Iris Oifigiúil).

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle - An 3ú Tuarascáil Bhliantúil maidir le hImirce agus le Tearmann (2011) (COM(2012)250 final) - gan a bheith foilsithe san Iris Oifigiúil).

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle - An 2ú Tuarascáil Bhliantúil maidir le hImirce agus le Tearmann (2010) (COM(2011)0291 final) - gan a bheith foilsithe san Iris Oifigiúil).

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle - An Chéad Tuarascáil Bhliantúil maidir le hImirce agus le Tearmann (2009) (COM(2010) 214 final - gan a bheith foilsithe san Iris Oifigiúil).

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle: Modh rianaithe chun faireachán a dhéanamh ar an gComhaontú Eorpach um Imirce agus um Thearmann a chur i bhfeidhm (COM(2009) 266 final - gan a bheith foilsithe san Iris Oifigiúil).

Nuashonrú is déanaí: 11.09.2014